Foilsitheoireacht na Gaeilge faoi bhláth

Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta 2020 fógartha

Ceistítear go minic cén chaoi ar féidir léamh agus scríobh na Gaeilge a chur chun cinn nuair nach mbíonn fáil ach ar chorr leabhar Gaeilge ar sheilpeanna na mór shiopaí leabhar agus nuair nach dtugtar mórán airde ach an oiread orthu sna meáin náisiúnta.

Cén seans a bheadh ag an té a chuireadh roimhe nó roimpi ceird na scríbhneoireachta a chleachtadh as Gaeilge agus clú náisiúnta nó idirnáisiúnta a bhaint amach dá gcuid saothair faoi na cúinsí seo? Cén seans a bheadh acu dóthain a thuilleamh as a gceird chun maireachtáil neamhspleách ar fhoinsí eile airgid?

Ceisteanna iad sin dar ndóigh atá deacair le freagairt.

Ach, agus é faoi agallamh ar na leathanaigh seo i mbliana dúirt an scríbhneoir Seán de Fréine go bhfuil muid i ré órga ó thaobh scríbhneoireacht na Gaeilge de. Cé go bhfuil sé deacair nós na léitheoireachta i nGaeilge a fhréamhú i ndaltaí scoile, measann sé go bhfuil i bhfad níos mó dá scríobh anois ná mar a bhí ariamh.

READ MORE

Agus ba dheacair easaontú leis. Cé nach bhfuil sé éasca ar na saolta seo slí bheatha a thuilleamh as scríbhneoireacht nó as foilsitheoireacht na Gaeilge tá an earnáil faoi bhláth mar sin féin.

Ar na mallaibh, le linn dó a bheith ag fógairt Gearrliostaí do Ghradaim Fhoilsitheoireachta an 2020, shín Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha a mhéar i dtreo réiteach na ceiste nuair a dúirt sé gur léiriú é an líon saothar atá san áireamh i mbliana ar shár-chaighdeán earnáil na foilsitheoireachta.

Leabhair Ghaeilge

Cé nach bhfuil fáil go forleathan ar leabhair Ghaeilge, sna siopaí agus gur gá go minic iad a thóraíocht ar line, tá scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge - ó chaighdeán na scríbhneoireachta go dearadh agus caighdeán foilsitheoireachta an leabhair ar ard-chaighdeán

I measc na dtithe foilsitheoireachta a bhfuil a gcuid leabhair ainmnithe i gcomórtas an Oireachtais, a reáchtáiltear i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, i mbliana tá: An tSnáthaid Mhór, Cló Iar-Chonnacht, Dalen Éireann, Éabhlóid, Futa Fata, Leabhar Breac, Móinín agus LeabhairCOMHAR.

Fiche haon leabhar atá roghnaithe do na gearrliostaí - ocht gcinn ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, seacht gcinn ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló agus sé cinn ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe.

I measc na leabhar a thiocfaidh faoi bhráid na moltóirí i mbliana, tá Ar Luch Agus Ar Dhuine le John Steinbeck agus aistrithe ag Colmcille Ó Monacháin, foilsithe ag Leabhar Breac; Máchail le Ré Ó Laighléis, foilsithe ag Móinín, An Diabhail Déanta le Joe Steve Ó Neachtain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, Croí Cine cnuasaithe ag Seán de Fréine, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, Tine Ghealáin le Máire Dinny Wren, foilsithe ag Éabhlóid agus Scúnc Agus Smuirín le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata. Tá liosta iomlán ar fáil ag: antoireachtas.ie

Painéal

Ceathrar de phainéal atá i mbun breithiúnais ar shaothair na bliana seo.

Tá cáilíochtaí agus taithí acu sa scríbhneoireacht, eagarthóireacht, foilsitheoireacht, sa teagasc tríú leibhéil, san teagasc bunscoile, san aistriúchán agus i dtionscadail na litríochta idirnáisiúnta.

Ní beag an duaischiste ach an oiread: roinnfear €17,000 idir an trí ghradam foilsitheoireachta agus fógrófar na buaiteoirí ag tús mhí Dheireadh Fómhair.

Ar nós gach mhór chomórtais eile den chineál seo, roghnaítear na buaic-shaothair de réir critéar ar leith. Sé sin fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán foilsitheoireachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.