Is doiligh sléibhte Mhám Tuirc a shárú ó thaobh áilleachta de agus áirítear an t-imeacht bliantúil ina ndéantar iad uilig a dhreapadh in aon lá amháin ar cheann de na dúshláin sléibhteoireachta is déine sa tír.
Breis is 24 ciliméadar a bhíonn le siúl ón Teach Dóite go dtí an Líonán thar corradh le dosaen sliabh. Anuas air sin, bíonn tuairim is 2,500 méadar le dreapadh – gan trácht ar an teacht anuas.
Cén splanc díth céille a thug orm tabhairt faoin sliabhraon sceirdiúil seo an Satharn seo caite mar sin?
An spreagadh céanna is dócha a bhí ag George Mallory tráth: mar gur ann dó.
Sé ard crochta na Corcóige an chéad bheann a bhí le sárú. Bhí cuma osréalaíoch ar an líne shollúnta de thóirsí a bhí ag déanamh a mbealach go malltrialach in aghaidh na mala faoi choim na hoíche. Bhain muid an mullach amach ag breacadh an lae agus b’iontach an radharc tíre a bhí le feiceáil.
Sléibhte maorga, uaigneacha Chonamara leata amach sa scarthanach. Ní glas a bhí na cnoic i bhfad uainn, áfach, ach scanrúil.
Lean muid orainn thar cnoic is gleannta ó Mhullach Glas go Binn Mhór. Ní raibh smid ghaoithe ann agus gloiní gréine seachas éadach díonmhar a bheadh de dhíth má bhí bunús ar bith le tuar na haimsire.
Ní aon áibhéil a rá go bhfuil oiread dua ag baint leis an teacht anuas sa dúshlán seo is atá leis an dreapadh agus an fána ghéar síos go Máméan ach go háirithe.
Is ag Leaba Phádraig a bhí a mbricfeasta ag formhór na ndreapadóirí agus bhí ardú meanma le brath ina measc.
Ach ní fhéadfaí caithréim a dhéanamh go fóill ó tharla nach raibh ach an cúigiú cuid den tsiúlóid déanta.
Go deimhin, ní raibh ach an darna pointe seiceála sroichte againn agus bhí sé pholl eile le cur ar ár gcártaí siúil sula mbainfí ceann scríbe amach.
Bhí na siúlóirí scaipthe amach um an dtaca seo agus gach duine ag treabhadh a iomaire féin – thuas seal agus thuas seal eile.
Bhí meirge ceo ar bharr Binn Chaonaigh agus b’éigean dom dul i muinín an chompáis le teacht anuas ón mhaolchnoc. Ar aghaidh ansin go Binn Idir an Dá Log, an sliabh is airde sna Mám Tuirc, agus clib eile ar an chárta.
Bhí orm dul ag crúbadach ar na ceithre boinn chun teacht anuas na beanna go Mám Ochóige, áit a raibh scíste beag tuillte. Bhí léar mór “considerable protuberances” (mar a thug Dr Johnson orthu) fós le dreapadh agus na colpaí ag éileamh de bheagán. Bhí beochán lách gaoithe ann fán am sin a bheadh goinideach go maith in amanta amach sa lá.
Chuir mé féin agus mo chomrádaí cor bealaigh orainn féin go barr Cnoc na nUilleann ó tharla é a bheith ar leac an dorais againn sular thug muid aghaidh ar an chéad phointe seiceála eile ar bharr Binn Bhriocáin. Fán am seo bhí na sléibhte ba mhó dreaptha againn ach ní bréag a rá gur mó saothar a bhaineann leis na haltáin chlochacha a bhí le teacht, nó Mám Tuirc an Tuaiscirt mar a thugtar orthu.
Is beag gur thráigh an misneach orm ar an ard géar go mullach Binn Bhán agus dian go maith a bhí sé gan lámh a chur ar an sconsa sreinge a bhí ag rith taobh le sleasa ingearacha an chnoic.
Bhí cuma dúthuirseach fán am seo ar go leor de na siúlóirí lúfara a casadh orm níos luaithe sa lá ach bhí gach éinne ag iarraidh ugach a thabhairt dá chéile le focail mhisnigh.
Bhí an chomrádaíocht agus an greann dorcha le sonrú ach go háirithe ag an áit a bhaist saoi éigin “Mám an Éadóchais” air blianta fada ó shin.
Óir bhí 2,000 troigh de mhala crochta romhainn amach go Cnoc an Líonáin. Achrannach go leor a bhí sé ach chonlaigh mo neart leis an tuiscint gurb é seo an dreapadh deireanach a bhí le déanamh.
Cé go raibh fuinneamh breise i mo cholainn fán tráth seo bhí na matáin ag teannadh. Craplaithe go maith a bhí mé nuair a bhain mé ceann scríbe amach ach bhí mo chroí ag damhsa le teann bróid is maíteachta.
Ba é seo an 40ú bliain a bhí an dúshlán seo á reachtáil ag Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tá níos mó ráchairte air ná mar a bhí ariamh.
I mbliana thug 198 dreapadóir cróga na sléibhte orthu féin agus d’éirigh le tuairim is 170 acu ceann sprice a bhaint amach. Éacht nach beag.
Mar is iondúil bhí an tsiúlóid eagraithe go han-mhaith agus tá moladh mór tuillte ag an trí scór duine a chur a gcuid ama ar fáil go deonach lena chinntiú go dtiocfadh achan duine slán ó na cnoic. “Tá sí ar cheann de na siúlóidí is dúshlánaí in Éirinn ó thaobh na treoleanúna agus éagsúlacht aimsire de,” a deir Liam Ó hAspaill ón Chumann Sléibhteoireachta.
“Tá an tsiúlóid ag brath go mór ar na hoibrithe deonacha agus ar na húinéirí talún sa cheantar.”
Agus maidir liom féin, cá bhfios nach dtiocfadh an seachrán céille céanna orm an bhliain seo chugainn? Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap.