Na scannail seo romhainn

Tá na taibhsí aníos á nochtadh anois, idir eagla agus fháilte rompu


Is deacair breith ar na scannail uafáis atá ag gabháil steallaidh orainn ó chianaibh.

Ar leith amháin tá uafás na leanaí uchtála, agus ina gcoinne sin thall tá reiligí na naíonán gan bhaisteadh, nó le baisteadh, nach raibh acu ach faiteadh féin na súl ar éigean seal beag gairid acu ar an saol seo.

Ní hé nach raibh a fhios againn, gan amhras, sin é an dearmad mór.

Is maith is cuimhin liom an tinneall den eagla a bhí sa chaint nuair a luaití na scoileanna tionsclaíochta, na dílleachtlanna, na foirgnimh ina sactaí na máithreacha neamhphósta.

READ MORE

Théití tharstu go faichilleach, leathshúil thar an ngualainn ar eagla go mbéarfaí ort, leathshúil eile ag gliúcaíocht isteach le teann fiosrachta.

Ba gheall é le siúl thairis an reilig, agus sceimhle ort go nochtfadh na taibhsí aníos.

Tá na taibhsí aníos á nochtadh anois, idir eagla agus fháilte rompu.

Eagla, toisc má fuair breis agus 80 faoin gcéad de na leanaí a saolaíodh in áras amháin díobh bás, mar atá tuairiscithe, is deacair cosaint ar bith a dhéanamh ar na daoine a bhí ina bhun.

Dá mhéid iomrascála a dhéanann tú led intinn, dá mhéid réasúnaíochta a leaisticeálann tú ina thimpeall, éalú ar bith níl ón uafás.

Feartar fáilte roimh na drochscéalta chomh maith, ait go leor, mar is cruthú arís ar ais é go raibh Éire na linne sin go gránna agus go barbartha agus go fíochmhar agus go míthrócaireach, rud is eol do gach duine atá beo anois, mar adéarfá.

Is ea, bhí siad siúd aineolach neamhshibhialta, agus táimidne go solasmhar inlaightiniúlaithe.

Cén fáth go dtagann boladh bréan an éirí in airde mórálta chugam ar an ngaoith?

Is í an cheist ná, cad a bheidh i mbinsí fiosraithe na mblianta seo romhainn amach?

Scannail le teacht?

Cad iad na scannail atá ar lic an dorais againn féin anois a mbeifear dár mallachtú dá ndeasca nuair a éireoidh an ghrian orthu?

Cad í an doircheacht atá go geal os ár gcomhair a bhfuil gach leithscéal faoin spéir againn á cosaint le fíréantacht cheartaiseach gach uile lá?

Cá dtosnóm?

A bhfuil de dhaoine gan dídean ina gcónaí ar na sráideanna, i lánaí dorcha, i bpluaiseanna ar imeall na slí?

Ach nach orthu féin atá an locht, nach bhfuil dóthain oibre ann dóibh dá n-éireodh siad aníos as a dtóin, ní sinne a thug na drugaí dóibh, ná cuirtear im cheantarsa iad, íslíonn siad praghas na dtithe, ní féidir cur isteach ar an maoin phríobháideach, is é an margadh an tiarna, ní bheidh aon ní a dhíth orm, cuireann sé féin mé im shuí go te sa seoladh is fearr, ungann sé mo cheann le hairgead, tá mo chupa ag cur thairis.

Agus an Soláthar Díreach sin do theifigh ar a gcoimeád ón mbás agus ón ngorta?

Nár cheart go mbeadh siad buíoch go bhfaigheann siad cúpla seiceal in aghaidh na seachtaine?... ní sinne a d’iarr orthu teacht anseo, tá an iomad díobh ann ar aon nós, ní ciníochas é seo, ní hionann a gcás agus imircigh óga na hÉireann, níl aon rud agam ina gcoinne ach níor mhaith liom go bpósfadh iníon liom duine díobh, tá francaigh sa chistin againne chomh maith, tá teorainn le páipéar leithris fara gach rud eile, tugtar aire dár mbochta féin ar dtús.

Is é a chuirfeadh alltacht ort faoi scannail na mblianta a d’imigh ná go raibh a fhios againn.

Bhí a fhios againn go maith.

Is é a chuireann alltacht orainn faoi scannail na mblianta seo faoi láthair na go bhfuil a lánfhios againn – chomh dearfach céanna.

Níl ann ach go bhfuil a mhalairt de leithscéalta againn.