Tá breith tugtha agam ar uachtarán nua na Fraince, Emmanuel Macron, cheana féin. Ní maith liom é. Tá cúis an-mhaith agam leis sin, agus gan faic déanta aige fós. Claonadh intinne biogóidí dem chuid féin é seo, agus muran maith leat é, bíodh agat!
Ní hé gur bhaincéir ba ea é. Ba leor sin féin le duine ar bith a chlaonadh ina choinne. Tar éis an tsaoil is iomaí sin baincéir nach bhfuil chomh dona. Bhueil, cuid acu. Bhueil, cúpla duine. Bhueil, tá cara amháin agam a bhí ina bhaincéir macánta tráth.
Ní hé sin an fáth nach maith liom é. Rud níos tromchúisí ar fad ná sin. Dhein sé céim san fhealsúnacht.
Fóill orm féin ansin. Dheineas féin céim de shaghas éigin san fhealsúnacht. Ach dhein Macarún céim san fhealsúnacht Fhrancach! Timpeall ar Phól Ricoeur Mortis!
Luaitear é seo mar chúis gur cheart dúinn glacadh dáiríre leis. Tar éis an tsaoil, intleachtóir is ea é. Mar intleachtóir sna harda, tuigeann sé nithe lasmuigh de raon tuisceana na Lóbasach sna hísle.
Ar nós intleachtóirí breátha eile macasamhail Heidegger, Frege agus Gentile a thug fortacht agus dídean don fhaisisteachas agus don naitsíochas tráth a raibh amhras ar chóip na sráide.
Tabharfaidh tú faoi ndeara go bhfuil mo chuid samplaí roghnaithe go faichilleach agam. Nílim ag iarraidh a bheith cothrom anseo. D’fhéadfainn daoine eile a roghnú a bhréagnódh an téis.
Ach, hé, nílim chun é sin a dhéanamh. Is chuige atáim gur cheart dúinn a bheith amhrastúil um Mhacarún toisc gur dhein sé céim san fhealsúnacht, agus i bhfealsúnacht na Fraince, go háirithe.
Ní hé go bhfuil fealsúnacht na Fraince aon phioc níos áiféisí ná níos gaoismhire ná fealsúnacht dúiche ar bith eile – ach tá a cuid tréicile féin aici.
Níl chomh tiubh le tréicil na Gearmáine go cinnte, agus cúpla míle athbhreith níos réasúnta ná fealsúnacht na hIndia.
Mar sin féin, má ghabhann tú isteach sa choill sin le Baudrillard and le Derrida agus le Kristeva is róbhaol duit teacht as go brách. Is gairid nach feas duit an Lyotard nó Levi-Strauss atá á chaitheamh agat.
Áiféiseach
Is fíor go bhfuil gach smaoineamh dá áiféisí faoin spéir agus faoin talamh curtha os ard agus gan a bheith curtha os íseal ag scaoth de na fealsaimh riamh anall.
‘Níl aon damhna ann’, arsa duine amháin. ‘Níl ann ach ábhar,’ arsa an dara duine. Agus ós rud é gur Francach ba ea é, tá chomh maith againn Nicolas Malebranche a lua.
Ní carachtar as Harry Potter atá ann in ainneoin a shloinne, ach fealsamh a d’áitigh lándáiríre nach raibh aon cheangal dá laghad idir an intinn agus an corp.
Is í an heirméineotaic fheiniméaneolaíoch an bóithrín a lean Ricoeur isteach sa scrobarnach, agus mura dtuigeann tú é sin ní bheidh an Fhraincis agat a choíche ná go brách.
Tá baint éigin aige leis an tuairim go bhfaighidh tú eolas ort féin trí aithne a chur ar dhaoine eile. Anois, ar chúis leamh éigin, shíleas go raibh sin ar eolas againn cheana.
Is é eagla atá orm go gcaithfeadh Macarún an iomad ama ag iomrascáil le taibhsí na fealsúnachta Francaí. Tá súile ghabh-i-leith aici, ag an bhfealsúnacht chéanna.
Cuireann sí an chluain mhúnach ar intinní níos fearr ná an cloigeann bocht atá ormsa. Titeann siad isteach i slabar an abair, i mogall an chrogaill, i loca na muca, i slogadh an phluda agus ní fheictear go brách an bhracha arís iad.
Tá daoine ag súil go ndéanfaidh sé na hoirc is na hairc. Beidh le Foucáuil is dócha, ach níor mhaith liom féin rogha a dhéanamh idir baincéir agus fealsamh i mbun an stáit.