Toise eile fós

Tá gné amháin den aighneas nár tugadh oiread sin airde air

Shílfeá go mbeadh an t-aighneas bréige a d’éirigh aníos ó charn aoiligh an phlé phoiblí mar gheall ar an Uachtarán gan a bheith ag freastal ar an searmanas eaglasta úd in Ard Mhacha, shílfeá go mbeadh sé dulta i ndísc faoi seo. Tá fuílligh litreacha agus eireabaill torbán de ghearáin fós ag snámh timpeall in ainneoin gur scéal thairis faoi seo é.

Tá gné amháin den aighneas nár tugadh oiread sin airde air, áfach. Dúradh arís is arís eile nach raibh ann ach searmanas eaglasta. Ach b’in croí na faidhbe, cnag na cúise, síol an úill nimhe.

Tá Éilís II na Banríochta Neamhaontaithe le bheith ann, ach as measc na gcéadta teideal atá aici, is é an ceann is mó a bhaineann le hábhar ná í a bheith ina Ceann ar an Eaglais Anglacánach. Fara sainchreidimh eile, tugadh cuireadh do Cheann na hEaglaise Caitlicí in Éirinn Eamon Martin, agus cuireadh eile do Cheann na hEaglaise Sasanaí.

Nár leor sin?

READ MORE

B’fhearr nach salófaí searmanas beannaithe naofa le polaiteoirí saolta. B’fhearr nach bhfreastalódh uachtarán stáit a bhfuil bunreacht tuata go daingean aige ar ócáid a bhaineann le creidimh éagsúla go príomha. Is tábhachtaí fós go bhfanfaí glanscartha ó aon imeacht ina bhfuil aitheantas á thabhairt d’eaglais bhunaithe oifigiúil stáit.

Ní eisceacht ar fad sinn sa mhéid is go bhfuil deighilt i bPoblacht na hÉireann idir an reiligiún agus an stát, ach táimid aonaránach go maith maidir le tíortha in iarthuaisceart na hEorpa a bhfuil leagan amach meánaoiseach seanaimseartha acu ar cheist seo an gaol idir creideamh agus polaitíocht.

Tá eaglaisí stáit ar fáil go flúirseach i dtíortha Moslamacha, ach is rómhinic dearmad á dhéanamh go bhfuil a leithéid coitianta níos gaire don bhaile, abraimis, ar a laghad sa Danmhairg, sa bhFionlainn, sa Phortaingéil agus gan amhras sa Bhanríocht Neamhaontaithe.

Is ionann reiligiún stáit agus go bhfuil aitheantas bunreachtúil faoi leith ag creideamh áirithe agus go leanann buntáistí airgid agus gradaim agus seilbhe agus eile dá réir. Ní raibh a leithéid againne ó dhíbhunú Eaglais na hÉireann sa bhliain 1869. Is minic anbhiosáin agus dí-eolaigh ag tabhairt ‘dialathas’ ar an stát nua Éireannach.

Is é nach dtuigeann siad nach ionann tionchar, anáil nó cumhacht eaglaise agus seasamh dlithiúil bunreachtúil. Formhór de mhuintir na Polainne ba Chaitlicigh agus is Caitlicigh iad. Faoin rialtas Cumannach déanadh cos ar bolg ar an eaglais sin. In ainneoin í a bheith faoi chois bhí tionchar mór ag an Eaglais Chaitliceach sna blianta dorcha sin, agus tá fós fág nach eaglais stáit í.

Is é a dhála sin ag stát na hÉireann é. Anáil mhór gan cheist (nó sin mar a bhíodh), seasamh dlithiúil faic.

Rith sé liom, agus buaileadh go daingean isteach im aigne ná an dlúthcheangal atá idir tíortha ar monarcachtaí iad agus tíortha Eorpacha a bhfuil eaglais stáit acu. Is dócha má tá leagan amach seanaimseartha agat i réimse amháin gur dócha go mbeidh ceann agat i réimse eile chomh maith.

San Iorua, mar shampla, ní foláir don rí nó den bhanríon a bheith ina bhall den eaglais bhunaithe, agus bhí sé nó sí ina Cheann ar an eaglais chéanna go dtí cúpla bliain ó shin. San Ísiltir, cé nach bhfuil ceangal ar an ríogacht creideamh amháin nó eile a bheith acu, chealaítí cearta an duine a phós Caitliceach anuas go dtí deireadh na haoise seo caite.

Mar sin, tá sé ceart agus cóir nach rachadh Uachtarán na hÉireann chun searmanais ina raibh Ceann na hEaglaise Bunaithe ó stát eile, sa cháilíocht sin, i láthair. Thabharfadh a leithéid beannú agus faomhadh tuata míbhunreachtúil d’imeacht reiligiúnda naofa, agus ba chéim síos don bhanríon Éilís II mar phearsa eaglaise a bheadh ann chomh maith.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar