Ina bhailiúchán nua scéalta, Diabhlaíocht Dé (Cló Iar-Chonnacht €12), scaoileann an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile lena shamhlaíocht maidir le déithe, diabhail agus an duine daonna.
Tá cuid mhór de na scéalta préamhaithe sa Bhíobla agus i leabhair naofa eile. Aithneoidh an léitheoir béaloideas agus miotaseolaíocht an domhain mhóir fite fuaite leis na scéalta agus pé Dia atá i gceist sna scéalta seo, ní haon Dia foirfe é.
“Tá cuid mhór léite agam faoi Dhia sna traidisiúin éagsúla,” a deir an scríbhneoir as Inis Treabhair i gConamara.
“Tá cuid de sin an-mhaith go deo agus spéisiúil, ach caithfidh tú a admháil go bhfuil go leor seafóide ann freisin. Theastaigh uaim aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le creideamh, easpa creidimh, an caidreamh idir daoine agus Dia, idir Dia agus an diabhal agus freisin an gaol idir an duine agus an t-ainmhí, nó mar a d’fhéadfadh an gaol sin a bheith.
“Ní raibh sé éascaí na scéalta seo a scríobh. Bhí sclábhaíocht i gceist. Scríobhadh na scéalta seo thar thréimhse seacht nó ocht de bhlianta.”
Tá cuid acu tar éis duiaseanna Oireachtais a bhuachaint le blianta beaga agus tá cuid eile léite go poiblí aige. Mar sin féin, níl sé cinnte cad é mar a ghlacfar leo agus iad foilsithe.
Admhaíonn sé go bhféadfadh cuid de na heachtraí cur as do dhaoine le creideamh traidisiúnta ach tá súil aige go mbeidh i bhfad níos mó daoine a bhainfidh taitneamh as leaganacha úrnua d’eachtraí a aithneoidh siad ón Bhíobla agus áiteanna eile.
“Tóg scéal Lazarus, mar shampla,” a deir sé, “I gcuntas an Bhíobla, ní insítear dúinn cad a cheap Lazarus faoi theacht ar ais ón mharbh. Thug an eachtra an-chéim chun tosaigh do Chríost nuair a chuaigh an scéal i measc an phobail, ach cad faoin duine daonna a tógadh ar ais? Cén praghas a d’íoc seisean? An raibh Lazarus sásta an t-ualach sin a iompar an chuid eile dá shaol? Ar fhág sé é ag smaoineamh ar cad a tharlódh dó nuair a bhásódh sé don dara huair?
"Léigh mé tráchtaireacht ar an eachtra seo ag diagaire a dúirt gur mhair Lazarus 30 bliain eile ach nach ndearna sé ach mangadh gáire amháin sa tréimhse sin. Spreag sin mé chun an scéal Lá Eile Lazarus a scríobh."
Níl aon amhras ach go dtarraingeodh cuid d'eachtraí Diabhlaíocht Dé raic phoiblí dhá scór bliain ó shin agus beidh go leor daoine míshásta go fóill le rudaí áirithe sa leabhar.
Ní chuireann an tuairim sin isteach ar Ó Conghaile. “Is tábhachtaí go mór go mbeadh an saol níos oscailte,” a deir sé, “Ní fiú leabhar a scríobh muna gcuireann duine ag smaoineamh.”
“Bhí clampar ann fadó faoi scéalta a scríobh mé agus raic faoi shaothar le Pádraig Standún,” a admhaíonn sé, “ach tá an saol athraithe go mór ó shin agus tá sé an-deacair anois aon rud a scríobh a bhainfeadh siar go mór as daoine agus go mbeadh sé ina scannal. Ar bhealach, is trua sin mar go gcuidíonn conspóid le leabhar a phoibliú agus le rudaí a phlé.”
Luachanna agus scéalta bunúsacha a bhfuil glacadh leo leis na mílte bliain atá á gcíoradh as an nua ag an Chonghaileach. Iúdás agus a pháirt i mbás Chríost, mar shampla.
I dtraidisiún na Críostaíochta is deacair feallbheart níos measa a shamhlú ná mídhílseacht Iúdáis do Chríost.
Ní mar sin atá sa scéal An Soiscéal de réir Naomh Iúdás a thugann léargas báúil agus tuisceanach ar Iúdás, a raibh drochmheas air le 2,000 bliain anuas.
Ach ní haon tráchtas diagachta atá anseo ach scéalta dána lán samhlaíochta, le magadh agus mioscais agus ábhar machnaimh faoi chás an duine dhaonna agus a chuid tuiscintí agus creidimh thar na cianta.
Má tá sé spraoiúil ar go leor dóigheanna, tá sé duairc agus dorcha in áiteanna agus osréalach in áiteanna eile.
Saothar machnamhach agus dúshlánach a bhíonn lom, fuilteach agus gréasta go minic.
“Deirtear linn go bhfuil cuid den nádúr céanna i nDia agus atá sa chine daonna agus, má tá, luíonn sé le ciall go mbeadh cuid de na tréithe céanna againn, idir bhuanna agus laigí,” a éilíonn an t-údar.
“Má bhí na diabhail ina n-aingil ar neamh i dtosach, nach mbeadh tréithe áirithe ar an dá thaobh nach mbeadh rófhada óna chéile? Níl mise ag rá go bhfuil freagraí agamsa ar na ruda seo, mar níl, ach tá mé sásta mo mhachnamh a dhéanamh orthu. Nár chóir go mbeadh gach duine?”