In ainneoin thuar aimsire na seachtaine tá lucht freastal na féile in ardghiúmar agus iad faoi réir tabhairt faoi chúpla lán ceoil agus craice cuma cén rabhadh gaoithe atá ann. Ó oscailt na geataí tráthnóna Déardaoin tá draíocht agus siamsaíocht geallta i bpáirceanna agus coillte áille an tSráidbhaile.
Le cúpla bliain anuas tá geataí na láithreacha campála théis oscailt Déardaoin le gur féidir leis na campálaithe is díograisí a bpubaill a chur in airde agus iad féin a shocrú isteach roimh fhíorthús na féile. Faoi scáth na gcrann Déardaoin bíonn béim ar leith ar cheol na mban ar ardáin na Collchoille agus Salty Dog, i mbliana á sholáthar ag leithéidí The Kates agus Róisín Kelly.

Seachas leithéidí Hozier, Chappell Roan agus Kings of Leon, a bheidh ar an bpríomhardán i gcaitheamh na féile, beidh cuid de na seiteanna is speisialta ar ardáin bheaga breactha timpeall an láthair. Na rudaí is aistí agus is iontaisí is fearr i gcónaí ag féile cheoil, mar sin bí ag súil le rud speisialta ó Noel agus Mike Hogan (The Cranberries) a bheidh ag casadh lena chéile den chéad uair ó cailleadh Dolores O’Riordan agus iad in éindí le Ceolfhoireann RTÉ agus aoi speisialta, nó a mhalairt de sheó ar fad a bheidh le fáil ó Horsegiirl a bhíonn i mbun dioscmharcaíochta agus cloigeann capaill á chaitheamh aici. Cúpla moladh eile a bheadh agam ná pop leictreonach Confidence Man, meascáin mhire ó Marc Rebillet nó rac nua Black Country, New Road.
Tugtar ardán ar leith do cheoltóirí na hÉireann ag an bhféile ar ndóigh. Liosta le háireamh a bheidh á gcur chun ardáin - liosta a léiríonn éagsúlacht aisteach iontach cheol na tíre seo i láthair na huaire seo: ó cheol damhsa Biig Piig go focal labhartha For Those I Love, agus folk anamúil David Keenan ar ardán CROÍ go pop dea-ghléasta leictreonach Lord Huron. Seó amháin a bheidh speisialta agus mothúchánach gan amhras ná seit Tebi Rex a bhfuil albam nua - a n-albam deireanach - seolta acu le seachtain anuas. Seo mar sin, a seit deireanach ag Electric Picnic don am i láthair agus is cinnte go ndéanfaidh siad rud éicint ar leith leis an lá a cheiliúradh. Casfaidh siad ar ardán Salty Dog oíche Aoine ag 02:15.
I mbliana tá míle duine cláraithe le fanacht sa láthair Ghaeltachta ina mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha an spáis…
Tá láithreacht na nGael ag dul i dtreise chuile bhliain idir an Puball Gaeilge, fás na Collchoille agus forbairt láthair champála na Gaeltachta. I mbliana tá míle duine (!) cláraithe le fanacht sa láthair Ghaeltachta ina mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha an spáis - fás suntasach ar an 160 a d’fhan sa láthair anuraidh. Le freastal ar an bhforbairt shuntasach seo tá puball pobail istigh sa láthair, áit a mbeidh ranganna ióga, seisiúin eolais, agus ciorcail amhránaíochta agus scéalaíochta á reáchtáil thar an deireadh seachtaine. Is gá banda ar leith a bheith agat le freastal ar na himeachtaí seo agus le fanacht ar an láthair a díoladh amach ar Ticketmaster.

Más ag iarraidh do ghéaga a théamh (nó do bhróga a thriomú is dócha) a bheidh tú, is i lár na Collchoille atá ceann den dá thine chnámh ar láthair na féile. Is faoi scáth na gcrann ar imeall láthair na féile a bhíonn An Chollchoill, ceantar ar leith atá tiomnaithe do cheol na nGael agus don cheol traidisiúnta. Ar thitim na hoíche - ó 19:00 chuile lá - tugtar cuireadh do lucht freastail na Picnice geábh a thabhairt ar an gCollchoill. Faoi choim na hoíche cuirfear scothcheol de chuile sheánra chun ardáin - ó cheol traidisiúnta le Éire agus Chulainn go ‘bog-rock’ Dysania, agus ó hip-hop IMLÉ go iar-rac Earthmover. I measc na gceoltóirí a bheidh ag casadh i gcaitheamh an deireadh seachtaine beidh John Spillane, Bláithín Mhic Chana agus Piarais Ó Lorcáin, Lisa Murrary, Jessie and the Veil, Lost West, Earthmover, Little Kings, IMLÉ, Dysania, Éire agus Chulainn, agus DJ Ferdilicious.
Bí cinnte buaileadh isteach orainn féin sa Phuball Gaeilge ag 13:00 Dé Sathairn le podchraoladh beo Scéal a chloisteáil ina mbeidh Una Mullally agus Catherine Connolly, Alan Titley, Eoghan Ó Ceannabháin, Emma Ferrari, John Prendergast, agus Róisín El Cherif ag trácht ar cheisteanna polaitíochta, ealaíon agus eile.
An rud is suntasaí faoin bPicnic Leictreach áfach ná an stádas atá aici mar mhórócáid dheireanach an tsamhraidh. Féile dheireanach na laethanta fada gréine roimh fhilleadh an fhómhair agus na gaoithe (bíodh is gur fhill sí luath dúinn i mbliana). Cuireann sé seo le draíocht na féile áfach. Geall le deoch an dorais nó mórcheiliúradh amháin eile le seachtainí geala na bliana a chomóradh. Chuige sin, bígí mór lena chéile, glacaigí lámha do chairde, tugaigí aire dá chéile, labhraígí le strainséirí, bainigí sult as an rógaireacht amuigh faoin aer agus as an ragaireacht faoi sholas na gealaí. Go raibh Picnic shona agaibh ar fad!