Ba mhinic mé ag teagasc, nó ar a laghad ar bith, ag caint le mic léinn eachtrannacha ar ábhair éagsúla. Léann na hÉireann, nó leagan éigin de is mó a bhíodh idir chamáin phléite agam. Chuimsigh sin gnáthchúraimí agus béascna na tíre chomh maith a bhí níos diamhaire fós. Ba mhór an spraoi mé ag insint dóibh nuair a deireadh duine againne le gcasfaí le duine díobh siúd ar a deich a chlog sa phub gur ródhócha gurb é a haon déag ba chruinne; agus nuair a dhiúltódh duine do chupán tae nó caifé nó slisne pizza an chéad uair nár diúltú lándáiríre a bhí ann, nárbh fholáir an tairiscint a dhéanamh arís.
Chuaigh díom go minic cosáin chaola an chórais toghchánaíochta againn a mhíniú go sásúil, agus níor fhéad aon duine na difríochtaí idir FF agus FG a thuiscint (cé go bhfuilim admhálach ann go gcuirfeadh seo mearbhall ar Shocraitéas féin). Bhí sé deacair chomh maith gnéithe den chóras oideachais a léiriú.
Tháinig mac léinn Francach chugam lá agus í ar chaorlasadh le fearg. Mac léinn múinteoireachta í agus tharla di a bheith ag teagasc sa bhunscoil in aice láimhe. B’é a chur le cuthach í ná go raibh croiseanna ar na ballaí agus pictúir agus dealbha naofa ar fud an bhaill. ‘Ní tharlódh a leithéid sa bhFrainc,’ ar sise, agus í ag cur di mar gheall ar an deighilt idir an stát agus an creideamh atá sa tír sin (mar dhea). D’áitigh orm leagan amach na hÉireann a léirmhíniú.
Agus mo ghuth ar crith le teann eagla dúirt mé rud éigin ar nós: ‘Bhuel, is amhlaidh gur scoileanna stáit iad ceart go leor ach tá siad faoi bhainistíocht na heaglaise. Múintear an creideamh iontu, ach ní cuid den churaclam stáit é. Ní gá do mhúinteoir é a theagasc má tá in aghaidh a choinsiasa ach is féidir leis a dhéanamh go fiú mura gcreideann sé focal. Tá ceangal ar gach dalta staidéar a dhéanamh ar an gcreideamh, ach is ceangal scaoilte é sa chás is…’
Is mó de thrí chéile a bhí uirthi ina dhiaidh sin, rud a thug sásamh nach beag dom.
Péacann ceist seo na scoileanna agus an reiligiúin aníos go rialta, agus chuir a cloigeann amach arís le déanaí. Tá go maith agus tá go holc, ach pé claonadh atá agat sa díospóireacht seo ná tugtar le fios gurb é an t-oideachas deighilte agus na scoileanna aonchreidmheacha is bun leis na haighnis pholaitiúla ó thuaidh ná in áit ar bith eile.
Ceart go leor, ar son nach féidir le duine ar bith, go fiú mé féinig féin a bheith chomh deimhin sin dá dhóigh, géillim go bhféadfadh go dtarlódh go mb’fhéidir go ráineodh go dtiocfadh go mbeadh puth anála beag bídeach mionchigilteach níos lú na frigh frídíneach leis an ngnó.
Ar an insint is simplí amuigh, bhí Clann Bhullaí agus Clann Néill ag pleancadh a chéile go binn sula raibh scoil ar bith i ngiorracht béic mhúinteora dóibh.
Bhíos ag teagasc le múinteoir tráth arbh as ceantar láidir dílseora di. Bhí sí ar scoil stáit. Protastúnaigh ba ea a gcairde nach mór go léir. Nuair a shéid gaoth na dtrioblóidí tugadh gach drochainm faoin spéir uirthi a raibh ‘Fenian’ ina lár agus b’éigean don teaghlach teicheadh. Ach, adéarfar, níl ansin ach scéilín amháin…cad mar gheall ar…?
Cad mar gheall ar an tsean-Iúgsláiv, gach duine ar scoileanna stáit gan aon chreideamh ina suí le chéile, agus nuair a nocht an cogadh…nó na Hútuigh agus na Tutsigh gob le gob in aon deisc agus maidin gheal rua amháin tógadh amach na tuanna agus thosnaigh an t-ár.
Féachtar san áit cheart: stair, polaitíocht, aicme, airgead, cumhacht, gabháltas, éad.