Neodracht dhearfach

Go minic amharctar ar an neodracht seo mar earra diúltach, mar rud ar cheart dúinn a bheith náirithe faoi.

Tá an cogadh agus an t-ár san Úcráin ag tabhairt misnigh agus spreagaidh dóibh siúd ar mian leo go ngabhfaimís i bpáirt le Nato, nó le harm Eorpach a bheadh ina scáil air. De ghnáth is timpeall agus ar chúla téarmaí a dhéantar an t-áiteamh i bhfoirm 'ceist í seo nach foláir dúinn í a phlé' nó focail bheaga bhoga mar sin a chaitheamh isteach. Baintear an craiceann dá leithéid agus is é atá á áiteamh 'agus gan amhras, nuair a bheidh an díospóireacht thart ansin beimid réidh chun ceangail leo!'

Le déanaí aimsire táthar éirithe dána, áfach, agus marcaigh na hapacailipse ag fógairt go neamhbhalbh gur chóir dúinn deireadh a chur lenár seasamh traidisiúnta neodrachta. Is fíor go bhfuil an chuma air gur deacra an seasamh seo a chosaint i ngéarchéim na huaire lena bhfuil de scéalta uafáis ag teacht inár dtreo go laethúil. Ach nuair is crua don chailleach is fearr cithfholcadh fuar a ghlacadh agus féachaint máguaird sula dtéann tú isteach i lár na cuilithe.

Más meafar trí chéile an méid sin, is léiriú é ar an mearadh aigne a leanann aon suathadh mór sa saol polaitiúil. Fág go luaitear ‘neodracht’ leis an leagan amach atá againn, b’fhéidir gurbh fhearr ‘neamhchomhghuaillíocht’ a thabhairt air. Is follas nach bhfuilimid neodrach maidir le bá, le guth, le cabhair, le hobair taidhleoireachta sa chomhrac atá ar siúl faoi láthair. Go deimhin, is sinn atá níos neamhbhailbhe agus níos fáiltí roimh go leor eile agus ábhar mórtais, fara cúnamh praicticiúil é sin.

Is cruinne agus is oiriúnaí an focal fada ‘neamhchomhghuaillíocht’ sa mhéid is go ndearbhaíonn sé nach bhfuilimid sásta ceangal le haon slabhra míleata a rachaidh ag cleaingeáil ar fud an tsaoil. Sin é is brí leis an seasamh seo againne agus dá mhíchruinne é an focal ‘neodrach’ ar sin, is é is mó a thagann áiseach sa phlé.

READ MORE

Go minic amharctar ar an neodracht seo mar earra diúltach, mar rud ar cheart dúinn a bheith náirithe faoi. Maítear gur bó bheannaithe againn é ar chóir í a mharú agus a ithe le fáinne rua an lae nuair atá áiteanna eile trí thine. Más bó bheannaithe í b’oiriúnach dúinn go léir a bheith inár bhfeoilséantóirí.

Tá cúiseanna maithe láidre cloí lenár seasamh traidisiúnta neodrachta, agus cúiseanna níos mó fós í a neartú. Cuid acu morálta, cuid eile praicticiúil.

Tagann na híbíjíbíos agus dinglis mhíchompordach orm nuair a luaitear moráltacht sa dioscúrsa idirnáisiúnta. Is beag arm riamh as tír ar bith a tháinig as cogadh ar bith nach raibh ciontach in imeachtaí gránna de shaghas éigin. Nuair atá an scrios thart agus na coirp go léir curtha bíonn guth éigin a dhíth a bhreithneoidh an scéal go fuarchúiseach.

Tá taithí fhada againn ar a bheith ag féachaint lasmuigh den bhloc. Sin an fáth a dtoghtar sinn nuair a chuirimid chuige ar chomhairle slándála na Náisiún Aontaithe. Tá meas orainn ó thaobh na dtaobhanna. Gabh isteach in aon chomhghuaillíocht chogaidh, agus slán go deo leis sin.

Dá mbeimis in Nato, agus sin é a bhíonn i gceist, ní bheadh ionainn ach frigh ar fhathach, dreancaid ar dhroim béiste, mún dreoilín sa bhfarraige. Pé anáil nó tionchar atá againn anois mar ghuth neamhspleách bheadh múchta go deo. Ní bheadh d’anáil againn ach puth spideoige sa ghaoth.

Ach ar d’anam, ná luaitear an t-airgead! Sna suirbhéanna pobail a dhéantar nasctar an cheist mar gheall ar Éirinn aontaithe le hardú cánach agus breis chaiteachais go minic. Athraíonn an toradh go grod. Cuirtear an cheist chéanna an chéad uair eile i bpobalmheas faoi Nato agus féach leat an freagra a gheobhair.

Is ea, abartar go lom é agus gan aon leithscéal, is rud ceart cóir praicticiúil é neodracht na hÉireann.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar