Foclóir: fostaíocht - employment; tionscal - industry; olltrálaeir - supertrawler; Tríocha bliain - thirty years; cuóta - quote; scuabadh - sweeping; spochadh - teasing; méagram - megrim; Beilgigh - Belgians.
“Tá sé imithe i dtigh diabhail, cuir ar an mbealach sin é. Níl duine ar bith ag dul isteach ann níos mó. Níl aon duine óg ann.”
Sin a dúirt Enda Dirrane, iascaire as Árainn, agus é ag caint faoin gcaoi a bhfuil tionscal na hiascaireachta ar chaith sé a shaol go dtí seo ag obair ann.
Tá luach €1.3bn leis an tionscal in Éirinn. Tá beagnach 2,000 bád iascaigh cláraithe agus cé go bhfuil thart ar 15,500 duine ag obair san earnáil, idir fhostaíocht dhíreach agus indíreach, tá athruithe móra tarlaithe le fiche bliain anuas. Bhuail an Breatimeacht an earnáil go dona agus bíonn na hiascairí de shíor ag streachailt le cuótaí.
Ramaphosa stays calm with golf diplomacy in face of Trump’s latest Oval Office ambush
Michael Gaine case update: Gardaí recover chainsaw and more body parts from farmyard of murdered farmer
Two Israeli embassy staff shot dead near Jewish museum in Washington DC
The Lobster Pot review: This Ballsbridge classic still flames on – but you’ll pay to watch it burn
Tá Enda ag iascaireacht ón uair a bhí sé ina ghasúr. “Tríocha bliain is dóigh,” a dúirt sé agus é ag caint le Tuarascáil ó ché Ros an Mhíl an tseachtain seo caite.
“An chéad uair a chuaigh mé amach, bhí mé trí bliana déag, agus tá mé á dhéanamh go lánaimseartha ó bhí mé sé bliana déag, agus tá mé 47 anois.”
San achar sin ní hamháin go bhfuil athruithe as cuimse tagtha ar an saol mór, tá athrú tagtha ar thionscal na hiascaireachta agus ar fhlúirseacht na n-iasc chomh maith, go mór mór amach ó chósta iarthar na tíre.
“Bhí cúpla bád ag m’athair tríd na blianta,” a mhínigh Dirrane.
“Amach as Árainn agus as Ros an Mhíl a bhíodh muid ag iascaireacht an uair sin.
“Timpeall ar chósta na Gaillimhe agus Chontae an Chláir, agus amach ó na hoileáin.
Níl dóthain oideachais ann - ní íosann muid dóthain éisc in Éirinn.
— Enda Dirrane
“Ghabhadh tú amach, is dóigh, tríocha nó ceathracha go caoga míle amach ón gcósta - bheadh tú gar don talamh go minic.”
“Dhéanfá iascaireacht ar chuile chineál éisc, meascán de chuile rud a bhí ann.”
B‘aimsir rathúil a bhí ann do thionscal na hiascaireachta ar chósta thiar na tíre. An uair sin d‘fheicfeá dalladh iasc gar don chósta.
“Níl tada mar sin ann anois, ” a dúirt Dirrane.
“Tá athrú mór millteach tagtha ar rudaí. Amach ar an [uisce] domhain a théann na báid mhóra uilig anois.”
Labhair Tuarascáil le hEnda roimh chraoladh an chéad chláir i sraith nua faisnéise dar teideal Tarrac na Farraige.
Chaith Maggie Breathnach, stiúrthóir agus léiritheoir na sraithe, bliain ag taifeadadh.
“Bhí sé dochreidte bliain a chaitheamh ar bord na mbád agus i dteannta iascairí agus daoine a bhfuil an oiread sin le rá acu,” a dúirt sí.
“Is pobal ana-bheag iad iascairí agus lucht cósta na tíre seo [ach] tá meath mór tagtha ar an iascaireacht le himeacht na mblianta.
“Ní olltrálaeir iad atá ag scuabadh gach rud suas agus ag déanamh brabach nó aon rud mar sin,” a dúirt sí.
Nuair a labhair Tuarascáil le hEnda, bhí sé díreach théis an Foyle Fisher a cheangal i gcé Ros an Mhíl théis dó tamall a chaitheamh amuigh ar an bhfarraige ag iascach cloicheán.
“Gar go 200 míle siar amach ó Ros an Mhíl a bhí mé ag iascach,” a dúirt sé.
“Is bád breá í,” a dúirt sé.
“Ocht dtonna atá sí in ann a thógáil agus timpeall 200 bosca iasc.”
Téann na báid amach “ar an domhain” le teacht ar éisc, rud a chiallaíonn go gcaitheann an criú tréimhsí fada i bhfad ón mbaile.
“Timpeall coicíse ag an am. Má bhíonn an t-iascach thar cionn, tiocfaidh tú isteach roimhe sin. D‘fhéadfá a bheith amuigh ar feadh seachtaine nó ar feadh cúig lá.”
Cé go raibh ról ríthábhachtach ag an iascaireacht i saol phobal Árann san am atá thart, is beag duine anois a shaothraíonn a mbeatha ar an gcaoi seo.
“Níl sé ar nós a bhíodh sé fadó, muintir na háite uilig a bhíodh ann agus bhíodh an-chraic ann - ag spochadh as a chéile. Nuair a thosaigh mise ag iascach, is Gaeilge uilig a bhíodh á labhairt. Gaeilge a bhí ag chuile dhuine beo,” a dúirt Dirrane.
Is le criú Filipíneach atá sé ag saothrú na laethanta seo.
“Cúigear Filipíneach atá ann. Daoine áille, tá muid ag obair le chéile le fada,” a dúirt sé.
“Bíonn iasc againne chuile lá beo agus muid amuigh ar an bhfarraige. Tá an criú thar cionn ag an gcócaireacht.
“Is aoibhinn liom iasc. B‘fhearr liom iasc lá ar bith ná feoil. Ní bhuailfidh tú é!”
B‘fhéidir go gceapfá go mbeadh iasc ar an mbiachlár níos minicí ar oileán cosúil le hÉirinn, ach tá go leor faoin iasc mar bhia nach dtuigeann an pobal mór.
“Sin í an fhadhb mar a déarfá,” a d‘áitigh Dirrane.
“Níl dóthain oideachais ann - ní íosann muid dóthain éisc in Éirinn.”
“Tuigeann na Spáinnigh agus na Portaingéalaigh céard is ceart a dhéanamh le hiasc - is orthu a mhaireann siad.”
Luann Dirrane na méagram [cineál leathóige atá coitianta amach ó chósta na hÉireann] agus “is go dtí an Spáinn a ghabhfaidh siad, do na gasúir scoile”.
“Ní cheannaíonn duine ar bith anseo iad agus tá siad go hálainn le n-ithe, go hálainn!”
Páipéarachas
Cé go bhfuil clú agus cáil dhomhanda ar bhia mara na hÉireann, tá go leor dúshláin a bhaineann leis an ró-iascaireacht, leis an inmharthanacht agus leis an tionchar leanúnach atá ag an mBreatimeacht ar an earnáil.
In 2022 seoladh Scéim Dheonach Scoir chun tacú le hiascairí a mbáid a dhíchoimisiúnú. An bhliain sin amháin, ghlac úinéirí ar 42 bád le híocaíochtaí tacaíochta chun a n-árthaigh a dhíchoimisiúnú.
Gearrán amháin a chloistear ó iascairí ná go gcaitear an iomarca ama leis an bpáipéarachas.
“Ó a Mhaighdean Bheannaithe, tá sé ar nós a bheith ar ais ar an scoil – tá an oiread sin foirmeacha le líonadh amach,” a dúirt Dirrane.
“Bíonn tú ag seiceáil, seiceáil, seiceáil. Tá an oiread rialacha ag baint leis, a Mhaighdean!
Ach is dócha gurb é riar na gcuótaí éisc an cnámh spairne is mó.
“Chuile bhliain tá muid ag cailliúint cuóta, agus tá chuile bhád eile in ann a rogha rud a dhéanamh agus níl muide.”
“Tá chuile bhád [ó thíortha eile] in uiscí na hÉireann. Na Spáinnigh, Francaigh, Beilgigh, níl a fhios cé mhéad acu atá ann. Tá siad in ann a rogha rud a dhéanamh. Ní théann aon duine in aice leo len iad a sheiceáil nó tada.”
“Níl cothromachas ar bith ann. Is cuma leo fúinn. Tá mé ag ceapadh go bhfuil siad ag iarraidh fáil réidh linn agus sin a cheapann chuile iascaire.”
“Tá fadhb ann leis na cuótaí le blianta agus tá sé ag éirí níos measa chuile bhliain. Díchoimisiúnaíodh na báid cúpla bliain ó shin. Bhíodar ag rá go mbeadh neart cuótaí againn [ina dhiaidh sin], ach ní bhfuair muid é, chaill muid é [agus] chaill muid tuilleadh!”
Ach an molfadh sé do dhaoine slí mhaireachtála a bhaint amach leis?
“Blianta ó shin cinnte, ach anois, breathnaigh, níl a fhios agam an mbeidh mé ann i gceann cúig bliana nó deich mbliana nó an mbeidh na báid ann. Níl sé ag breathnú go maith.
“Briseann sé mo chroí, is bocht é, mar sin a bhfuil a fhios agam, níl a fhios agam tada eile. Agus tá go leor iascairí atá ar an gcaoi chéanna.
“Tá maireachtáil mhaith i gcónaí ann ach tá sé ‘tough’ mar a dearfá, bíonn tú imithe i gcónaí. Níl aon duine chun é sin a dhéanamh sa lá atá inniu ann.
“An chaoi atá rudaí, tá sé athruithe go mór. Bhíodh an-saol go deo ann, agus dá mbeadh aire tugtha dó, bheadh an-saol ann fós.”
- Craolfar an chéad chlár de Tharrac na Farraige Déardaoin 8ú Bealtaine, 7pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.