Ceann de sheoda na hÉireann is ea litríocht na Gaeilge.
Abraimis arís é.
Ceann de sheoda na hÉireann is ea litríocht na Gaeilge.
Nuair a bhímid ag maíomh mar thír cad tá bainte amach againn, agus tá go leor, luaitear go minic an litríocht dúchais gan bhearna is fadmharthanaí san Eoraip (seachas an Ghréigis), agus ansin cuirimid uainn í sa phóca cúil.
Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893, fara mar aidhm an Ghaeilge a leathnú mar theanga labhartha, bhí leis, go gcothófaí nualitríocht a bhféadfaí a bheith mórálach aisti.
Pé teip agus teipeanna a bhain is a bhaineann leis an ngluaiseacht athbheochana machnaimh agus teanga ón uair sin i leith, is féidir a rá gur éirigh thar barr leis an gcuspóir go mbunófaí agus go leathnófaí litríocht nua-aimseartha Ghaeilge mar shíneadh ar gach ar ghabh romhainn.
Sa saol atá inniu ann tá eolas agus faisnéis agus bladar agus bulshaight ag teacht chugainn ó thaobh na dtaobhanna ina slaoda gan stad. Is deacair breith ar urla amháin de go minic d’fhonn a chiallú sa sluaistriú mór gan teorainn.
Ceann de na buascéalta atá againn ná litríocht na Gaeilge. Ná déantar leithscéalta fúithi. Ná cuirtear i leataoibh na slí í inár gcúrsaí foghlama agus léinn mar mhalairt ar cibé plobareolaíocht atá sa bhfaisean.
Ná ligtear do ghorta caola an eolais atá anois i réim bunbhia agus bunscamhard an duine, is é sin, scéalta agus filíocht agus iontas agus samhlaíocht agus plé, a dhíbirt chun na n-imeall ar son an earra thirim, an chrústa chrua, na cinnteachta mar dhea nach cinnteacht in aon chor í ach aithris mhagaidh air. Seoid de sheoda na hÉireann í litríocht na Gaeilge.
Ná géilltear giob do dhuine ar bith atá ag iarraidh seo a cheilt. Is i litríocht na Gaeilge a thuigtear Éire bun barr, ó sháil go rinn, ina suarachas is ina lándaonnacht, ina haoibhneas agus ina gránnacht ach ní ina paddywackachas ná ina seamrógachas leipreachánach.

Tá iarracht leanúnach á déanamh le tamall de bhlianta ar phlúchadh a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge sa dioscúrsa poiblí. Bhí tráth ann nuair a dhéantaí léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge sna meáin mhóra, léirmheasanna idir Bhéarla is Ghaeilge. Ní ann dóibh sin níos mó. Bhí tráth ann go dtugtaí ‘Anglo-Irish literature’ ar litríocht Bhéarla na hÉireann, ach de dhealramh, is ‘Irish literature’ anois í.
Nuair a scríobh Dónal Ó Corcora a leabhar ‘Synge and Anglo-Irish Literature’ bhí a fhios againn cad a bhí i gceist aige: litríocht in Éirinn a bhí scríte as Béarla. Agus is fiú cuimhneamh go bhfuair Ó Corcora bás trí scór bliain ó shin i mbliana.
Is fíor gur míchompordach an teideal é ‘Angla-Éireannach’ toisc blas an tí mhóir a bheith air, agus níl aon leisce orainn ‘litríocht na hÉireann’ a ghairm do rud ar bith a scríobhadh in Éirinn, fad is nach scuabtar litríocht na Gaeilge isteach sa bhanc dramhaíola.
Agus sin é atá ag tarlú. Baineadh geit asam suim blianta ó shin nuair a chonac imleabhar mór a raibh an teideal breá taibhseach air, Irish Literature: The Eighteenth Century: an annotated anthology le A. Norman Jeffares agus Peter Van de Camp.
Bhíos ag coinne le haistí is le trácht úrnua ar Eoghan Rua Ó Súilleabháin is ar Pheadar Ó Doirnín is ar Eoghan an Mhéirín, ach cad a fuaireas romham ach sceach sa bhearnain.
Litríocht na hÉireann as Béarla a bhí i gceist agus gan aon trácht beag ná mór ná mion ar ghuth na ndaoine is ar chabaireacht a n-anama.
San eagrán is déanaí den ghaoischnuasach úd, mar a déarfá, arb é Encyclopaedia Britannica é, is ionann ‘Irish literature’ agus litríocht Bhéarla na tíre, agus más mian leat aon eolas a fháil um litríocht na Gaeilge caithfear triall ar roinn a bhfuil ‘Celtic literature’ air.
Ní shílim gur dhóigh le haon duine a bhreac dán nó rann nó scéilín féin sa Ghaeilge gur ag cur le ‘Celtic literature’ a bhí sé. Troid é seo a chaithfear a chur go síoraí, faraor.
Faoi bhun greim scrogaill a bhreith ar eagarthóirí litríochta agus ar léiritheoirí clár raidió is iad a thabhairt i leataoibh na slí go deas oíche dhorcha, ní léir dom go dtiocfaidh aon athrú mór air seo.
Idir an dá linn, caithfimid breith ar ár ngreamanna féin agus cúbadh chugainn féin.
I mbearna na gaoithe atáimid agus séideáin bhruithne ag gabháil steallaidh orainn dár n-ainneoin. Ceann de sheoda na hÉireann is ea litríocht na Gaeilge agus nualitríocht na Gaeilge chomh maith céanna.

Beidh go leor de na seoda sin léite ag daoine, uaireanta fadó, uaireanta le déanaí. Tá siad san fhuil in áit éigin. Sa saol atá inniu ann tá eolas agus faisnéis agus bladar agus bulshaight ag teacht chugainn ó thaobh na dtaobhanna ina slaoda gan stad. Is deacair breith ar urla amháin de go minic d’fhonn a chiallú sa sluaistriú mór gan teorainn.
Chuige sin ní miste seasamh siar ó am go chéile agus leabhar a léamar fadó a léamh arís. Ní hionann riamh an dara nó an tríú léamh agus an chéad cheann.
Tá sé i gceist agam sa cholún seo ar feadh tamaill athchuaird a thabhairt ar chuid de na leabhair Ghaeilge a raibh éileamh orthu tráth dá raibh ach go bhfuil an baol ann iad a bheith ligthe i ndíchuimhne ag daoine anois.
B’fhéidir go spreagfadh sé duine nó daoine an tseanchóip úd a bhaint anuas den tseilf agus a léamh arís, nó go deimhin, cóip úr a cheannach d’fhonn féachaint cad é an t-athrú atá tagtha ar an leabhar úd ó shin, nó níos tábhachtaí, cad é an t-athrú atá tagtha ort féinig