Ní mór idir an díospóireacht inniu agus inné

Táimidne tuisceanach, liobrálach. Nach bhfuil?

Bhí díospóireacht i Seanad Éireann i mí na Nollag 1942. Ag an am sin bhí na
Gearmánaigh fós ag geataí Leningrad agus na daoine ag fáil bháis ina mílte; na
Seapánaigh faoina nImpire Dé i seilbh sciar maith mór den Áise, agus ionsaí déanta acu ar Phearl Harbour na Meiriceánach cothrom an lae sin bliain roimhe.

Níorbh é sin a bhí ag déanamh scime do na
Seanadóirí, áfach, ach leabhar beag comhráitiúil ó
sheanduine bocht agus a bhean in Iarthar Chorcaí.


Tailor and Ansty
Foilsíodh The Tailor and Ansty go gairid roimhe sin, agus is é a bhí ann cuntas ar an gcomhrá, ar an gcabaireacht, ar an ndeisbhéalaí a tháinig go seolta ó Thadhg Ó Buachalla, táilliúir, agus óna bhean chéile Anastasia a raibh cónaí orthu i ngar do Ghuagán Barra.

Bhí triall mhórán daoine ar a dteach ar an gcomhluadar a sholáthraigh siad, go deimhin, ar an gcraic a thál siad go fras is go pras, bíodh is nach raibh trácht ar an bhfocal gránna sin go ceann dhá ghlúin eile ar a laghad.

READ MORE

Bhíodh Frank O'Connor agus Seán O'Faolain ar an gcuallacht sin, fara Eric Cross, iriseoir ó Chontae an Dúin a bhreac síos a raibh de
chuimhní is de thaifead aige ar imeachtaí na cistine. B'eisean a scríobh an leabhar réamhráite, agus ba mhear mar a cuireadh cosc air.

Thóg an Seanadóir John Keane an cheist maidir le ceart an Bhoird Chinsireachta cosc a chur ar an leabhar grinn gaoismhear seo, agus lean díospóireacht bhríomhar dá héis.

Is de shuimiúlacht dúinne inniu plé na díospóireachta sin. Bhí tréad caorach na Seanadóirí nach mór ar aon fhocal go raibh lán an chirt ag an mBord Cinsireachta an leabhar graosta gránna mímhorálta cáidheach salach seo a bhac, agus níor scorn le cuid acu é a dhó.

Leabhar 'graosta'
Go deimhin, deimhneach, is amhlaidh go raibh an leabhar chomh graosta gránna mímhorálta
cáidheach salach sin, gur
baineadh na míreanna inar léadh sleachta as an leabhar de thaifead an tSeanaid ar eagla go rachadh daoine á lorg!

Is de shuimiúlacht bhreise dúinn an teanga a úsáideadh chun an cosc seo a chosaint. Bhí caint an leabhair
"indecent", "inappropriate", "disrespectful", "shocking", "offensive" agus mar sin de go Béarlaball timpeall. Mar adúirt Ivana Bacik san am: "It's not children's television...We are not here to shock."

Mo leithscéal, b'in
díospóireacht eile.

Ach greim ort féin, agus fan go fóill, agus socraigh siar! An bhfuil na macallaí íoróineacha ag sonadh trí do chluasa fós?

An bhfuil aon seans ann go n-aithníonn tú na focail chéanna á raideadh ar ócáid eile ar fad sa Seanad céanna le déanaí?

Léigh an Seanadóir Jim Walsh focail nár scríobh sé féin in earr na díospóireachta síoraí faoin mBille um
Ghinmhilleadh.

Cur síos ar cad a tharlaíonn nuair a stractar an ghin amach as an mbroinn a bhí ann.

Seans maith go raibh sin bog go maith. Is cinnte go raibh bog go maith suas is anuas leis an bhfírinne. Bhí a ndúirt sé míchompordach.

Go deimhin, bhí a ndúirt sé “inappropriate,” “disrespectful,” “shocking”, “offensive” agus mar sin de ar aghaidh tríd an ngnáthgheonaíl a dhéantar nuair nach maith le duine eile cad tá á rá agat.

Níl cead agat cosc a chur le saoirse cainte níos mó, rud dearfach dar liom. Ní chosctar leabhair, ní dhóitear irisí, ní ghearrtar scannán.

Ach ina ionad sin, tá lánchead agat tosnú ag pusaíl ghoil mura réitíonn rud adeir céile comhraic cainte leat. “Ní maith liom é sin.” “Goilleann sin orm”. “Braithim gur masla é sin.” “Cuireann an chaint sin isteach orm.” “Tá an rud adúirt tú drochmheasúil.”

Bú hú hú!


Fearann fíochmhar
Hé! Múscail! Seo an saol! Fearann fíochmhar is ea an díospóireacht phoiblí. B'fhearr liomsa go mór go mbeadh cách béasach le chéile i gcónaí, ach sa chás is nach bhfuil ní fiú a bheith id chaointeachán mar fhreagra.

Samhlaoid an méid thuas ar an bhfírinne léir go mbíonn méid áirithe piúratánachais i bpobal ar bith, am ar bith.

Bhí go maith a bheith in aghaidh leabhair chraicinn tráth; níl anois.

Ní raibh cead an Eaglais Chaitliceach a mhaslú tamall dá raibh; cead lánbhéil agat anois.

Bhí toitíní “cúl” le fada; is cuma nó peaca anois iad. Bhí milseáin do pháistí ina sólás dóibh ar feadh i bhfad; ná tugtar a leithéid níos mó nó bainfear na fiacla asat!

Ábhar grinn is ea an tréad caorach a bhí sa tSeanad in 1942, dar leis an lá inniu. Ní léir dúinn go bhfuil a leithéid chéanna ann anois, ná sa Dáil féin, mar táimidne
tuisceanach, eolgaiseach, liobrálach, nach bhfuil?

B’in inné, seo inniu, ach cad faoi amárach?

I gceann, cá bhfios,
leathchéad bliain eile nuair a athróidh an faisean
intleachtúil, beidh caoirigh eile ag bladar leis an méileach chéanna agus cloisfear na múrtha gáirí fúinne, na barbaraigh mheánaoisiúla sheanfhaiseanta
choimeádacha cúl-le-tuiscint.