Séideáin bhruithne

Na Meiriceánaigh a thosaigh a ainmniú stoirmeacha


Ní hé go bhfuil deireadh leo, na stoirmeacha seo atá ag gabháil steallaidh orainn, ach bheifeá ag súil go mbeadh siad ag lagú go luath.

Anois tá an lá ag dul chun síneadh agus roimh theacht na Féile Bríde beidh na seolta á n-ardú fós ar bhóithre na hÉireann a bhíodh tirim fadó.

Ba thrua le roinnt daoine (fíorbheagán is fíor) nuair a d’iompaigh curraichín an Tánaiste leathbhéal faoi an tseachtain cheana, ach is olc an bád nach suncálann faoi dhuine éigin.

Ar feadh tamaill bhig b’í Siobhán na Soitheach í, bean draíochta na Tíre fo Thoinn, an áit sin arb as dá cuid vótóirí, ní foláir.

READ MORE

Is iad na stoirmeacha is mó is cás linn, áfach. Díoltas Mhanannáin agus Phosaeidin agus Neiptiúin agus Bóinne agus Deilfín agus Oceanuis agus Sionainne agus Tritóin agus eile orthu siúd a shíl nárbh ann dóibh.

Is sine iad na déithe seo ná teampall nó séipéal ar bith. Faire, faire! Níos fíochmhaire fós ba ea spioraid na gaoithe – Aeolus agus Venti agus an Slua Sí féin nach raibh sásta fanacht go deas ciúin fad is a bhí boilg á líonadh agus méadlacha ag caitheamh suas.

B’fhéidir gur fearg a bhí orthu nár tugadh aon aitheantas dóibh. Tugtar ainmneacha ar stoirmeacha aniar anois nach bhfuil aon chiall leo, ar éigean.

B’iad na Meiriceánaigh a thosnaigh ar ainmneacha a thabhairt ar stoirmeacha agus ar chuaranfaí breis agus leathchéad bliain ó shin.

Dúradh gur ar son simplíochta a déanadh amhlaidh. Ainmneacha baineannacha a thugtaí orthu i dtosach, ach ar son cothromaíochta inscne cromadh ar mhilleán a chur ar na fir chomh maith. Chuige sin Frankie agus Gertrude, agus n’fheadar cé a thiocfaidh dá n-éis, Hannibal, b’fhéidir agus Inla, agus cá bhfios, Jaysus ina dhiaidh sin.

Chuir Aire Mara áirithe tús le drochnós go n-ainmneofaí loingeas na hÉireann mar ómós dár gcuid scríbhneoirí, bíodh is gur dócha nach róshásta a bheadh na scríbhneoirí céanna sin leis an ngnó.

Taibhsíodh dom, dá réir sin, sa chás is go mbeadh cead againn ár gcuid stoirmeacha agus gaotha féin a ainmniú, dá leanfaimis nós an Aire Mara nach maireann (mar Aire), go bhféadfaimis iad a cheangal le scríbhneoirí éagsúla de réir a ngné is a gcáilíochta.

Chuige sin, thabharfaí Máirtín ar stoirm a thiocfadh isteach ina lánséideadh, agus gach braon broghach den aimsir ag titim anuas orainn ina chlascairt mar a bheadh taoille tuille ag trangláil ar thrá.

Ba ródhócha nach maolódh ar an Máirtín go mbeadh a shraith ar lár is a chaiscín meilte.

Dob fhéidir Peig a bhaisteadh ar an ngaoth ghéar sin a dhéanfadh caoineadh agus geonaíl trí do chuid putóg go héag.

Tá saghas áirithe gaoithe ann nach bhfuil inti ach olagón, fág gan aon dochar a bheith inti ina dhiaidh sin. Chloisfí Peig maidin is tráthnóna ach ní fheicfí choíche í áit a raibh an ghrian ag taitneamh is na huain ag princeam ar an mbán.

Jó, nó Jó Fhéilimí a bheadh againn ar an saghas feothain sin a leanfadh a bhealach féin. Ní bheadh léamh ná scríobh ná insint bhéil ar cad as dó, nó cá raibh a thriall.

Bheadh idir muir is tír, idir neamh is Árann, idir shúgradh is dáiríre, idir ann agus as, idir Muire is Máire, ach leanfadh leis ag bualadh a dhruma mhóir go dtí go dteipfeadh.

Aniar is mó a shéideann an ghaoth, ach dá mbeadh an ghaoth anoir dár leathadh d’oirfeadh Gabriel dúinn. Is ródhócha, ámh, gur leoithní boga gaoithe as an nGaingéis a bheadh chugainn, seacht siolla dhéag i ngach aon phuth díobh, ach gaois dá leanúint.

Níor chás dúinn a bheith caolaigeanta, áfach, is d’aithneoimis go mbeadh fiacail an tseaca sa Dracula don té a chuirfeadh a mhuineál amach agus í ag gabháil lastuas dínn.

Smaoineofaí ar Jane a thabhairt ar an mbroim bheag gaoithe sin a mbeadh drochbholadh uaithi ach nach fios cad as di. Ba dhóigh leat uirthi ar dtús gur ag teacht anoir as Northanger nó Downton Abbey í, go háirithe ina céad chúrán; ach is gairid go dtuigfí duit go raibh an córas séarachais ar oscailt agus a bhréantas á leathadh ar fud na gcríocha.

Mar mhalairt air sin ina haonar seal d’fhéadfadh go mbeadh an tEoghan Rua. Briota breá binn a líonfadh do chluasa le ceol ó na harda agus a chuirfeadh faghairt faoi do chosa maidin mhoch agus tú ag gabháil amach.

Bheadh go hálainn go dtí go dtiocfadh an tAngela ort i ngan fhios mar a bheadh luaithreach fhliuch ar an aer, mallacht Luimnigh ar an domhan mór an lá is gile amuigh.

Nár chruinne an méid sin mar bhealach ainmniúcháin ná a bhfuil againn anois?