Deirtear go raibh glincín éigin sa ghrágán ag giollaí úd Rí Eoin Shasana agus iad ag dul timpeall ag leagadh na gcontaetha Gallda síos.
Ní foláir nó bhí, óir conas a ghearrfadh siad suas iad mar atá: Ciarraí is a ladhracha le Meiriceá, Laois ina thaos nár fuineadh agus mar sin de.
Bíodh a theist ar an útamáil sin anois: Ros Comáin ag éileamh smuit d’Áth Luain, Port Láirge ag iarraidh roinnt iománaithe a ghoid ó Chaill Chainnigh.
Ní hiad na línte a leagadh síos anallód na línte atá anois ann, mar is follas ar léarscáil an domhain; agus is dearfaí fós gurb iad línte an lae inniu na roic a mbeifear iad a iarnáil amach sna blianta seo romhainn.
Tá tuairiscithe gur mhol giolla de chuid Trumpa an Domhain gur chóir trí roinn a dhéanamh de Libia agus gur tharraing sé an léarscáil nua ar naipcín póca le linn dinnéir agus fíona roimh Nollaig.
Níl oiread sin cloiste againn um scéim sin Sebastian Gorka ó shin, ach deirtear go bhfuil tarraiceán speisialta sa Teach Bán ina gcoinnítear naipcíní ar a bhfuil pleananna an domhain scríte.
Solaoid shoiléir an scéal seo ar an tslí a chaitear le, agus a chaití le fearainn iasachta nár tuigeadh, agus nach raibh fonn ar iad a thuiscint. Áit ar bith a fheiceann tú líne dhíreach, bíodh amhras ort!
Ní ar línte díreacha a shiúlann an saol, ach is orthu a ghluaiseann na cumhachtaí móra. Is fearr an chaime atá dílis ná an díreach atá cam, mar adeir an seanfhocal sin atá go díreach cumtha agam anois.
Chomáin na Rómhánaigh bharbartha carbadbhealaí móra go lomdíreach trí dhúichí a mbíodh bóithre iontu a ghabh an tslí go réidh.
Scéal fada tharraingt línte ar léarscáileanna beag beann ar dhaoine is ea stair an domhain.
Is ea, leis, ní raibh i gComhdháil úd Bheirlín 1884-5 ach mar a bheadh cóisir breá ann inar dáileadh dúichí fairsinge na hAfraice ar chumhachtaí éagsúla na hEorpa, saghas cluiche Monopoly inar malartaíodh fearainn: 'Seo, bíodh an ceann seo agatsa!'
‘Ní leor é sin, beidh píosa eile agam.’
‘Mo leithscéal, b’fhearr liomsa an ceann seo.’
‘Liomsa é seo!’
‘Ní hea, liomsa é!’
‘Tabhair dom é!’
‘Nó, mises mises, mises!’
An t-aon chúis a bhfuil lúb bheag ar theorainneacha na Somáile ná gur tháinig crith láimhe ar an té a bhí ag tarraingt na léarscáile.
Is féidir a leithéid chéanna a áiteamh maidir le Comhdháil Versailles tar éis an chéad chogaidh bharbartha, agus Comhdháil Vienna ina raibh na bligeaird sin Metternich agus Talleyrand ag smúracht timpeall ag iarraidh na seanréimeas a choimeád i gcumhacht.
Dáileadh na creiche is bun le gach ócáid mar iad, agus is róchuma má tharraingítear an toradh ar phár os cionn boird dara, nó ar naipcín póca a phioctar amach leis an mionsóinseáil mar mhalairt ar chiarsúr síoda.
Is é oighear an scéil é, áfach, ná go bhfuil dianghá le haistarraingt léarscáileanna agus le díscaoileadh seanshocruithe polaitiúla – mar is eol dúinn féin.
Is léir nach bhfuil aon bhrí leis an tSiria, agus ní raibh riamh.
Ní raibh aon bhrí leis an Libia ach an oiread, ach b’fhearr eolas beagán níos doimhne ná mar a léirigh Sebastian Gorka leis an scrios a déanadh ar an tír sin a réiteach.
Is beag aighneas ar fuaid an domhain nach bhfuil baint éigin ag drochtharraingt léarscáile leis na blianta fada sin ó shin; rud a d’fhágfadh go bhfuil níos gátaraí a bhfuil le cur ina cheart a dhéanamh go cóir an t-am seo.
Cén dóchas atá ann go dtarlóidh sin? An seans céanna is atá ag an Vatacáin Craobh an Domhain sa pheil a bhuachan…