Cathracha á leagadh

Is deacair anois dúinn na huafáis a mheas.

Ráinig dom a bheith ag coisíocht liom go bog deas réidh, mar is ceart, ar Phrospeict Nevski i gCathair Pheadair suim bhlianta ó shin. Bhí seanleac dingthe isteach ar bhalla taobh liom. Cé go mbíonn an aibítir Choireallach ar eolas agam go dtí go ndéanaim dearmad air ní rabhas in ann aon chiall a bhaint as a raibh snoite ann.

'Is é atá ann,' arsa an cara Rúiseach a bhí faram, 'fógra rabhaidh ó léigear Leningraid le linn an chogaidh mhóir thírghrá nuair a bhí na Gearmánaigh agus na Fionlannaigh ag gabháil stealladh roicéad orainn. Deir sé "Sa chás is go bhfuil buamaí ag titim, gabhtar go dtí an taobh eile den tsráid."'

Is deacair a rá cén mhaith a bhí leis sin, ach an oiread le comhairle ar bith eile nuair a bhíonn na buamaí ina gceathanna anuas ar chathair lánsaoránach. Ach smaoiníos air maidir lena bhfuil ar siúl faoi láthair agus Mariupol á leagadh, agus an tsnaidhm ag teannadh ar Kyiv.

Smaoiníos le searbhas íoróineach, óir bhí fulaingt an phobail Rúisigh in Leningrad ar cheann de na taispeántais mhisnigh agus chrógachta in aghaidh barbarachta riamh anall.

READ MORE

Mhair an léigear ar Leningrad ón 8ú Meán Fómhair 1941 go dtí an 18ú Eanáir 1943, lán 872 lá. An léigear b’fhuiltí i stair an domhain, áirítear. Comórtar é ar shlite mórthaibhseacha, go háirithe ar an lá is faide sa bhliain nuair nach dtiteann an doircheacht ach ar éigean agus tagann dhá mhilliún duine amach ar na sráideanna ag éamh is ag glaoch ainm na cathrach le mórtas.

Bhíos ann uair amháin ar an oíche sin, agus bhraithfeá an chathair ag preabadh le mórtas fuinnimh faoi do chosa. ‘Píotr, Píotr, Píotr!’ á lua ag cách, agus ba dhóigh leat go raibh an mhóráil sin i leataoibh ón móráil ghinearálta Rúiseach sa seasamh a dhein siad in aghaidh fórsaí choncas an iarthair orthu.

Is deacair anois dúinn na huafáis a mheas. Idir buamaí, aer-ruathair, gorta, galar, fuacht, daoine ag teicheadh, easpa gach aon áis eile, maraíodh nach mór milliún go leith duine. Iad siúd a tháinig slán laistigh den chathair bhíodar beo ar arán a raibh min sáimh tríd, francaigh, madraí, cait, agus tharla canablacht nuair ba ghá, bíodh gurbh annamh é.

De réir na ráiteas oifigiúla Gearmánacha níorbh fhiú leo an chathair a ghabháil, óir bheidís freagrach as an bpobal a bheadh fágtha. B’é a bheartaigh siad an áit a thimpeallú agus ligean dá gcuid buamaí agus don ghorta an pobal a dhísciú go hiomlán. Ba dhóbair.

Shílfeá ag cuimhneamh dóibh ar an scrios a déanadh ar a gcuid cathracha féin ag na Naitsithe Gearmánacha agus a gcuid comhghuallaithe aniar, shílfeá go dtuigfeadh siad do phobail Kyiv, Kharkiv, Mariopul agus eile.

Faraor géar dóite, ní mar sin a bhíonn. Níos gaire dúinn féin, táimid eolach go maith ar oiread sin dár gcine ar seoladh amach ina dteifigh ón ocras agus ón ainnise iad a ghabh ag pleancadh na mbundúchasach i Meiriceá thall, gan trácht orthu siúd a ghabh go fonnmhar le cosaint dhlíthe na sclábhaíochta. Agus na Gaeil Albanacha a díbríodh as a bhfearann cearta is córa a chuaigh le harm na Breataine d’fhonn a amhlachas céanna a dhéanamh ar fud na cruinne. Agus na hIosraelaigh….

Déarfá nár chóir gur mar sin a bheadh, gur chóir go rachadh smiorchuimhne na staire i bhfeidhm orainn ar shlí éigin.

Is léir nach mar sin atá. Cuid de mhiotas mór na Rúise is ea an gaisce a dhein siad in aghaidh Hitler agus a chuid barbarach, miotas mar bhuntuiscint dá maitheasaí agus dá bhfiúntas dílis. Ní bréag an méid sin. Ach barbaracht neamhcheadmhach fós is ea sibhialaigh a loscadh ina n-árasán, ospidéal, amharclanna, scoileanna féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar