Tá locaí móra fada uirthi, agus spéaclaí a phollfadh caora, agus troscán eile ar a haghaidh nach féidir a cheannach in Ikea, is í sin Dame Edna Everidge na hAstráile, ach ní hí is cás liom faoi láthair.
Ach an Dáma eile, nach í an Lallaí Dáma, ná an Lána Dála í, ach ár nEdna (ní Enda) féinig ar tugadh gradam Dáma Oirmhinneach Ró-Onórach Ard-Impireacht Ghlórmar na Breataine (nó rud éigin mar sin) di le déanaí, Edna O’Brien.
Is deacair a bheith gearánach ar ealaíontóir ná ar scríbhneoir ar bith a mbronntar onóir air nó uirthi. Is fíorbheag an t-aitheantas a fhaigheann scríbhneoir d’aon sórt, agus ní thógfaí uirthi nó air dá nglacfaí le croí maith mór le pé faicíní beaga a théann amú sa tsráid.
Mar sin féin.
D’fhulaing Edna O’Brien ar son a cuid scríbhneoireachta. Mallachtaíodh i gcóngar agus i gcéin í de thoisc na leabhra graosta a bhí scríte aici, mar adéarfá.
Thriail aos óg an stáit soir ó thuaidh go hIúr Cinn Trá nó go Béal Feirste (iad siúd a raibh spéis sa léitheoireacht acu) d'fhonn cóipeanna de na Country Girls a cheannach. Chonacthas mná rialta á léamh agus clúdach Neilí Bheag Chéile Dé á fholach.
Ach mar sin féin.
Léirigh sí aigne neamhspleách agus meon cróga in mórán de na leabhair a scríobh sí ina dhiaidh sin. Go háirithe sna húrscéalta In the Forest, agus House of Splendid Isolation.
Ach mar sin féin.
Mo thuairim umhal, dá mbeadh scríbhneoir ar abith Éireannach beo anois a mbeadh éileamh éigin aici ar an nDuais Nobel sa Litríocht gurb í Edna í. N’fheadar anois, áfach.
Is í an fhadhb a bhaineann leis an ‘onóir’ seo ná go mbaineann le hImpireacht na Breataine. Táid ann adeir nach ann di níos mó, ach ar chúis éigin feicim eitleáin ag fágáil aerfoirt agus longa cogaidh gach re seal réidh ullamh le tír éigin eile amuigh ansin a bhuamáil.
Go deimhin féin, chaithfeá a bheith bodhar agus caoch chun gan a mhinicí is a bhíonn díospóireachtaí i nDáil na Breataine timpeall ar cad í an chéad chríoch eile amuigh ansin a ndéanfar ionsaí armtha uirthi a thabhairt dod aire.
Tar éis an tsaoil is liosta le háireamh a bhfuil de ghradaim bronnta uirthi mar Edna cheana – Duais Irish PEN, Duais Frank O’Connor, Duais Kingsley Amis, Bonn Ulysses.
Ach is liosta níos faide fós iad siúd a dhiúltaigh glan bán siar amach le fórsa d’aon ghradam banríonúil – Graham Greene, John le Carré, Robert Graves, Aldous Huxley, Philip Larkin, Rabindrinath Tagore, Doris Lessing, agus Benjamin Zephaniah go táscmhar le déanaí.
Sin amháin iad beagán de na scríbhneoirí, gan trácht ar na John Lennons agus na David Bowies.
Is de shuimiúlacht gur cúis éigin a bhaineann leis an Impireacht lofa chéanna a thugann a bhformhór, fág go mbíonn cúiseanna aicme agus áiféise acu, leis.
Cén duine ar a stuaim ar mhaith leis bheith ina Chompánach Ridire d’Ord Uasal an Ghairtéir Uachtaraigh? Nó ina bhall d’Ord Fliuch an Fholcadáin Laistigh, nó de Sheanord Ársa na bhFeochadán, an Aitinn is na Neantóg?
Ó sea, tá a leithéid d’áiféis chéanna ag tíortha eile: an Ordure National de la Légion d’Honneur ag na Francaigh, Ard-ridire de Chros Ríogúil rud éigin rud éigin San Hermenebilbo sa Spáinn.
Is leor an áiféis a bhaineann leo le gan aon ghlúin a fheacadh i láthair na fola goirme choíche.