Nach aoibhinn álainn ar fad iad smidiríní!?

Feisteas bréige is ea an liobrálachas


Nach aoibhinn álainn ar fad iad smidiríní!? Is den tsuimiúlacht go bhfuil an focal seo ‘smidiríní’ ar cheann den bheagán focal a shleamhnaigh isteach sa tSaxBhéarla ón nGaeilge bhriste mar ‘smithereens’.

Cad é nach bhfuil ‘smid’ agus go deimhin féinig féineach, ‘íní’ déanta díobh ar chlár an domhain bhréanaigh?

Anois is arís, is ó am go chéile, tagann chugainn ar eití an eolais go bhfuil sluaite barbartha Ioslaim ar a dteann dícheall ag iarraidh gach a raibh de chomharthaí creidimh eile a scrios. Agus an bhfuil a dheimhin agat? Tá formhór na dtuairiscí sin fíor.

Ach nach é sin is dán agus is dual don duine?

READ MORE

An duine sin sin nach bhfuil leat, níl sé leat; agus an duine sin atá id choinne, tá sé id choinne.

Fágaimis i leataoibh na slí gach a mbaineann le cearta daonna. Ní heol dom duine ar bith a mhaífeadh nach luachmhaire cailín óg dúghorm de chuid na neamhtheagmhálaithe ná an Taj Mahal ar fad ina lánghlóire.

Mo leithscéal, sin é an rá béil a bheadh acu go hoscailte.

Is ann do thurasóireacht na hÉigipte toisc go bhfuair na mílte de mhílte thar áireamh mílte bás ag tógaint na bpioraimidí. Is ann do thurasóireacht na Róimhe ar chnámha na gCríostaithe is ar fhuil na ndaoine go léir nár thug an Laidin ghránna chéimseatúil dúinn. Is ann do thurasóirí ar Maccu Picchu ar shlad na nInceach, mar is cinnte dá mbeadh an bua ag na hInceaigh gur cineál turasóireachta ar fad a bheadh anois ann.

Cuid bhunaidh de choncas, nó d’athchoncas, is ea cé tá le bheith ina sheasamh ina dhealbh i lár an bhaile, is cad tá le baint ag tionscal na turasóireachta as?

Baineadh Leinin as a sheasamh ar fud chathracha oirthear na hEorpa tar éis turgnamh impireacht na Rúise, agus dheineamarna gallán Nelson a shéideadh san aer i bhfad ródhéanach.

Ar deireadh, níl ann ach cén dealbh is mian leat, agus an bhfuil agat an chumhacht lena dhéanamh nó lena leagadh?

Tá scrios déanta ag ISIS ar chuid de sheoda ailtireachta is ealaíne na coda seo den domhan. Leag siad Teampall Bhaal i meán an Fhómhair (cé gur dhóigh leat go mbeadh Críostaithe thar a bheith sásta leis sin – “And the widows of Ashur are loud in their wail/And the idols are broke in the temple of Baal,” mar a scríobh Byron) i bPalmira. Ar nós go cruinn saghas díreach mar a leag an Taliban dealbha an Bhodá in Bamian, suíomh oidhreachta UNESCO, comhchosúil le rialtas Éireannach ag iarraidh bóthar a chur trí Theamhair na Ríthe, abraimis. Barbaracht dhomhaite, más mian linn an saghas sin friotail a úsáid.

Ní fhéadfadh iarthar domhain aon rud mar sin a dhéanamh a choíche ná go deo, an bhféadfadh?

Tá ealaín Chaitliceach na tíre seo ina seasamh ar an méid nár déanadh scrios uirthi ag an mbolgmhór béiceach úd, Harry a Hocht.

Ach is beag í.

Ar éigean má tá oiread is aon eaglais mheánaoiseach amháin fós ar marthain agus ag feidhmiú de dheasca a chuid grabála sa tír, nó go fiú, ar an oileán seo, mar adeirtear inniu. Ba mheasa fós an chreach a dhein sé ar chultúr Shasana – mainistreacha a leagadh, scoileanna a dhúnadh, láimhscríbhinní a dhó, stair a scrios, leabhair a stracadh, léann agus foghlaim a chur chun báis.

De na barbaraigh a bharbaraigh Sasana féin b’é do dhícheall é Harry a Hocht a bharraíocht, gan trácht ar ar dhein sé de scrios ar Éirinn.

Creachadh agus leagadh breis agus 100 séipéal nó mainistir Seirbiach in Cosóbha lenár linn féin – cuid acu a bhí ag paidreoireacht leo go binn ón 12ú haois; agus nach mór leathchéad Mosc in Bahrain le cúpla bliain anuas, le cabhair na mbuamaí breátha anuas ar íocamar astu; agus ó sea, leabharlann na Lobháine sa dara cogadh barbartha; agus a raibh d’fhoirgintí san Iodáil san 19ú haois d’fhonn bóithre iarainn a chur ag stampáil tríd an tír – gan trácht ar ar dódh de leabhair ag pobail dheasa dhaonlathacha féin gan a bheith rófhada ó shin, leabhair Wilhelm Reich sna Stáit thall; loisc cara Mhargaret Thatcher na Sile, an Ginearál Pinochet, na céadta milliún leabhar le húdair nár aontaigh sé leo.

Is é sin le rá, nuair a ghabhann an gabhar faoin gcraiceann ní slán do dhuine ar bith. Íolbhristeoir is ea gach creidmheach a ghéilleann do rud ar bith, níl uait ach an ceathrúscéal chun an chasúir a thógaint amach agus gabháil de bhuillí sa namhaid.

Feisteas bréige is ea an liobrálachas a ligeann air go bhfuil glacadh le gach saghas ealaíne agus scríbhneoireachta. Ar scáth na smidiríní táimid ar marthain.

Smid de Mein Kampf duine ar bith?