Fuil nó talamh nó croí

Coinbhleacht é seo idir saoránacht de cheart fola, de cheart talaimh, agus de charthanúlacht chroí

Trí cinn de dhíospóireachtaí a tharla le déanaí ar an nuachtán seo agus ar na meáin ar cuid den slabhra céanna iad, mar atá, ar chóir Lisa Smith a thabhairt abhaile ó na Curdaigh, ar cheart vóta a bheith ag Éireannaigh ar deoraíocht, agus ar bhotún é reifreann ciníoch 2004 a bhain cead lonnaithe agus cearta ó leanaí neamhurchóideacha a saolaíodh anseo.

Baineann lán na dtrí cinn acu le saoránacht na hÉireann agus cad iad na dualgais atá orainn ina leith.

Díol colúin aonair gach ceann díobh, ach tá an t-am gairid agus an nuacht ag imeacht agus a raibh inné ní hé inniu agus d’imigh sin agus tagann seo. An chéad cheann díobh fuiriste go leor: ní hé go bhfuil aon dualgas ar an stát dul i mbaol a anama ar Lisa Smith a thabhairt abhaile sa chás is gurb é sin atá uaithi. Ach tá sí féin agus a hiníon teidealach ar lonnú in Éirinn in ainneoin a páirtíochta le harm gránna barbartha míthrócaireach, bíodh nach eol dúinn go cruinn díreach cad í an bhaint a bhí aici leo. Ach más páirtíocht le harm gránna barbartha míthrócaireach an bonn le carthanacht agus le cabhair a dhiúltú, d’fhéadfaí cromadh ar cheisteanna a chur maidir le fir de chuid na tíre seo a chlasaigh le slógadh Gallda agus a chuir an saol bunoscionn ar fud an domhain. Ní hea amháin gur thug siad oiliúint d’fhir óga iasachta eile, ach dá ráite féin, mharaigh siad páistí, mná agus bodaigh san Iaráic, san Libia, san Afganastáin agus ar aghaidh leat. Guth ní chloisim ag caint orthu. Ar chúis éigin.

Tógadh ceist shimplí maidir lenár muintir thar lear: ar chóir vóta a thabhairt dóibh i dtoghchán na huachtaránachta? Tuairim bhreá oscailte liobrálach diaspórúil a bhí ann nuair a bhí an choinneal san fhuinneoig ag Mary Robinson, agus sinn oscailte fáilteach do na díbeartaigh bhochta nuair a ghabhann Michael D ar cuaird chucu, ach go tobann, nuair a thig an crú ar an uillinn ghéar fáisctear na leithscéalta aníos as tobar na sprionlaitheachta. Tá ciall éigin leis an moladh nár cheart go mbeadh ionadaíocht gan cháin a íoc i gcás toghadh rialtais de, ach ba dhóigh leat gur duine é an tUachtarán a chuimsíonn pobal leathan na hÉireann soir siar. Nó, nárbh é sin an íomhá a bhí á cruthú againn dúinn féin?

READ MORE

Níl aon amhras ormsa ná gur léirigh reifreann ciníoch Mhic Dhubhghaill sin 2004 an chuid is bréine agus is lofa de mhuintir na hÉireann. Cúis náire agus ceann faoi dhúinn gur ghéilleamar don phíopaireacht fhrithdhaonna a mbeadh an Trumpa Dónall mórálach as. Bua ba ea é don fhuil ar an talamh. Shíleamar go raibh deireadh leis sin ó aimsir Shéathrúin Chéitinn. Ach bhí iarmhairt mhídhaonna á leanúint. Fágadh ógra a rugadh agus a tógadh in Éirinn ina neamhdhaoine.

Tá samplaí scannalacha cheana againn agus baol díbeartha ar dhaltaí meánscoile nárbh eol dóibh tada ach Éire iathghlas oileánach; na céadta de pháistí agus de dhaoine óga gan cáipéisí ag gabháil dá ngnáthshaol ar fud na tíre agus gan cead acu freastal ar ollscoil ná fostaíocht bhuan a fháil gan bhaol a n-ionnarbadh. Taibhsí iad a saolaíodh inár measc ach iad gan fhuil gan fheoil. Ní fheictear iad, agus is é is mian leis an stát go ndéanfaí iad a dhíbirt mar phúcaí. Toradh reifrinn 2004 na scannail seo.

Coinbhleacht é seo idir saoránacht de cheart fola, de cheart talaimh, agus de charthanúlacht chroí. Ní cúrsaí Críostaíochta é (an cuimhin libh sin?), ach cúrsaí an phrionsabail sin is bun le gach aon tsaghas móráltachta i ngach aon phobal riamh: caitear le daoine eile mar is mian leat go gcaithfí leat féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar