Dealbha ag bogadh

Tá cathracha na hEorpa ag cur thar maoil le dealbha ríthe a mhairbh na milliúin


Bhí tráth ann nuair a bhí dealbha ag bogadh ar fud na hÉireann. Samhradh na bliana 1985 a bhí ann, agus bhí na sluaite ag cruinniú leo go Béal Átha an Spidéil i gCorcaigh.

Dúradh go raibh dealbh na Maighdine Muire ag bogadh ann agus ráinig go raibh an lucht lánamhrais agus an lucht lánghéillte á fhéachaint le chéile ar na sráideanna.

Ní hiad na dealbha atá ag bogadh, ach na dealbha atá le bogadh is cás le daoine inniu. Ní dealbha amháin atá i gceist, gan amhras, ach ainmneacha sráideanna agus foirgnimh agus leac agus plaic agus eile.

Cé tá le comóradh, agus cé hiad ón aimsir a d’imigh tharainn a bhfuil a gcuid comórtha le scrios?

READ MORE

Bhí plé áirithe ann is as ó fhothú an Stáit seo maidir leis an dealbhspíce cholúnach den Aimiréal Nelson ar Shráid Sackville i mBaile Átha Cliath, ar déanadh Sráid Uí Chonaill di le mórdhua. Réitíodh é sin Márta 1966 nuair a séideadh san aer. Ní raibh a thuilleadh plé ann as sin suas.

(Deirtear gur mhol De Valera don Irish Press gur chóir gurb é a bheadh acu mar cheannlíne: 'British Admiral leaves Dublin by Air.')

Tá cathracha na hEorpa ag cur thar maoil le dealbha ríthe agus bhanríona na gcumhachtaí a mhairbh na milliúin.

An ceart iad go léir a stracadh anuas – na Hohenzolleranachaí agus na Saxy-burgairí agus na Bourbon brioscaí agus na Romanovskaidheachaí – agus mionchlocha duirlinge a dhéanamh díobh ar fad?

Uaireanta, sílim gur chóir.

Tógadh na dealbha móra gáifeacha gránna seo de bharr gur bhuaigh arm agus airm eile ar bhochta Dé, agus go raibh rith an ráis leo ar bhláir an uafáis. Ní heol dom go dtógtar dealbh dóibh siúd ar buaileadh cos orthu go rómhinic.

Ina choinne sin thall, ní dóigh liom gur fiú Colún Traiain a leagadh anuas anois tar éis cúpla mile bliain dá sheasamh.

Sa chás is go ráineodh nach bhfuil a fhios agat cad é Colún Traiain, tá sa Róimh sa cheantar is Rómhánaí Impiriúlach, túr ag gobadh aníos ar a bhfuil insint fhiarchuarach ar chloí na nDacianach. Is dá chionn san atá an Rúmáin ar an gceantar sin, seachas Dacia inniu.

Barbaracht na Rómhánach

Cé gurbh fhearr liom nár tógadh riamh túr mar chomóradh ar bharbaracht na Rómhánach, is dóichíde gurbh fhearr gan a tharraingt anuas anois.

Is é sin, is dóigh liom gur chóir díospóireacht a bheith ann timpeall ar dhealbha agus ar shráideanna agus ar leacracha a bhfuil iarmhairt a mbeart beo fós.

Is ionann ‘gur chóir díospóireacht a bheith ann’ go minic agus a rá sa chás seo gur cheart nithe a dhíbirt is a leagadh is a scrios.

Ní chuige sin mé, ach an té an bhfuil a fhios aige, ní féidir leis siúl go compordach ar Shráid Marlborough i gCorcaigh, nó ar na cearnóga agus ar na bailtíní agus ar na lánaí a baisteadh ar Bhictoria, agus ar Wellesley, gan trácht ar Hanover sa chathair.

Tagann crith anama orm ar Shráid Sevastopol i mBéal Feirste, agus nach bhfuil Sráid Raglan acu chomh maith mar atá i mBaile Átha Cliath Phaddy Kavanagh?

Ní chreidim go bhfuil na focail réasúnta meáite chaoinfhulaingeacha seo ag teacht amach as mo bhéal! – ach ceapaim gurbh fhearr ligean le comharthaí poiblí a bhfuil binb na staire a chuir ann i dtosach iad imithe i léig; ach gur cheart iad siúd a bhfuil fíoch na staire fós ina gconspóid nimhe timpeall orthu a dhíbirt, mura bhfuil cothromaíocht mhaslach éigin ar gach aon taobh ionas go mbeadh an uile dhuine chomh hoffindid lena chéile.

Ach cén mhaith é prionsabal in aghaidh racht na huaire?