Tá seans beag éigin go mbeidh cuimhne ag daoine ar fhógra a bhíodh sna seomraí folctha in óstáin, b’fhéidir scór bliain ó shin.Táim ag déanamh talamh bog slán de go raibh formhór de léitheoirí an bhladair seo in óstáin thall is abhus le tamall sular rug an phlá is déanaí orainn. Tharlódh gur in B&Bnna a bhí daoine eile ag iarraidh teacht slán ó fhiafruithe fiosracha bhean an tí, ach ráineodh gurbh é an seacht mar a chéile é.
Tharla sé nuair a thosnaigh an ghluaiseacht ghlasuaine ag cur péacáin amach mar gheall ar bhás an phláinéid agus ar loscadh ár linne agus ar fhoirnéis na haimsire fáistiní.
Sa seomra fliuchnite duit agus tú ag iarraidh teacht slán ón oíche aréir d’fheicteá fograí móra ag iarraidh ort a bheith faichilleach timpeall ar na tuáillí agus gan ach na cinn a raibh cuimilt agat leo a chaitheamh san fholcadán ‘d’fhonn leasa an phláinéid.’
Má bhí amhras ort, bhí amhras ormsa, leis. Níorbh fhollas dom go raibh lucht tráchtála i dtosach na greise ar a dteanndícheall ag iarraidh an phláinéid a shlánú. Bhraitheas, bímis macánta, gur propaganda hólas bólas a bhí ann. Ó, agus, sea, shábháilfí pinginí beaga is móra ar an óstán chomh maith.
Bhí mórmhaithe an domhain bhig cruinn le chéile i nGlaschú go dtí an lá cheana ag iarraidh réiteach a fháil ar an tubaist atá ag bagairt orainn. Is ea, is dorcha iad na spéartha atá romhainn, nó le bheith níos beaichte, is pollta iad na spéartha céanna de dheasca an duine.
Is maith agus is iontach go bhfuil polaiteoirí agus lucht pleanála admhálach sa ghéarchéim agus iad meáite ar rud éigin a dhéanamh mar gheall uirthi. Is fairsing agus is leathan iad na páipéir taighde atá á mbreacadh. Is líofa agus is léannta iad na scéimeanna atá á moladh. Is idéalach agus is fadbhreathnaitheach atáthar ag féachaint romhainn. Is cumasach agus is cliste iad na cloigne atá ag ceapadh gach réiteach. Is meabhrach agus is meáite iad na daoine a fheiceann an ród seo romhainn go soiléir.
Cad chuige mar sin a bhfuil an boc seo amhrastúil go bun na dúide agus an dóchais ina dtaobh?
De réir ceann éigin de na suirbhéanna aisteacha sin a dhéanann lucht suirbhéanna a cheapadh fiafraíodh de lúthchleasaithe mórcháile an mbeadh siad sásta drugaí láidre a thógáil d’fhonn bonn óir Oilimpeach a bhaint in ainneoin na fianaise go gciorródh na drugaí céanna a bhfad saoil go mór. Ceart agat, d’admhaigh sciar substaintiúil díobh gurbh iad a bheadh toilteanach agus fáilte!
Is ea, carpe diem, beir greim scrogaill ar an lá inniu agus tabharfaidh an lá amárach aire dó féin.
Is measa ná sin é. Fainic an túisce is a thagann na corparáidí móra ar an bhfód agus culaith na daonnachta umpu á chaitheamh. Airgead, maoin, speilp, brabús an t-aon rud is suim leo agus fad is atá na seicilí ag titim isteach sa scipéad agus na bitbhoinn ag bláthú sa bhanc is róchuma sa tsioc (ní bheidh mórán seaca ann ar aon nós) faoi aon rud eile.
‘Ná ligtear faillí i ngéarchéim ar bith chun do leasa!’ an mana síoraí ag lucht rachmais arb é a n-aonchúram na cairníní óir a chnuasach.
Má tá aighneas le bheith ann idir an caipitleachas agus an chruinne cé acu díobh ag a mbeidh an lá, nó na blianta, dar leat?
Is í an tomhaltóireacht gan teorainn a thiomáin téamh an domhain, an dúil mhallaithe sna nithe sin go léir nach bhfuil a dhíth.
Ar mhol aon duine fós teampaill na tomhaltóireachta a dhúnadh, teampaill na hainriantachta is na neamhriachtanachta? Beag an baol. Mar is orthu atáimid beo sa domhan rófhorbartha seo.