Siopaí Leabhar

Ní hionann dul don tsiopa leabhar agus dul don leabharlann.

Le linn dúluachair na coda ba mheasa den phaindéim ní raibh ar oscailt ach na siopaí a áiríodh a bheith ‘riachtanach’. B’ait le rá é bhí siopaí crua-earraí ina measc siúd, agus siopaí garraíodóireachta in áiteanna in ainneoin nach n-aithneodh cuid againn an myosotis ón scabiosa. Ach ar chúis éigin nár ciallaíodh riamh dúnadh na siopaí leabhar a choinneodh idir ghaois agus chaitheamh aimsire leis an bpobal, go fiú sa chás is nach ionann iad. Is ea, tír mhór leabhar agus litríochta a ainmníonn longa agus aerfoirt (le teacht) as a gcuid scríbhneoirí. Go breá uile, fad is nach gá dhuit iad a léamh.

Mar sin, ba mhór an faoiseamh agus an tógáil anama nuair a cromadh ar na siopaí leabhar a oscailt le déanaí. Ola lenár gcroí. Béile don tsamhlaíocht.

Is deacair domsa gan dul isteach i siopa leabhar gan rud éigin a cheannach. Míniú é sin ar a bhfuil á charnadh sa teach agus nach léifear go deo - ach ní bheadh a fhios agat. Ach ní hé an ceannach an rud a mheánn in aon chor, ach an spaisteoireacht. An siúl thart. An fhánaíocht. An ghliúcaíocht. An fhéachaint neamhthuairimeach. An cromadh agus an t-ardú mar a dhéanfadh iománaí. An tseansúlacht mhór éiginnte.

Ní hionann dul don tsiopa leabhar agus dul don leabharlann. De ghnáth bíonn tuairim éigin uait sa leabharlann cad tá uait, nó cén ball den fhoirgneamh ar a bhfuil tú ag triall, cén earnáil ina bhfuil do shuim. Ní i gcónaí, is fíor, ach tá imir bheag éigin den treoir ag baint le turas ann, smut beag den aigne leathshocair, blas leathbhruite den rud a bheadh uait.

READ MORE

Ní mar sin domsa ag dul don siopa leabhar.

Dob fhéidir linn gach a raibh uainn a cheannach ar líne, gan amhras, ó cheann ar bith de na comhlachtaí móra trádstórais idirnáisiúnta a déarfaidh leat cad tá uait an túisce is a cheannaíonn tú rud amháin. Beidh tú algartamaithe isteach san inneall ar chasadh cnaipe agus do chineál cláraithe go deo na ndeor.

Cara liom ar theastaigh uaidh ceann de na leabhair le David Irving, séantóir úd an uileloiscthe, a cheannach ar shuíomh díobh. Ba ghairid go raibh ábhar faisisteach ag triall chuige ó thaobh na dtaobhann in ainneoin nár theastaigh uaidh ach dath na namhad a fheiscint ina leaba dhearg.

Tá cead ródaireachta agat, cead dul i mbéal do chinn, imeacht ar fán is ar fóraoil tríd an siopa leabhar. Camchuaird iontais a bhíonn ann don té nach bhfuil a aigne faoi smacht. Beifear ag iarraidh trí cinn ar phraghas phéire a shairsingiú ort, agus beidh na saothair is mó éileamh in aice an dorais agus sa bhfuinneog. Tuigim don siopadóir, tá sé ag iarraidh stoc a bhogadh.

Ach ná bac leo. Gabh isteach i mbolg na háite agus lean do chaincín féin. Tá leathshuim agat sna scéinséirí. Gabhann do shúil tharstu. Lingeann ar dhuine nár airigh tú pioc ina thaobh cheana. Tá aimsiú eile agat!

Sin mar a ghabhann an fhoghlaim, seans ar sheans. Is de shuimiúlacht, áfach, gur beag leabhar a bhíonn ina gheir i lár fhormhór ár gcúrsaí léinn atá ann. Déanann na céadta mac léinn cúrsa múinteoireachta gach bliain. Beidh tú ag cuardach dóigh is andóigh agus faoin mbord teacht ar leabhar spéisiúil a bhfuil an teideal ‘oideachas’ air. Sin toisc iad go léir a bheith leamh agus gan tada le rá acu.

Ditto agus mar a chéile le go leor ‘disciplíní’ eile a chuirtear mar fhulaingt ar mhic léinn. Bíodh go rogha agat.

Is í fírinne álainn an tsaoil go mbíonn fhios ag an siopa leabhar cad iad na nithe a bhfuil spéis ag an anam daonna iontu - ficsean, filíocht, beathaisnéis, stair…

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar