‘Táimid tar éis céim chun tosaigh a bhreacadh’

Naoi mbliain ó shin a cuireadh tús leis an bplé ar an mBille seo

Foclóir: Aistear - journey; lagú breise - further weakening; earcaithe - recruits; sprioc - goal; leasuithe - amendments; freasúra - opposition; drochthuar - bad omen; allas na gcnámh - hard work; báire na fola - supreme test/battle; sás - contrivance.

‘Táimid tar éis céim chun tosaigh a bhreacadh”. Sin a dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ag deireadh na céime is déanaí in aistear fadálach na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Naoi mbliain ó shin a cuireadh tús leis an bplé ar an mBille seo. Tá aistear le déanamh fós aige tríd an Seanad ach gan lagú breise, is céim chun tosaigh a bheidh ann. Beidh sé ina thús ar cheartú an mhór chúlaithe ón nGaeilge atá ar bun ag an stát agus an státchóras le breis is seasca bliain anuas.

Agus, is mór an chéim ar aghaidh a bheadh ansin inti féin.

READ MORE

Faoin mbliain 2030 beidh 20 faoin gcéad d’earcaithe nua na státseirbhíse in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.

Don chéad uair le beagnach leathchéad bliain, beidh an Stát ag rá le daltaí scoile a bhfuil ardchumas acu sa Ghaeilge go mbeidh poist fhiúntacha ar fáil dóibh sa státchóras agus go mbeidh siad in ann an teanga a úsáid ina saol oibre. Méadú mór stádais a bheadh ansin don Ghaeilge, rud atá bunúsach maidir le todhchaí na teanga.

Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de sin - a fhad agus go gcomhlíontar an sprioc.

Beidh ar chomhlachtaí poiblí 20 faoin gcéad ar a laghad dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5 faoin gcéad dá bhfógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Beidh sé de cheart ag saoránaigh freagra a fháil i nGaeilge ar aon chumarsáid a dhéantar le comhlachtaí poiblí. Stádas breise don Ghaeilge é sin.

Ar chúiseanna éagsúla diúltaíodh do 265 leasú a mhol an freasúra. Is ar bhonn costais a dhícheadaigh Oifig na mBillí formhór na leasuithe sa Bhille.

Cé nár ceadaíodh ach leasuithe rialtais an babhta seo, maíodh gur cuireadh cuid mhór de mholtaí an fhreasúra san áireamh iontu sin.

Ach bhí ábhair leasuithe eile ann gur cinnte nár glacadh leo. Leasú 55, mar shampla, a mhol go gcaithfí go cothrom leis an Ghaeilge ar chomharthaí bóthair.

Diúltaíodh freisin do leasú a mhol go ndéanfaí taighde leanúnach sochtheangeolaíochta ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.

Mar chuid den chúlú ón nGaeilge, sa bhliain 2004 chuir an rialtas deireadh le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann, rud a chuir deireadh le stoc eolais agus cumas sochtheangeolaíochta an Stáit.

Is trua nach dtuigtear cé chomh bunúsach is atá an t-easnamh seo agus tá cás le déanamh i gcónaí maidir le hathbheochan na hinstitiúide sin.

Ach is dócha gurbh é an leasú ba mhó a ghoill ar na maindríní ná ceann a ghearrfadh pionós ar ranna rialtais nó ar chomhlachtaí poiblí a sháródh an dlí teanga. Dhiúltaigh an tAire Stáit Jack Chambers don leasú mar nach raibh sé éilithe ag an gCoimisinéir Teanga.

Cuntasacht phoiblí
"Cuntasacht phoiblí" a thugtar ar an téarma Béarla "public accountability". Éilítear cuntasacht phoiblí ar an státchóras faoi chuile ghnó. Ach, cén fáth nach n-éilítear í i ngnóthaí na Gaeilge?

An drochthuar é seo maidir le dáiríreacht na straitéise?

Dar ndóigh is faoin státchóras a bheidh sé an t-acht a fheidhmiú. Ach, facthas cheana céard a tharla gan cuntasacht phoiblí nuair a theip ar choincheap na bplean teanga a bhí le réiteach ag eagrais stáit.

Munar féidir leasú a dhéanamh roimh dheireadh an phróisis seo, tá gach seans ann go gcaithfear filleadh ar an gceist seo arís.

Cé go raibh frustrachas le brath uaireanta i measc comhaltaí Choiste Oireachtas Gaeilge, Gaeltacht agus Pobal Labhartha na Gaeilge a chuir allas na gcnámh sa phróiseas, glacadh leis gur láidriú suntasach í an Bille nua.

Dúirt cathaoirleach an choiste Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh: “In ainneoin nár aontaíomar faoi gach rud, tá an bille seo i bhfad Éireann níos fearr ná mar a bhí i 2013. Táimid tar éis céim chun tosaigh a bhreacadh. D’fhéadfadh sé a bheith níos fearr, sin é an fáth go bhfuil leasuithe agam.

“Tá dualgas mór ar an Stát nuair a bheidh sé seo achtaithe cearta Gaeilgeoirí agus cearta lucht na Gaeltachta a chosaint agus a shásamh agus tá súil againn gur seo tús na hoibre mar go bhfuil a lán obair eile romhainn.”

Ghabh an teachta Catherine Connolly buíochas le foireann an Oireachtais a rinne obair na gcapall sna laethanta agus sna hoícheanta roimhe sin. "Mo bhuíochas go háirithe don fhoireann. Níl sé ceart go raibh orthu a bheith ag obair go dtí a 5 a chlog ar maidin ach sin mar atá. Mo bhuíochas don Aire.

“Tá an ceart aige go raibh díospóireacht mhaith ann ach bheadh an díospóireacht níos fearr dá mba rud é nach raibh an ‘guillotine’ i gceist.”

Tagairt a bhí ansin do shás a bhaintear úsáid as sa Dáil chun stop a chur le díospóireacht fhadálach nuair is eol do chách go vótálfadh móramh an rialtais ar bhealach ar leith.

“Tá sé (an Bille) níos láidre gan dabht agus tá sé amhlaidh de bharr na hoibre a rinne an coiste agus an rannpháirtíocht (a bhí ann),” a dúirt sí.

“Ach breathnaím ar an mBille agus an reachtaíocht mar an chéadchéim chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe sna Gaeltachtaí,” a dúirt sí.

Ghabh an tAire Chambers buíochas freisin leis na teachtaí agus foireann na ranna éagsúla a ghlac páirt sa phróiseas. “Is meitheal atá san obair seo uilig agus tá gach duine - na teachtaí agus an fhoireann le tréaslú as an éacht atá déanta anseo,” a dúirt sé.

Táthar ag súil anois go n-achtófar an Bille i mbliana agus go gcuirfidh sé le stádas na Gaeilge chun go dtiocfaidh feabhas as cuimse ar na seirbhísí atá ar fáil don phobal i nGaeilge.

Má tharlaíonn amhlaidh, taobh istigh de sé mhí tar éis don Bhille a bheith achtaithe bunófar Coiste Comhairleach. Beidh sé de dhualgas ar an gcoiste sin Plean Náisiúnta Earcaíochta trédhearcach don státseirbhís a fhoilsiú laistigh de dhá bhliain.

Leis sin a thiocfaidh báire na fola.

Céimeanna beaga
Pléadh cás na Gaeilge in RTÉ ag cruinniú Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an mhaidin chéanna. Dúirt Catherine Connolly le linn an chruinnithe go raibh "imeallú" déanta ag an stáisiún náisiúnta ar an Ghaeilge agus mhol an teachta Éamon Ó Cuív gur ceart clár Prime Time Investigates a dhéanamh faoi theip RTÉ cloí lena dhualgais reachtúla i leith na Gaeilge. Ní mó ná sásta a bhí baill den choiste gur craoladh dhá chlár ar leith, ceann ar Sheán Ó Riada agus clár eile ar an mBlascaod, i mBéarla.

Ghlac Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes leis nár bhain an craoltóir náisiúnta spriocanna amach ó thaobh a bhfreagracht i leith na Gaeilge. Dúirt sí freisin go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar rátaí pá Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Foilseoidh RTÉ plean nua sár i bhfad agus dúradh go gcuirfear feabhas ar sholáthar cúrsaí reatha i nGaeilge ar na stáisiúin Bhéarla.

* Rinne Prime Time dul chun cinn an tseachtain chéanna nuair a chraoladar cúpla agallamh as Gaeilge. Ní fios an comhtharlú a bhí ansin ach más tús a bhí ann ar chothromú de chineál éigin, céim sa treo ceart a bheadh ann.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.