Neodracht agus NATO

Níor chóir go mbeadh aon bhaint againn le fórsaí míleata na mór-roinne


Tá siad chugainn arís. Nár airigh tú iad? Na léinte gorma ina léinte gorma dár ngairm chun troda.

Ní deir siad mar sin é, gan amhras. Tosnaíonn gach díospóireacht le gabh-i-leith réasúnta. ‘Hé, féach! Caithfear é seo a phlé. Bíodh comhrá eadrainn. Ná habair nach bhfeiceann tú go bhfuil fadhb anseo? Is mithid a bheith suas-chun-dáta…’

Is ionann ‘Bíodh díospóireacht againn’ de ghnáth, agus ‘Bíodh díospóireacht againn, agus ansin, tiocfaidh tú timpeall chun na tuisceana folaigh atá agamsa ach nach bhfuil sé de mhisneach agam é a chur os ard chomh lom seo anois mar tá’s agamsa nach mbeidh glacadh leis…’

Is chuige atáim go bhfuil ceathrar uaigneach Fhine Ghael sa Phairlimint Eorpach ag tathant orainn machnamh a dhéanamh arís ar ár seasamh neodrachta idir barbaraigh éagsúla amuigh ansin, thiar agus thoir.

READ MORE

Baintear anuas a gcuid éadaigh argóna, ardaítear an screamh, nochtar an aghaidh fhidil, agus cad é go díreach atá á rá acu?

Is é atá á rá acu ná gur cheart dúinn a bheith inár mbaill lándéanta de NATO agus lánpháirt a ghlacadh go lániomlán go lánchogúil in cibé lánfheachtas a shocrófar go lándleathach dúinn.

Séanfar sin, gan amhras. Séanfar é le lomchúis agus le caolchúis agus le sleamchúis.

Déarfar nach bhfuil ann ach comhoibriú slándála i measc tíortha na hEorpa, comhoibriú gnáthlaethúil nach aon scéal chun na gealaí é, roinnt an eolais idir stáit atá faoi bhagairt ag sceimhlitheoirí.

Mura bhfuil sin cloiste go dtí seo, cloisfear fós é.

Ach is ceart an cheist i gcónaí a chur, ‘Cad é críoch agus deireadh na mbeart?’ ‘Cad ba mhaith leat féin i ndeireadh thiar nuair atá na tairní go léir buailte isteach agus na pubaill scuabtha chun an dísirt?’

Ní bhfaighfear freagra ar cheist chomh díreach leis sin, ach gheobhaidh tú ceo agus monabhar agus seachabairtí agus timpealláin ghabhal spaghetti agus b’fhéidireachaí agus cábhfhiosachaí agus beidhlefeiceálachaí agus n’fheadarachaí (ó Chúige Mumhan).

Ach táimid teidealach ar a fhiafraí cá bhfuil an sprioc?

Mo mhórthuairim féin gurb í an sprioc ag roinnt daoine go mbeimis inár mbaill láníoctha de NATO agus breá toilteanach ionsaí a dhéanamh ar thíortha gainmheacha agus foraoismheara amuigh ansin ina bhfuil daoine ‘nach bhfuil cosúil linne’.

Ní déarfar sin, gan dabhta, ach cuirfear cló deas réasúnta séimh comhpháirteach intuigthe air. Tógfar an focal ‘cosaint’ as an mála, agus déanfar é a chraitheadh timpeall ar nós snaoise ar an mBlascaod.

Ní foláir dúinn sinn féin ‘a chosaint’ ar na naimhde iomadúla dorcha amuigh ansiúd a dhéanfaidh sinn a scrios ar maidin roimh ghiolcadh an ghealbhain.

Bíodh go bhfuil traidisiún iontach ag an Arm óglach againn féin, agus meas dá réir orthu sa chuid den domhan nár tháinig faoi chosa ar bolg na bhfórsaí móra, fós féin is ann do bhaicle eile ar mhaith leo greim a fháil ar na bréagáin tine is déanaí. Cén fáth nár mhian le buachaillí bó na gunnaí is déanaí a bheith acu?

Is í an deacracht atá agam féin ná go n-éirím gach maidin agus go dtéim ag siúl ar an trá féachaint cé hiad na Lochlannaigh nua atá ag teacht thar chuan isteach. Ní fheicim long ná árthach ná eitleán ar bith.

Agus leanaim polaitíocht an domhain chomh fada agus is féidir. Ní fheicim liosta le háireamh de thíortha ag bagairt orainn.

Go deimhin deimhin deimhneach, mar dhuine saonta, cuirim an cheist shimplí: an mó de sheans go ndéanfaidh ‘an Eoraip’ ionsaí ar chríocha eile, nó go ndéanfaidh críocha eile ionsaí ar ‘an Eoraip’?

Freagraí ar Facebook amháin.