Tost an tSlua

Beidh bronntanais Nollag ag dhá chontae nach raibh riamh cheana acu

Go fiú is na daoine mí-ámharacha nach bhfuil suim dá laghad acu i gcúrsaí spóirt beidh tugtha faoi deara acu go bhfuil na cluichí ar ais. Níl comórtais Chraobh na hÉireann ach ar éigean tosnaithe agus cheana féin feicfimid a gcríoch is a ndeireadh i gceann cúpla seachtain. Beidh bronntanais Nollag ag dhá chontae nach raibh riamh cheana acu, agus beidh deora le tuilleadh ar nós an bhuachalla gur dhein Santa Claus dearmad air.

Dá fheabhas iad mar chluichí, agus míorúiltí ba ea cuid acu go dtí seo, tá poll mór amháin istigh ina lár. Is é poll é sin ná easpa lucht féachana agus an gleo a chuireann siad ar fáil dúinn. Réitigh lucht sacair é seo trí fhuaimrian bréige a ligean anuas ar chúl, ar nós na ngáirí maola a chuirtear le sobaldhráma grinn nó an bhualadh bos leictreonaigh ar chláir eile. Nílim á mholadh mar réiteach dár gcluichí féin, ach is diamhair iad na liúnna aonair is an ghlamairt uaigneach sa staid fholamh.

Is dóichíde anois go gcloisimid na himreoirí - ‘Gabh abhaile, a bhuachaill, tá an carabhán trí thine’ - níos gléiní ná gearrachaint agus maslaí cruthaitheacha na ndaoine, mar ní hann dóibh níos mó.

Pé duine a luaigh amach in ard a ghutha ‘Dá mb’as Maigh Eo do Lee Harvey Oswald bheadh JFK beo fós’, cé déarfadh nach raibh níos mó de smut an chirt aige? Agus d’airíos féin ag cluiche club glórachán amháin ag éamh faoi thosaí áirithe a bhí amú lena chuid speachaíola, ‘Ní bhuailfeadh sé balla mór na Síne dá mbeadh sé os a chomhair amach!’

READ MORE

Ní bheadh a fhios agat an mar shúgradh nó mar dháiríre, nó eatarthu, a bhéictear go minic. San uair annamh sin ina mbíonn Cill Dara i gcluiche d’aon tábhacht chualathas, ‘Cill Dara abú! Ar son Shergar!’ Agus nuair a bhuaigh Doire an t-aon chraobh uaigneach aonair sin le cuidiú an réiteora sa bhliain 1993 dúradh le seanbhlas ar an tslí amach, ‘Bhuel, bhuaigh sibh craobh amháin as a chéile.’

Is é an réiteoir an ceap milleáin is fusa a bhualadh, gan amhras, agus cé go bhfuil go leor acu dall agus fuíollach raipleachán agus lánÉireann de léirbhithiúnaigh ina measc dar leis an bhfoireann a chailleann, b’anghá ‘tá tú chomh cam sin go mbeidh orthu tú a scriúáil isteach sa chónra’ a chasadh le duine díobh - b’fhéidir.

Dúirt Ciarraíoch beannaithe liom uair amháin a raibh a chiall á cailliúint aige toisc nach raibh an corn á leanúint abhaile agus comórtas éigin eile fós a bheith caillte de dheasca easpa cúil agus báirí - ‘Cheapfá sa chontae seo ‘gainne ina bhfuil oiread san iascairí go mbeadh fhios ag duine acu cá bhfuil an líontán!’

Ba phort dá shamhail a bheadh á sheinneamh acu sa chás is go raibh slua i bPáirc Uí Chaoimh seachtain ón lá inné. Tá Ciarraí breis agus a dhá oiread níos dóichí Craobh na Mumhan sa pheil a bhuachan ná Corcaigh, cé go samhlófaí duit go bhfuil an bhearna níos leithne ná sin. Deirtear nach bhfuil ach dhá shlí ag Corcaigh iad a leagadh, (a) a bheith i bhfad i bhfad níos fearr, nó (b) cúl sleamhain a fháil leis an gcic dheiridh agus gan chaoi ar theacht aniar a bheith ann.

Tá sa bhéaloideas go raibh Corcaigh i bhfad chun cinn orthu bliain éigin fadó i gCill Áirne, agus de réir mar a bhí muintir an chontae ag caolú leo go maolchluasach leis an lámh in íochtar tamall roimh dheireadh an chluiche gur scairt buachaill báire ón Laoi amach: ‘Lock the gates and make them suffer!’

B’fhéidir go raibh an t-ádh leo nach i bPáirc Uí Chaoimh a bhí a lucht leanúna an tseachtain cheana, mar sin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar