Mar a bheifeá ag súil leis, léiríonn Johnny Marr (aka Johnny Maher, iar-sheinnteoir giotáir leis an racghrúpa cáiliúil The Smiths), tuairimí láidre ar an albam is déanaí uaidh dar teideal Playland.
Ba é Marr a scríobh cuid mhór de na hamhráin a bhain cáil amach do The Smiths ag tús na 1980í. Gael-Shasanaigh a rugadh i Manchain a bhí sa cheathrar aitheanta céanna lena n-áirítear Andy Rourke agus an drumadóir Mike Joyce. Níor fhan an ceathrar fear óg le chéile rófhada.
Mar is dual do na Gaeil i gcoitinne, tharla an scoilt! Cúig bliana a mhair The Smiths, idir 1982 agus 1987, cé go sílfeá a mhalairt ón méid atá scríofa agus ráite fúthu ó shin i leith agus ón adhradh a dhéantar orthu i Sasana, fiú sa lá atá inniu ann. Maítear gurbh é The Smiths an chéad ghrúpa “indie” riamh sa tír sin a bhain ionad amach i lár an tsrutha ach ar a dtéarmaí féin.
Is minic a dhearmadtar inniu go raibh Morrissey agus a chomhghleacaithe ag scríobh agus ag rá amhrán ar ábhair níos uilíche ná Angst an déagóra óig chathrach amháin. Bhí léiriú sa bhreis ar an saol comhaimseartha á dhéanamh acu sna halbaim ar nós The Smiths (1984), Meat is Murder (1985), The Queen is Dead (1986) agus Strangeways, Here We Come (1987).
Ní hamháin gur chan The Smiths faoin saol dearóil a bhí ag cosmhuintir bhocht na lár-chathrach ach léirigh siad freisin na gnéithe saoil ab ábhar imní dá muintir féin, go háirithe an tslí inar tharla díothú do ghnólachtaí fadbhunaithe thuaisceart Shasana, gnólachtaí a raibh obair dhéantúsaíochta lárnach iontu agus iad siúd a raibh pór na hÉireann lárnach iontu leis na cianta.
Le linn réimeas Thatcher scriosadh tionscail thraidisiúnta ó thuaidh. Bhí fuath ag Johnny Marr agus a ghlúin siúd i dTuaisceart Shasana do gach ar bhain leis an bpáirtí Coimeádach, ní nach ionadh.
Díol suntais gur thug Marr dúshlán David Cameron ar na mallaibh, trí mheán Twitter, nuair a dúirt príomhaire na Breataine go raibh na Smiths ar cheann de na bannaí ab ansa leis. “Coiscim ort taitneamh a bhaint as ceol na Smiths,” a dúirt Marr go binbeach.
Fuaim aitheanta ghiotár Marr atá le clos ar an albam aonair seo Playland, an stíl shainiúil ghleoránach sin a bhain cáil amach dó an chéad lá riamh. Agus ta foinn fhuinniúla anseo chomh maith a spreagfadh gliogram cos. Is cliste an tslí a sleamhnaíonn Marr téamaí tábhachtacha isteach sna rac-amhráin aige. Maidir le popcheol an lae inniu, tá Marr ciniciúil go maith; toisc meon an mhargaidh a bheith ag teacht roimh gach ní eile, ní ardaíonn ach fíor-bheagán ceoltóirí nua-aimseartha ceisteanna i dtaobh feidhm na healaíne ná tábhacht an cheoil sa tsochaí chomhaimseartha.
Ar na ceisteanna tábhachtacha eile a dtéann Marr i ngleic leo ar an albam seo tá fadhb an chaipitleachais dhoshrianta agus an tsaint chun airgid atá mar smál ar ár ré dhearóil féin. Níl a leithéid ann agus Easy Money a mhaíonn Marr, agus seo teideal ceann de na foinn is fearr ar Playland.
Ábhar níos tromchúisí fós, seans, a chíorann Marr sna hamhráin The Trap, Back in the Box agus Candidate, is ea cumhacht na nua-theicneolaíochta.
Tá amhras ar Marr go bhfuil na meáin shóisialta nua ag feidhmiú ar mhaithe le leas na scothaicmí, na brúghrúpaí, agus go bhfuil an dioscúrsa poiblí á rialú ag na scothaicmí céanna sa chaoi go bhfuilimid go léir ionann is faoi smacht ag an gcóras agus faoi stiúir ag pé idé-eolaíocht a scaipeann bunaíocht na sochaí na laethanta seo.
MÍCHEÁL Ó hAODHA