Lá maith é ag scríbhneoir ar bith cúpla euro a fháil. Lá níos fearr é aitheantas agus cúpla euro a fháil. Agus an lá is fearr ag scríbhneoirí – cúpla euro, aitheantas agus lucht léitheoireachta a aimsiú le chéile.
Éiríonn leis na gradaim éagsúla atá ann d’údair Ghaeilge – Gradam Uí Shúilleabháin agus gradaim liteartha Oireachtas na Gaeilge – beagán buíochais agus poiblíochta a thabhairt d’údair gach aon bhliain.
Tá sin le moladh.
Faigheann na húdair oíche chun siamsaíochta agus seic dheas mar chuimhneachán as a gcuid oibre. Bíonn comhluadair ann le cur i gcuimhne dóibh gurb ann do scríbhneoirí eile. Ar an scríbhneoir agus ceoltóir Tadhg Mac Dhonnagáin a bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin i mbliana as a leabhar, Mise Raiftearaí: an fíodóir focal (Futa Fata). Fuair mórán scríbhneoirí eile gradam agus dorn euro as a saothar féin i gcomórtais liteartha an Oireachtais ar na mallaibh fosta.
Lena chois sin, an t-am seo bliana 30 bliain ó shin a chuir Cló Iar-Chonnacht an chéad leabhar dá gcuid i láthair an phobail. Éacht atá ann gurb ann don teach beag foilsitheoireachta seo go fóill. Smaointigh ar na nuachtáin ar fad a bhí ann agus a d’imigh le linn an ama sin.
Agus seo comhlacht – comhlacht a bhí cineálta go leor leabhar de mo chuid féin a chur i gcló – seo iad agus 30 bliain i mbun foilsitheoireachta á cheiliúradh acu.
An dtuigeann muid i ndáiríre an obair mhór atá déanta leis an tionscnamh sin a choinneáil ag dul agus an dtuigeann go leor de lucht na Gaeilge – gan a bheith ag caint ar lucht an Bhéarla – an saibhreas litríochta agus ceoil a chuir siad ar fáil?
De réir mar a imíonn an t-am, mothaíonn tú go bhfuil rud amháin ar iarraidh go fóill i saol liteartha na Gaeilge – lucht léitheoireachta mór. Tá réimse leabhar ar fáil anois nach raibh ar fáil tá 30 bliain ó shin agus tá dornán foilsitheoirí maithe ann.
Agus má tá na húdair le moladh as a misneach, tá na foilsitheoirí le moladh as ábhar slachtmhar a chur i gcló.
Ní bréag a rá nach n-éireoidh údair nó foilsitheoirí ramhar ar earnáil na leabhar ach is trua nach ndéanann lucht na Gaeilge iarracht níos mó léitheoireachta a dhéanamh.
Mura ndéanann tú rud ar bith eile ar son na Gaeilge idir seo agus an Nollaig, b’fhéidir go gcuirfeá an trioblóid ort féin – más trioblóid í – cuairt a thabhairt ar shiopa leabhar agus leabhar Gaeilge a cheannach?
Is minic a bhíonn muid ag caint ar 'ghníomhaí' teanga ach nach iontach an gníomh teanga é leabhar a léamh ? *** AGUS AG caint ar údair... Nóta aniar as Oileáin Árann go bhfuil cnuasach filíochta – Bean Árann (Nuascéalta Teoranta, www.nuascealta.com) – i gcló le Máire Áine Ní Dhireáin.
Níor tháinig an leabhar a fhad leis an deasc i nDuibhlinn go fóill ach tugann an t-ábhar poiblíochta le fios: “Rith bua na filíochta ariamh le Direánaigh an tSrutháin. Cuireann cnuasach cumasach nua filíochta ... leis an traidisiún seo.”
Tá liníocht leis an ealaíontóir Cathal Póirtéir sa leabhar agus cuireann an scríbhneoir Tomás Mac Síomóin leaganacha Béarla de na dánta ar fáil. Lena chois sin, tá Ní Dhireáin ina neacht ag Máirtín Ó Direáin, file. Bhuel, bí ag caint ar ghinealach.
Bhí an t-ádh orm féin gur chuala mé Máirtín Ó Direáin ag léamh a chuid dánta i mBéal Feirste fadó fadó fadó. Bhí a shaothar ar an chúrsa A-leibhéal agus chuir an múinteoir Gaeilge cuireadh air teacht chun na cathrach. I gCumann Chluain Ard a rinne Ó Direáin an léamh agus ba é a bhí uasal; ba é a labhair go maith linne, déagóirí mí-aibí.
Blianta na mbalaclavas agus na mBrits a bhí ann ach tháinig Ó Direáin ina ainneoin sin. Sheas sé sa halla – fuar más buan mo chuimhne – agus léigh leis.
Is minic a bhím buíoch den mhúinteoir agus de mhuintir Chluain Ard as an oíche sin a reáchtáil.
Chuala mé duine d’fhilí móra na hÉireann agus seo anois neacht dá chuid chugainn.
Ní trioblóid ar bith é cineáltas a huncail a aisíoc agus tá súil agam go léifidh sí féin i gCumann Chluain Ard amach anseo agus macalla eile a bhaint as na ballaí céanna.