Ní treabhadóir mise a threabhaigh ná a d’fhuirsigh is mo chairde ní aithneodh siad na tréithe. Bíodh sin mar atá, bíonn ar dhuine an mhalairt a thriail go fiú is dá gcuirfeadh sé a chiall i mbaol.
Chuige sin thriallas ar ionad na gcomórtas treabhadóireachta i Ráth an Uisce i gContae na Banríona an tseachtain cheana. Tá chomh maith an t-ainm bunaidh sin a thabhairt ar an áit ar son comhthuisceana agus ar son maithiúnais a lorg do na hionsaithe barbartha sin a dhein na Mórdhaigh agus na Díomasaigh ar an bPáil tráth dá raibh.
Bhí pictiúr áirithe im chloigeann agus im shamhlaíocht agam sular leag mé buatais Vellington san áit.
Bhíos ag coinne go mbeadh lucht cleas ann, agus lucht ceoil, agus lucht rince, agus lucht cártaí, agus lucht méaracán agus lucht pócaí do phiocadh.
Agus ní raibh díomá orm, beag ná mór. Bhí siad ann go tiubh is go ramhar is go leathanbhrógach. Bhí cuid acu tarrmhór, muineáldhearg, agus corcarshrónach.
Deirtear go raibh óg is aosta ann, ach is cinnte go raibh an óige aosta, agus a raibh aosta críonna. Chuala Béarla nár labhradh i mball ar bith ón 17ú haois. Thar aon rud eile, áfach, níor dhóigh leat gur tharla gorta riamh in Éirinn.
Ina choinne sin bhí innill ann ar taispeáint nach bhfeicfeá ach i scannán spásfhicsin. Sciatháin ollmhóra orthu a dhéanfadh tú a scuabadh chun siúil in ala na huaire. Gob orthu níos gránna ná ollphéist Locha Nis. A thuilleadh fós nach dtabharfá de shamhail dóibh ach feithidí arrachtúla a chuaigh i méid leis an iomad de na hinsteallaí sin a thugtar do na sclábhaithe beithíoch nach raibh fuascailt i ndán dóibh.
Go deimhin, ar feadh i bhfad, b’iad na béisteanna céanna sin ba mhoo ar chuireas suaithinseacht iontu. Bhí tairbh áirithe ann a raibh níos mó ribíní gnóthaithe acu na ginearál Rúiseach ar bith; a thuilleadh fós a raibh úthanna níos raimhre futhu ná mar a gheofá d’ispíní i mbialainn sa Ghearmáin. Chonac gabhair ann a bhí á lomadh le deimheas, agus muca ag méileach toisc nár déanadh iad a chrú.
B’í an treabhadóireacht ab fhearr ar fad, áfach. Go díreach mar atá friotal faoi leith ag baint leis an iomáint agus leis an bpeil – “Cén fáth nach raibh tú i mBéal na Bláth?”, “Ní cluiche leadóige é seo!”, “Tarraing leat, tá a chloigeann tiubh!” – tá stíl cainte áirithe timpeall ar ealaín an treafa chomh maith.
Is trua nach raibh taifeadán agam chun í a thabhairt liom go cruinn, ach ní fhéadfainn go leor di a dhearmad: “Coinnigh díreach é!” “An bhfaca tú an fód sin?” “Níl a shamhail d’iomaire ar ghort ná ar aonach.” “Féach casadh an chapaill!” “Geall le hiompó leathanaigh é!” “Mo ghráin thú!” “Níor chuaigh an bainne gabhair amú air sin!” “Níl ann ach searrach mhiúil an Ghobáin tSaoir!” “Chomh cam le do chaincín mór!” “Níl ádh na mbardal aige!” “Beidh sé sa phluda má tá braon lem shúil!” “Ní mharódh fliuchán na díle é!” “Dar muige, cuir eireaball an reithe id bhéal!” “An t-ainmhí sin saor ó pheaca!” “Tochas gan chuimilt ort!” “Ní rachadh an tarracóir sin thar an ngandal!” “Fuair an t-inneall úd bainne brollaigh gan bhréig!” “Láir dá bhfaca thú!”
Ba léir go raibh mé i láthair cultúir a bhí deoranta ar fad dom, mar is duine mé féin a thugann grá mo chroí go fíochmhar don stroighin, don choincréit, don tarramhacadam faoim chosa, don chrua-rud; don ghleo, don ghluaisteán, don chlibirt sráide, don fhothrom.
Ba shaol eile é seo, saol nach dteagmhaítear leis ach ar Ceol Tíre TG4, agus i ndrámaí Martin McDonagh, agus i scannáin Hollywood nuair is mian leo airgead a mhealladh ó shaontacháin as Inis Fraoich. Nó b'in a shíl mé. Ach toisc go bhfuil smut den sadamhasacas ionam éistim ó am go chéile le hamhráin ar shíl mé iad a bheith faoi na foda sínte, agus tagann Ráth an Uisce ar ais chugam ina lánghéire.
Níor aisling mheabhail a bhí ann, ná tromluí, ná rud a fuair bás aréir ar sceach, ach stiall stéige de shaol na hÉireann, slisne bagúin atá fós ar fiuchadh, cáis ar déanadh dearmad a chur ar ais sa chuisneoir, bainne ramhar nach bhféadfaí a uisciliú, meadhg a bhí riamh ag míogarnaigh gan dul as.
Ach is ann dóibh go fóill, Richie Kavanagh, agus Seamus Moore, agus The Rusty Roosters, agus The Whiskey Jacks a chuireann sceimhle orm ar shlí nach gcuirfeadh scairdeitleáin na buamála dá mbeinn i dtír Arabach a raibh ola aici.
ALAN TITLEY