Suirbhé agus suirbhé eile

Ní mór ná go bhfuilimid suirbhéáilte amach go héag


Déanadh suirbhé eile fós an tseachtain seo caite. Déanadh na céadta eile suirbhéanna an tseachtain seo caite. Déantar suirbhéanna gach nóiméad den lá agus gach tráth den oíche. Ní mór ná go bhfuilimid suirbhéáilte amach go héag.

Is é an difear ná go dtugtar ceann do chuid acu seachas a chéile. Is í an bhéist is mó díobh ná an comhshuirbhé idir RTÉ agus BBC Uladh a léirigh, arís eile, pé rud ba mhaith leat a bhaint as.

Ba chlár beoga bríomhar é, mura bhfuil dearmad déanta agat air tar éis a bheith ag grinneadh ar Thumbdown Alley agus Slogainm agus Cros na Rún idir an dá linn.

Is dual don ghnáthchlár teilifíse gan a rian a fhágaint ar chosán fada an eolais. Boilgín fóillíochta é idir boilgín fóillíochta eile.

READ MORE

Ach is í an deacracht a bhain leis an gcomhchlár breá fóillíochta seo, a raibh idir ghreann agus ghnáthamh ag baint leis, ná go mbainfear leas agus aimhleas agus míleas agus drochleas as oiread agus is féidir.

B’é a chuir áthas agus gealadhram agus thulathó ar lucht na nuachtán airgid ná gur léir nach raibh aon éileamh láidir daingean ar son Éireann gan roinnt.

Bhraith sin, gan amhras, ar conas a léifeá na figiúir. Dá gcuirfeá an méid sa phoblacht agus sa bhanríocht aontaithe ó thuaidh le chéile nuair a fiafraíodh díobh ar mhaith leo Éire Aontaithe lena linn féin, bhí móramh ann.

Níor mhóramh iontach láidir doshéanta gob-id-bhéal a bhí ann, ach móramh mar sin féin.

Bhí an bhitsíocht agus an bhastardaíocht sa chéad cheist eile. Mar adúirt Susan McKay ar an gclár céanna, ba cheist í a raibh freagra amháin á lorg uirthi. Ceist í a d’éiligh an freagra sin amháin: dá mbeadh tuilleadh cánach le híoc agat an mbeifeá ar son Éireann Aontaithe a bheith ann? Ní nach ionadh gur thit an toiliúint síos go grinneall nó gairid dó.

Is de shuimiúlacht nár cuireadh an cheist “Sa chás is go mbeadh níos lú cánacha le híoc agat, an mbeifeá ar son Éireann Aontaithe?”

Is deimhnitheach thar amhras anonn go mbeadh scata mór aneas agus sciar mór de náisiúntóirí ó thuaidh ag tacú leis. Má chuireann tú an t-urchar isteach sa cheist, gheobhaidh tú an freagra a scaoileann an gunna.

Is fíor gurb é an gnátharán laethúil is mó is cás le formhór na ndaoine. Cén fáth nach mar sin a bheadh? Is sa ghnátharán laethúil sin a mhairimid. Tá mar a bheadh bunurlár daingean ann nach bhfuil daoine sásta bogadh as mura mbíonn gátar mór leis.

Tugann sin buntáiste thar a bheith tábhachtach don bhunaíocht in aon tsuirbhé dá ndéantar. Ach is nuair a bhriseann cnámh na huillinne amach as an gcraiceann is ea a fheictear an fhírinne ris.

Tá an saol socair sámh go réasúnta maith idir an saorstát agus na sé chontaetha/an phoblacht agus tuaisceart éireann/de ruppalick agus norn iron faoi láthair. Ní fios, gan amhras, cad tá ag boirbeáil aníos i dtóin an phota, ach ní shílim go bhfuil mórán.

Ach tá rud amháin cinnte. Pé breabaireacht ar féidir a dhéanamh ar mhuintir an deiscirt nó ar sciar den phobal náisiúntach ó thuaidh le maitheasaí deasa agus le milseáin cánach, níl aon chuma air gur féidir leis an ngabh-i-leith céanna ábhartha dul i bhfeidhm ar fhormhór an phobail dílseoirí.

B’fhéidir gur féidir beagán éigin a bhogadh le pócaí ramhra agus le cloigne teanna, ach beidh an stumpa láidir dobhogtha sin a choíche is go deo ann ar chúis shimplí amháin. Cúis shimplí nár léir do RTÉ ná do BBC Uladh, cúis nach dtuigfeadh lucht cheisteanna a cheapadh, an chúis chéanna lenar bhain agus lena mbaineann formhór d’aighnis an domhain. Ní bhaineann le cúrsaí eacnamaíochta i dtús ná ag deireadh an lae.

Dá mba chúiseanna eacnamaíochta ba bhun leis an aighneas bheadh aontachtóirí Uladh ag dul lastuas dá chéile ag iarraidh clasú linn nuair a bhí an Tíogar Ceilteach ag béicíl in airde a ghutha. Ní léir dom gur tháinig athrú ar bith ar a meon. Nó bheadh pobal na Polainne breá sásta aontas a shocrú leis an nGearmáin le leathchéad bliain anuas.

Bíodh is go mbeadh siad cúpla céad uair níos fearr as, is féidir liom smaoineamh ar chúpla milliún cúis nach mbeadh siad sásta.

Is é nach dtomhaistear sna suirbhéanna seo ná paisean agus díocas na tuairime. Táim ar son go leor ach go huiscealach, roinnt eile le riastradh. Is é an paisean agus an díocas an mhuc sa chistin, an crann sa ghaineamhlach, an leaid sa phlapa, an taibhse san inneall, an maistín le miongháire, an focal a théann le gaoith.

Ní hiad na nithe atá uait go breá bog réidh, ach na nithe a bhfuil tú go fíochmhar ar a son nó ina gcoinne a mheánn. Níl méadar againn chuca sin.