Raidió na Gaeltachta: 50 bliain ar an bhfód

‘Nuair a dhéantaí tagairt don ‘radio’ sna ceantair Ghaeltachta, bhí a fhios ag gach duine gur RnaG a bhí i gceist agus ní haon stáisiún eile’ - Gearóid Mac Donncha

FOCLÓIR: Comóradh - celebration; úinéireacht - ownership; infheistíocht - investment; faoi chomaoin - obliged to; taoide - tide; taifead - recording; láithreacha - locations; meanma - spirit.

Is údar mór bróid dom an tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil do phobal na Gaeltachta, agus do phobal na Gaeilge tré chéile, lá i ndiaidh lae. Ar ndóigh, déarfaidh tú go gcaithfidh mé é sin a rá agus mé i mo Cheannaire ar an stáisiún faoi láthair, agus mé ag obair ann le sé bliana déag. Ach sula raibh mé ag obair don stáisiún chor ar bith, ba éisteoir mé. Ba éisteoir a bhí i m’athair romham. Ba éisteoirí iad na gaolta agus comharsain ar an mbaile. Nuair a thagadh Nuacht an Iarthair ar an aer dheirtí leat “Leag as an ngleo sin, tá an nuacht ar an radio!” Nuair a bheidís ag caint lena chéile ina dhiaidh sin, séard a chloisfeá ná “Chuala mé ar an radio é!” Nuair a dhéantaí tagairt don ‘radio’ sna ceantair Ghaeltachta, bhí a fhios ag gach duine gur Raidió na Gaeltachta a bhí i gceist agus ní haon stáisiún eile, mar ba é Raidió na Gaeltachta a raidió féin ag an bpobal.

Is dóigh liom go n-eascraíonn an úinéireacht sin a bhraitheann an pobal a bheith acu ar an tseirbhís ón gcaoi ar bunaíodh Raidió na Gaeltachta. Throid buíon daoine óga Gaeltachta ar son a gcearta agus cearta a muintire gan fuacht gan faitíos, iad tiomanta go hiomlán don fhís a bhí acu agus iad breá sásta dúshláin na n-údarás móra a thabhairt. De bharr an méid a rinne siad, tá seirbhís raidió náisiúnta Gaeilge againn atá caoga bliain ar an aer agus tá muid go mór faoi chomaoin acu. Tá buíochas ag dul dóibh siúd a bhunaigh an stáisiún chomh maith, iad siúd a d’oibrigh ann ó bunaíodh é, agus gach aon duine a roinn scéal nó a chas a gcuid ceoil nó a bhí páirteach sa chraoladh ar bhealach éicint le leathchéad bliain anuas.

Agus an comóradh mór ar an tsúil againn, tá sé nádúrtha go mbeadh muid ag breathnú siar ar stair an raidió, ach tá sé díreach chomh tábhachtach céanna go mbeadh muid ag caitheamh súil chun cinn chomh maith. Tá na riachtanais atá ag pobal éisteachta an raidió anois an-difriúil ó 1972, agus tá na riachtanais sin ag athrú de shíor mar gheall ar chúrsaí teanga, ar chúrsaí teicneolaíochta, ar chúrsaí tíreolais agus ar chúrsaí an tsaoil go ginearálta. Tá sé riachtanach go mbeadh muid in ann an tseirbhís a fhorbairt agus a fhás le cinntiú go mbeidh muid in ann freastal ar na riachtanais sin, agus is cinnte nach féidir é sin a dhéanamh gan na hacmhainní cuí a bheith curtha ar fáil chuige.

READ MORE

Infheistíocht Tá dúshláin romhainn is cinnte, ach is féidir iad a shárú ach an infheistíocht cheart a bheith déanta. Is fada atá RTÉ ag rá nach bhfuil an córas ceadúnais teilifíse ag obair, agus tá muid ag fanacht go bhfoilseofar tuairisc atá faighte ag an rialtas le go mbeifear in ann mapa a leagan amach don chraoltóireacht seirbhíse poiblí agus na meáin do na blianta amach romhainn. Má ardaíonn an taoide faoin gcraoltóir seirbhíse poiblí RTÉ, ardóidh sé faoi na seirbhísí uilig atá faoina chúram, RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh.

Tá obair mhór le déanamh chun an chéad ghlúin eile craoltóirí a thabhairt chun cinn. Tá obair leanúnach ar siúl ag institiúidí oideachais na tíre a chuireann cúrsaí sna meáin ar fáil, agus tá an obair sin thar a bheith tábhachtach. Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ar cheann de na heagraíochtaí is tábhachtaí a bunaíodh sa tír seo ó thaobh na Gaeilge de, agus tá freagracht orainn ó thaobh caighdeán teanga na seirbhíse. Teastaíonn scoth na Gaeilge ó chraoltóirí, ach ní hamháin sin, teastaíonn scileanna craoltóireachta agus scileanna iriseoireachta chomh maith, agus ní bhíonn sé éasca teacht ar dhaoine a bhfuil na buanna sin ar fad acu.

Tá go leor cúiseanna dóchais againn freisin, agus má dhíríonn muid ar an méid atá againn, seachas an méid nach bhfuil againn, is féidir go leor a bhaint amach. Tá pobal bríomhar láidir ann agus is pribhléid atá ann an tseirbhís a chur ar fáil don lucht éisteachta sin, cibé áit a bhfuil siad. Tá scéalta ag an bpobal agus fonn orthu iad a roinnt, agus tá sé tábhachtach go mbeadh a nglór le cloisteáil, go mbeadh a dtaithí saoil siúd mar phobail bheaga ar an taifead. Sin ról an raidió. Tá ceol agus amhráin againn agus tá agus beidh Raidió na Gaeltachta ag cur traidisiún sin an cheoil chun cinn ar an stáisiún, ag déanamh taifeadadh ar cheoltóirí ar fud na tíre don chartlann, agus ag cinntiú go mbeidh ardán don cheol agus do na hamhráin go náisiúnta. Cosnaíonn muid cearta teanga an phobail, a sáraítear go ró-mhinic ar an drochuair, agus tá sé de dhualgas orainne na scéalta sin a chur os comhair an tsaoil agus ar shúile na n-údarás. Tá muid tiomanta don obair sin. Tugann an radio deis aird a tharraingt ar an méid atá i mbéal an phobail sna ceantair Ghaeltachta agus i bpobal na Gaeilge tré chéile, coinníonn muid comhluadar lena chéile agus, níos mó ná aon áit eile sa saol, tarraingníonn an radio pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge le chéile in aon áit amháin, gach lá den bhliain.

Obair le déanamh Tá go leor bainte amach le caoga bliain, ach tá obair le déanamh go fóill. Leanfaidh muid orainn ag tabhairt rogha eile éisteachta don phobal mar sheirbhís náisiúnta raidió, ag freastal orthu ó láithreacha taobh amuigh den phríomhchathair. Braithim go bhfuil sé fíor a rá go mbíonn dearcadh éagsúil ar an saol le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tharais go leor stáisiúin náisiúnta eile. Dearcadh atá préamhaithe i bpobail iarthar na tíre, pobail a théann i ngleic le dúshláin go leor ó lá go lá agus iad i bhfad ó lárionaid na cumhachta. Seasann muid leis an bpobal sin agus leanfaidh muid orainn á dhéanamh sin.

Cúis uchtaigh agus misnigh dúinn gurb é RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhuaigh an gradam idirnáisiúnta Stáisiún Raidió na Bliana ag Féile na Meáin Ceilteach 2021, nuair a bhí stáisiúin Bhéarla agus teangacha eile san iomaíocht linn. Nuair a bhí an saol curtha trína chéile ag paindéim, agus gach duine ag fanacht amach óna chéile, aithníodh ag leibhéal idirnáisiúnta ardchaighdeán craolta na seirbhíse agus an bealach ar tugadh daoine le chéile le cumhacht an raidió.

Tá muid ag súil go mór anois an deis a bheith againn dul amach i measc an phobail arís ar chraoltaí seachtracha agus srianta na paindéime ag teacht chun deiridh. Is géar a theastaíonn an t-ardú croí agus meanma uainn go léir. Cloisfear scéalta na ndaoine ar na cláracha sin, na canúintí ar fad, an ceol, an gáire, an caoineadh agus an clamhsán freisin, léiriú ar shaol an lae inniu.

Mar a deir mé i dtús an phíosa seo, tá mé an-bhródúil as an radio. Tá mé an-bhuíoch don fhoireann a bhfuil obair iontach á dhéanamh acu gach uile lá. Tá mé an-bhuíoch dóibh siúd a bhíonn ag éisteacht leis an tseirbhís. Gura fada buan an pobal sin agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

* Tá Gearóid Mac Donncha ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.