Beagán le cois na coicíse atá fágtha roimh an dá reifreann agus fothoghchán Cheatharlach/Chill Choinnigh.
Ní bheifeá ag súil go mbeadh an chuid eile den tír ag caint faoin bhfothoghchán ach shílfeá go mbeadh suim á léiriú ag an bpobal sa reifreann Comhionannais Pósta agus an reifreann d’aois iarrthóirí don Uachtaránacht.
Le cúpla lá a sheol a lán de na páirtithe polaitíochta a gcuid feachtas maidir leis an reifreann Comhionannais Pósta ach go dtí seo is beag atá cloiste uathu.
An roinnt bheag póstaer atá in airde is ag díriú ar an Reifreann Comhionannais Pósta atáthar agus tá a bhformhór siúd ag áiteamh vótáil ina aghaidh.
Tá lucht feachtais ar an dá thaobh gníomhach ar na meáin shóisialta agus ar an idirlíon ach, cinnte faoin dtuath, níl aon fheachtasaíocht eile le feiceáil.
Is beag aird atá tarraingthe ag an Rialtas nó aon pháirtí eile ar an moladh an aois d’iarrthóirí Uachtaránachta a ísliú ó 35 bliain go fiche a haon.
I measc phobal na tuaithe níl aon phlé poiblí ar siúl faoi cheachtar ceist.
Nuair a chuireann na fir a gcúl le balla taobh amuigh den séipéal maidin Domhnaigh ní hiad na reifrinn a bhíonn faoi chaibidil.
Sna siopaí nó ag an mharglann níl focal faoi cheachtar moladh.
Nuair a bhrúnn tú an cheist déarfaidh daoine go díreach leat nach bhfuil siad i bhfábhar an aois a ísliú d’iarrthóirí Uachtaránachta agus nach dtuigeann siad beag nó mór cén fáth a bhfuil an cheist á cur.
Tá a fhios acu gur eascair sé ón gCoimisiún Bunreachtúil ach ní dóigh leo go bhfuil gá leis.
Míneoidh siad gur eagal leo nach mbeadh dóthain taithí ag iarrthóir den aois sin agus níos measa fós go bhféadfaí réalt spóirt nó ceoil a raibh éacht éigin bainte amach acu a bheith tofa agus gan an duine sin in ann dá chúraimí.
Ní bhfuaireas ach croitheadh cloigeann agus tost ó fhormhór na ndaoine a cheistigh mé ar cheist an phósta go dtí seo.
Drochthuar don toradh é sin agus cúis imní go cinnte don Rialtas agus do na páirtithe polaitiúla ar fad atá ag tacú leis an moladh.
Den 166 Teachta Dála níl ag seasamh ina éadan ach Mattie McGrath. Maíonn seisean nach bhfuil sé ina aonar, go bhfuil Teachtaí Dála eile ó pháirtithe polaitiúla atá ina aghaidh freisin ach toisc seasamh a bpáirtí nach bhfuil siad ag labhairt amach faoi.
B’fhéidir go bhfuil sé ceart agus is cinnte go bhfuil a lán sa phobal ar an dóigh sin freisin.
Léiríonn na pobalbhreitheanna le tamall go bhfuil an bhearna idir “Sea” agus “Ní hea” ag cúngú agus go bhfuil céatadán ard den tacaíocht do “Sea” bog.
Ón méid ata cloiste agam féin, nó an tost atá cloiste agam féin ba chirte a rá, sílim gur fíor sin. Bhí a lán daoine ag fanacht le treoir ón Eaglais agus tá sin faighte anois acu ón Ardeaspag Eamonn Martin agus é ag athdheimhniú nach dtagann an moladh le teagasc na hEaglaise.
Is minic go mbíonn páirtithe an fhreasúra ar mhalairt tuairime leis an Rialtas ar cheisteanna reifrinn ach ní hamhlaidh an iarraidh seo.
Aontaíonn siad ar fad gur ceist cearta é seo agus nár chóir páistí a bheith á dtarraingt isteach sa scéal, nach bhfuil aon bhaint aige sin le Comhionannas Pósta.
Baineann feachtais úsáid as an taictic is treise atá acu i gcónaí agus is ar pháistí a bheith á dtógáil ag lánúineacha aeracha atá an feachtas frithchomhionannais ag díriú, iad ag rá go mbeidh páistí á dtógáil gan mamaí nó daidí.
Ní fiú a bheith ag gearán go bhfuil na hargóintí seo mí-ionraic nó maslach, sin an Realpolitik. Má tá na páirtithe polaitiúla dáiríre faoin reifreann caithfidh siad a theacht amach agus an cás a chur go láidir agus gan an obair go léir a fhágáil faoi lucht feachtais.
Cinnte, tá an argóint mí-ionraic. Tá páistí á dtógáil cheana féin ag daoine aeracha, cuid acu a bhí agus atá pósta le páirtnéir nach bhfuil aerach.
Tá páistí á dtógáil ag tuismitheoirí aonair, mná agus fir, agus an-jab á dhéanamh acu, cuma céard a déarfaidh reacairí an uafáis.
Le déanaí, dúirt an Tánaiste Joan Burton liom in agallamh do tuairisc.ie, gur dhóigh léi féin gurbh í an “Irish mammy” a chinnteodh bua sa reifreann seo.
Gan amhras, tá roinnt den cheart aici agus cé gur Caitlicigh dhílse a lán acusan, seasfaidh mamaí agus mamó lena gclann aerach ar mian leo pósadh.
Is mar mhamaí le mac aerach a labhair an t-iar-Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa le déanaí ag áiteamh ar vótóirí na cearta céanna a thabhairt do gach páiste óg nó fásta.
Is cabhair í idirghabháil ardphróifíle den chineál sin.
Ach caithfidh na páirtithe polaitiúla agus go háirithe an Lucht Oibre, spreagthóir an reifrinn, a gcion a dhéanamh nó caillfidh an Rialtas an reifreann seo mar a chailleadar dhá cheann cheana.