Seachtain ón lá amárach caithfidh pobal na hAlban a vótaí sa reifreann neamhspleáchais.
Ní olltoghchán é. Shílfeá nár ghá é sin a rá ach is cosúil nár thuig an bhunaíocht i Londain an difríocht idir feachtas an reifrinn agus gnáth-thoghchánaíocht go dtí an tseachtain seo. Cuireadh an lasair sa bharrach ar an Domhnach seo caite nuair a chinn pobalbhreith den chéad uair go raibh feachtas “Tá”, lucht an neamhspleáchais, imithe chun tosaigh.
Uair na cinniúna don Ríocht Aontaithe. Is léir gurb é sin breithiúnas na bpolaiteoirí i Londain. Go hobann, tá siad san airdeall.
Ar éigean a bhí an phobalbhreith sin de chuid YouGov foilsithe nuair a cluineadh an t-athrú poirt ó Sheansailéir an Státchiste thar ceann na bunaíochta.
Ní hiad amháin atá neirbhíseach. Údar imní d’aontachtaithe agus do dhílseoirí Thuaisceart Éireann ab ea an reifreann as féin mar gur bhraitheadar gur ionsaí ar an Aontas é a chaolódh a bhféiniúlacht.
Ar an mbonn sin a d’aontaigh baill den Ord Oráisteach i dTuaisceart Éireann a bheith páirteach i máirseáil i nDún Éideann an Satharn seo chugainn.
Bheadh ciallachais thar na bearta aige d’aontachtaithe dá mbrisfí an Ríocht Aontaithe. Cá seasfaidís dá mbeadh comhdhéanamh nua ar an Aontas?
Cé leis a mbeidís i gcumann dá dtréigfeadh na bráithre is ansa leo agus is gaire gaol dóibh iad?
Ar an taobh eile bheadh formhór na náisiúnach i bhfabhar neamhspleáchais d’Albain ach níl siad dall ar an nguagacht a chothófaí i measc aontachtaithe agus an chontúirt a bhaineann leis sin.
Tá gach dream ag faire go géar ar na “féiríní” atá á dtairiscint chun Albain a choinneáil san aontas, neamhspleáchas maidir le cúrsaí cánach ach go háirithe.
Cibé toradh a bheas ar an reifreann cuirfear athruithe i bhfeidhm béal dorais a mbeidh tionchar acu ar ghéilleagar an oileáin seo ar fad agus ar Thuaisceart Éireann go sonrach.
Tá na geallúintí ag teacht go tiubh. Mealladh agus breabadh chun Albain a choinneáil sa Ríocht Aontaithe.
Ó na Tóraithe a bhfuil feisire parlaiminte amháin acu in Albain, ón Lucht Oibre atá imithe i léig sa tír freisin agus ó na LibDems atá i mbaol báis. Tá dílárú cumhachta ar scála nár facthas ariamh cheana geallta le cúpla lá anuas.
Taom scaoill a thug páirtí náisiúnach na hAlban ar an rabharta dea-thola seo. Is mór idir é agus a bheith ag caitheadh anuas ar Albain go dtí seo.
Ba é leagan amach na bunaíochta gur cheart d’Albain fanacht sa Ríocht Aontaithe mar nach mbeadh sí in ann bisiú dá uireasa. B’fhéidir go raibh cuid den cheart acu – nó lomchlár na fírinne – ach is ar éigean gur le foláireamh nó scanradh a chuirfí ina luí ar dhaoine gurbh fhearrde iad an tAontas.
Bhíodar cosúil le duine ag iarraidh colscaradh a sheachaint ag rá lena chéile “ní bheidh tú in ann ag an saol i d’aonar”.
An mbeadh na geallúintí atá á ndéanamh anois níos inchreidte mí ó shin, leathbhliain ó shin? “Cén fáth a bhfuil tairiscintí nua á ndéanamh anois, deich lá roimh an reifreann” a d’fhiafraigh duine de réaltaí móra fheachtas an neamhspleáchais Nicola Sturgeon, Leas-Chéad Aire na hAlban.
Mhaithfí a soiniciúlacht di. Ba é torthaí na bpobalbhreitheanna a léirigh go raibh an chóir le lucht “Tá” faoi ndear an t-athrú poirt, dar léi.
Beidh le feiceáil cé chomh cruinn is atá na pobalbhreitheanna. Ní fiú a bheith ag trácht ar dhifríocht de dhá phointe. Tá patrún á léiriú iontu ar fad – méadú ar líon na mban a bhí ag iompó i dtreo an neamhspleáchais agus sceipteachas faoi bhriseadh an aontais i measc dhaoine os cionn leathchéad bliain d’aois.
Níl sé soiléir an bhfuil an dream óg atá ar chlár na vótóirí den chéad uair curtha san áireamh go beacht. Is cosúil gur ar mheáin shóisialta agus ar na sráideanna atáthar ag dul i gcion orthusan. Leag lucht an neamhspleáchais an-bhéim ar dhaoine nach gcaitheann a vóta i ngnáth-thoghcháin.
Má thagann siadsan amach d’fhéadfadh athrú talamh chreathach tarlú.
Ceann de na difríochtaí is mó idir an dá thaobh gur ritheadh feachtas "Níl" (Better Together) ar mhúnla toghchánaíochta – fiú má ba chomhghuaillíocht amscaí é Lucht Oibre, Tóraithe agus LibDem. Bhí an bhéim ar airgeadaíocht agus eacnamaíocht éifeachtach ar feadh tamaillín. D'éirigh daoine tuirseach de, áfach, mar nár leor é, as féin. Chun nath Bill Clinton a iompó droim ar ais "It's not the economy, stupid" – nó, ar a laghad, ní hí an eacnamaíocht amháin í.
Baineann an reifreann le ceisteanna eile freisin, ina measc féiniúlacht, idirnáisiúnachas agus tuirse de cheannas Londan, den Thatcherachas a chuir Blair agus Brown i gcumhacht chomh maith le Cameron.
D’éirigh leis na náisiúnaithe i gcomhar le daoine eile gluaiseacht neamhspleáchais a thógáil murab ionann agus feachtas Alex Salmond.
Tig le géaga de ghluaiseacht le sluaite d’oibrithe deonacha a dhul in áiteacha nach bhfuil teacht ag páirtithe orthu. Cibé dream a mbeidh an lá leo an tseachtain seo chugainn ní mar a chéile a bheidh an Ríocht Aontaithe lá arna mhárach.