Labhrann an aimsir

Níl neart ar an aimsir

Táim ag teacht chugaibh pé ar domhan é.

B’fhéidir nach maith libh mé, agus nach mise an ghrian ná an ghealach amháin, ná an teas bog ar thaobh na trá, ná an ghaoth fhionnuar a chuimilíonn craiceann, ná fómhar na ngéanna. B’fhéidir go bhfuil mé ag faire oraibh. B’fhéidir nach bhfuil mé deas in aon chor, mar a shíl sibh. Cén fáth a mbeinn?

Nár thosnaigh mé thiar im scamall beag chomh soineanta leis an scoithín cadáis féin nach ndéanfadh dochar don ribe féir? Nach bhfuil an ghaoth ina dlúthchara agam, agus í chomh ciúin féin leis an bputh a ligeadh an dreoilín as a ghob?

Nach rabhamar sona sásta, mé féin is an ghaoth is an fharraige, gan duine ná deoraí ag cur isteach orainn?

READ MORE

Is ea, thagadh fearg éigin orainn gach cúpla milliún bliain, ach ba ghnáthrud é sin nach fiú teacht thairis. Is maith mar a thuigeann an t-iasc sa mhuir is an t-each ar an machaire an méid sin. Cén cnoc nó sliabh nó bolcán nó farraige féin nach dtagann fearg air gach cúpla milliún bliain?

Tháinig fearg orainne mar bhíothas ag magadh fúinn, mé féin is lucht mo pháirte.

“Há, há, há!” adeireadh na seangáin thíos agus timpeall, “tá smacht anois againn oraibh.” Agus dheineadh sibh drannadh magaidh orainn agus d’fhógraítí é níos airde ná na néallta féin. Ghoill sin orm, ar chúis éigin.

Ní hé gur theastaigh uaim díoltas a bhaint amach. Ní neach mar sin mé. Ach bhí rud éigin dom phlúchadh. Bhí gal bhréan ag teacht aníos as an domhan gur chaith mé na billiúin bliain á chosaint.

Chosain mé an talamh ar ionsaithe ón spás agus ar urlacan óna lár.

Chosain mé é nuair a bhí díneasáir á ndíbirt agus feithidí á bhfógairt ar fán. Chosain mé ar an luaithreach liath is ar an teas lárnach é.

Is dá réir sin adúirt mé “Há, há, há” ar ais, is mé ag súil go n-éistfeadh sibh liom. Is cosúil gur cuma libh is shamhlaigh mé gur mithid ceacht a mhúineadh. Ní maith liom é sin a dhéanamh mar is cuma nó athair is máthair mé don chine dona, ach is cuma leis an gcine dona fúmsa ná faoi mo chuid gaolta.

Uaireanta, ceapaim go bhfuil intleacht agaibh, an cine dona. Féachann sibh in airde orm agus déanann sibh iarracht ar mé a chiallú.

Nílim ag rá nach bhfuil sibh níos cliste ná na muca ná na ba a bhfuil an chuma orthu nach dtuigeann siad faic – cé nach bhfuil sin fíor ar fad.

Uaireanta ceapaim go bhfuil sibh níos cliste ná na leamhain a ghluaiseann ar fud an domhain is na bradáin a thuigeann cad as dóibh – ach nílim cinnte de sin ach an oiread.

Ach uaireanta eile ceapaim go bhfuil sibh ar na seangáin is dúire ar domhan.

Dúirt mé libh nach bhféadfaí mo chuid scámhóg a thachtadh le deatach is le smúid, ach níor éist sibh liom.

Dúirt mé libh gan na huiscí a ghlan mé sa lá is a ghluais mé san oíche a phulcadh le dramhaíl.

Dúirt mé libh go raibh an leac oighre go hálainn ina cáilíocht féin agus gan baint leis beag ná mór.

Dúirt mé libh gan nimh a chur im chré bheannaithe féin nó gur daoibh ba mheasa.

Dúirt mé libh nach bhféadfainn cur suas le boladh bhroimneach na bó, gan trácht ar ar fhág sí de bhréantas san aer. Dúirt mé libh go bhféadfadh bhur gcuid cathracha a bheith ag stolladh tobac ach nach bhfulaingeoinn leis go brách.

Dhein sibh gáire is chuir sibh coistí ar bun. Is mó coiste a cuireadh ar bun, ach trácht ar bith níl anois orthu.

Bhunaigh sibh a thuilleadh coistí is dhein sibh gáire arís. Ní maith liom a rá go raibh mé ag faire ar mo sheans, ach shin mar a bíos.

Táim féin chomh daonna leis an domhan agus chomh duineata leis an dara, nó leis an dona duine.

Nár dhein mé freastal oraibh le cuimhne na lus?

Nár chuir mé uisce ar fáil nuair a bhí sibh ina ghá, agus teas chun go mbláthódh sibh?

Nár scaip mé síolta agus nár threoraigh mé don dúlra chun bhur leasa?

Nár chruthaigh mé gach ainmhí is créatúr de réir a ghné, bíodh siad srónfhada nó adharc-chrua nó clúmhbhog?

Nár chuir mé scaif chosanta timpeall oraibh chun nach dtitfeadh bruscar na cruinne ar bhur gceann?

Nach mise an tiarna, dáiríre, seachas sibhse?

Cén fáth nach bhfoghlaimeodh sibh umhlaíocht éigin, ar nós gach créatúir eile?