Tá an ceart ag Vladimir Putin!
Níorbh ann don Úcráin go dtí gur tharraing an tAontas Sóivéadach a cuid teorainneacha di ar an léarscáil. Dhearmaid sé a rá, áfach, gur bhronn an tAontas céanna aitheantas di, mar a d’aithin siad neamhspleáchas na Fionlainne, na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine ag an am gcéanna. Ba chuid d’impireacht na Rúise iad san am, agus shocraigh an Vladimir eile sin, Lenin, gur cheart go mbeadh neamhspleáchas ag na náisiúin sin a bhí faoi dhaorsmacht na Rómanav dá mb’áin leo é.
Is é is aite faoin uafás faoi láthair go bhfuil cuid éigin den eite chlé ag déanamh gothaí ar son na Rúise. Scéal liom daoibh, mar adúirt an file agus é fuar, ní tír de chuid na heite clé í an Rúis agus níorbh ea le fada. Tuigim go maith go mbeadh maoithneachas beag éigin i ndiaidh an tseanchumannachais a raibh scáil éigin di fágtha i reitric an Aontais Shóivéadaigh sular stiúg sé. Ar a laghad sheas sé go teoiriciúil in aghaidh an chorparáidfhlaithis arb é na Stáit Aontaithe é; ach ní haon fhreagra gadaíochtfhlaitheas a chur ina áit.
Tá teist an-simplí air seo. Bhí léachtóir staire agam tráth a mhaígh gurbh é ba náisiúnachas ann gur mhian le tír amháin ionsaí a dhéanamh ar thír eile. In ainneoin nach raibh ionam ach garlach soineanta neamhulchach bhí de bhastardaíocht ionam a rá nach náisiúnachas é sin, ach impiriúlachas. Ní shílim gur mó ná sásta a bhí sé.
Bhí impireacht ag an Rúis tráth, impireacht lofa, mar is lofa gach impireacht. Bhí impireacht na Rúise chomh lofa le lofacht gach lofachta impireachta lofa eile dar mhair go lofa riamh. Ná tugtar a mhalairt le fios. Má dhéantar ionradh ar thír id aice nach mian léi go ndéanfaí ionsaí uirthi, sin impiriúlachas glan lom bán.
Luaitear an KGB le Putin. Bíodh sin mar atá, ach is cosúla a réim is a mhian leis an tsraith léanmhar sin de Romanovaí a chrom ar stáitín Mhoscó a leathnú soir siar ón 16ú haois i leith. Cuid mhór de scéal na Rúise is ea na haighnis agus na cogaí a bhí acu timpeall ar fháithim a críche.
D’fhonn casadh a bhaint as nath le Woody Allen, is féidir leis an uan agus an mathúin luí síos le chéile, ach ní bhfaighidh an t-uan mórán codlata. Ar leith amháin cumasc d’Ivan an Uafáis, de Pheadar Mór, de Chaitríona níos mó fós, d’Alasdaireacha is de Niocláis éagsúla é Putin, agus ar an leith eile is saghas teagaisc Munroe de chuid na Rúise atá aige. Is é atá ansin de réir 5ú hUachtarán na Stát ná gurb é réimse tionchair, spéise agus anála na Stát Aontaithe ná ilchríoch Mheiriceá fad a ritheann ó ghob Tierra del Fuego ó dheas go dtí oileán Kaffeklubben ó thuaidh agus gur bhagairt ina n-aghaidh aon chur isteach eachtrannach ar na críocha sin.
Is beag fearann timpeall ar a himeallbhoird nach raibh cogadh ag an Rúis leo uair éigin. Uaireanta bhain sin lena craos féin chun concais, uaireanta eile ba chogaí cosanta iad, uaireanta eile fós ba chuid de spairn i bhfad níos leithne a bhí ann, spairn idir impireachtaí. B’in mar a bhí i gcogadh na Crimé, mar shampla, ina raibh na Sasanaigh is na Tuircigh ag iarraidh sciatháin an chéad Tsáir Niocláis a bhearradh.
Tá an toise dheiridh sin beo sa chogadh faoi láthair chomh maith. Ní haon sólás do phobal cráite faoi léigear na hÚcráine é gur cnaipe beag iad sa chluiche mór fairsing idirnáisiúnta arís.
Nuair a bheidh deireadh leis an uafás seo beidh athrú eile fós ar an gcothromaíocht cumhachta idir na himpireachtaí. Níor ghá gur chun ár leasa an t-athrú sin.