Oidhreacht JFK

Ba dhuine dínn féin é JFK, an chéad uachtarán de shliocht na nGael sa Teach Bán


Tá glúin áirithe daoine sa tír seo agus ar fud an domhain a bhfuil cuimhne ghléineach acu ar cá raibh siad nuair a lámhachadh John F. Kennedy. Ba gheall é le taithí glúine níos déanaí a bhfuil fhios go deimhin acu cad a bhí ar siúl acu nuair a nocht uafás 9/11.

Sa mhéid is gur fiú tada é, tharla go bhfaca scéal JFK ar nuacht Telefís Éireann nuair a bhris Charles Mitchell isteach ar pé clár a bhí ar siúl san am.

Thabharfaí ‘scéal á bhriseadh’ air sin inniu, ach ós rud é go mbíonn scéalta ‘á mbriseadh’ le linn gach dara clár faoi láthair ní bhíonn an éifeacht chéanna leo. Ní raibh ann ach an nuacht bhunaidh, gur caitheadh piléar leis agus nárbh fheadair aon rud eile.

Is mé ar mo shiúlta go dtí cruinniú den Léigiún Mhuire a bhuaileamar isteach i siopa fan na slí ar son lón a cheannach don oíche agus dúirt bean na mísleán linn go raibh an Cinnéideach marbh. Chuaigh dínn é sin a shlogadh go hiomlán ar an toirt.

READ MORE

Ní dóigh liom go dtuigtear inniu chomh mór is a bhí an tír faoi dhraíocht ag JFK, cé go bhfuil Ryan Tubridy ar a dhícheall é sin a mheabhrú dúinn.

Ba dhuine dínn féin é, an chéad uachtarán de shliocht na nGael a toghadh chun an Tí Bháin, agus mar sméar mullaigh breise ar fad, Caitliceach ba ea é. Bíodh a theist sin ar an mosáic a bhíodh san ardeaglais i nGaillimh, fág go gcreidim nach ann dó níos mó.

Fairis sin, deirtí nach bhféadfaí dul isteach i dteach in áiteanna faoin tír nach raibh pictiúir den Chroí Ró-Naofa agus JFK le hais a chéile os cionn an mhatail.

D’imigh sin, agus tháinig seo, mar adeir siad; chuaigh daoine an t-áth agus eisean an mí-ádh. De réir a chéile d’imigh luan an naoimh agus baineadh anuas íomhá an tslánaitheora de.

Deir siad go mbíonn gach ardpholaiteoir ag smaoineamh ar an oidhreacht a fhágfaidh sé ina dhiaidh, agus is é gnó an staraí go minic é sin a mheas le pé slata cama tomhais atá aige.

Gach oidhreacht mar é, bíonn breicnithe spotaitheach idir eatarthu. Rinne an Cinnéideach botúin, is fíor, agus ní deacair iad a áireamh. Ach rinne maitheas, leis, agus maitheas ba ea é a bhí fáiscthe as idéalachas áirithe a bhí ann riamh, agus nárbh idéalachas don fhuinneoig amháin ar fad a bhí ann.

Cuid den idéalachas sin ba ea bunú an Peace Corps, arb é a bhí i gceist leis go rachadh Meiriceánaigh óga amach go tíortha ‘an tríú domhain’ go deonach d’fhonn obair a dhéanamh agus ar bheagán airgid.

Ní raibh teora leis an gcineál oibre a dhéanfadh siad agus bhí go leor di praicticiúil agus toradh láithreach air. Déarfá gur maith ann é Peace Corps ag na Stáit, óir bhí Corps Cogaidh acu go rómhinic ar an leith eile.

Chonaic mé go leor díobh ag obair i dtíortha éagsúla in iarthar na hAfraice, agus ní fhéadfaí a rá go raibh aon rún folaigh polaitiúil ná spiaireachta acu mar a cuireadh ina leith go rialta.

Is fíor, gan amhras, go raibh cuid de na fir ag iarraidh éalú ón gcoinscríobh míleata a bhí i bhfeidhm de dheasca ionradh na Stát ar Vítneam san am, ach níor fhág sin nach raibh an ceart ar fad acu.

Munar dhein an Cinnéideach ach an méid sin féin, déarfá gur fhág sé oidhreacht amháin luachmhar ina dhiaidh. Níor bheag san.

Níor bheag san, mar féach leat cuid de na huachtaráin a tháinig ina dhiaidh, agus, níos measa, a bhfuil le teacht fós.