Ceist Mhór Dhomhain

Thuigeas go maith don slua.

Thosnaigh glóir-réim Bhaile Átha Cliath ina gceannas ar Chorn Sam Maguire leis an speach mhíorúilteach sin a thug Stephen Cluxton a chuir an liathróid thar an trasnán in aghaidh Chiarraí go díreach roimh an 5.00 a chlog ar an 18ú Meán Fómhair 2011. Bhí an chuma air gur thóg sé nóiméid fhada ó d’fhág sé a bhróg agus gur sheol tríd an aer ag beannú don ghealach agus do na réaltaí fan na slí, ag déanamh guairdill bhig neirbhísigh ar feadh tamaill, ag braiteoireacht amhail is dá mbeadh sí idir dhá aigne, ag féachaint timpeall agus amhras uirthi an ar an gconair cheart a bhí, go dtí gur thuirling go díreach amaschruinn idir na cuaillí os comhair Chnoc 16 amach.

Ráinig go rabhas i mbeár óstáin in Iarthar Chorcaí ag féachaint air. Lán go doras le muintir na háite. Nuair a chuaigh an liathróid trasna, phléasc an áit le gach liú fiaigh áthais, le hósannanna a d’ardaigh an díon, le gártha go deireadh na cruinne.

B’ait liom sin, mar shíleas go raibh lé áirithe ag muintir Iarthar Chorcaí le Ciarraí agus iad ag roinnt portaigh agus ruaitigh le chéile. Ach ansin, chuimhníos ar an leadradh bliantúil (seachas anuraidh), an bualadh míthrócaireach samhraidh (seachas anuraidh), an smísteadh ainiochtach (seachas anuraidh) a thugadh Ciarraí do Chorcaigh, fara an magadh, agus an bhóisceáil, agus straois mhustarach sin an bhua nach sciúrfadh Brillo ná Cif dá fheabhas.

Is ea. Thuigeas go maith don slua.

READ MORE

Ach ní i gcónaí a bhíonn aon mhíniú soiléir ar cad ina thaobh a dtabharfadh duine tacaíocht d’fhoireann ar bith nach dá dhílseacht ná dá dhúthaigh féin é. Agus ní féidir féachaint ar chluiche ar bith go hiomlán fuar neodrach. I gcónaí i mball éigin ded bholg thíos bíonn bá agat leo seo seachas leo siúd.

Ní foláir nó gur mar sin atá agus comórtas sacair na hEorpa faoi lánseol anois. Tá na caoirigh á ndealú ó na gabhair cheana, an mhil ón gcéir, na bláthanna ó na fiailí, an cúr ó dhríodar na beorach. Agus tá ár gcroí le dream amháin mar mhalairt ar dhream eile go fiú is mura bhfuil siad tarraingthe againn i gcrannchur na hoifige.

Tá sé soiléir go leor cén fáth nach dtugann muintir na tíre seo tacaíocht do Shasana in ainneoin ár n-aithne ar a gcuid imreoirí. Mo thuairim, de dheasca an Bhreatimeachta go mbeidh go leor den Eoraip ar an meon céanna. Ach cad í an chúis a mbeifeá laistiar den Fhrainc seachas den Ghearmáin, mar shampla?

An é go bhfaca tú an iomad scannán cogaidh id naíondacht agus id óige, nó go gceapann tú fós gur teanga rómánsúil í an Fhraincis in ainneoin Rabelais agus Michel Houellebecq? Nó bhí drochmhúinteoir brúidiúil a bhuail ceann de na teangacha sin isteach ionat go nimhneach, agus is cinnte go socródh sin an scéal mar a tharlaíonn níos gaire don bhaile.

Más duine tú a bhfuil cuimhne fhada agat ar éigean go bhféadfá tacú leis an Danmhairg ná leis an tSualainn, ach tá cúiteamh éigin i gcath Chluain Tarbh mar sin féin.

Bhí laethanta saoire iontacha agat sa Phoirtingéil agus níor lom an comhlucht iasachta gluaisteáin ar fad tú nó is breá leat Ronaldo, daingníonn sin do thuairim ina leith. Fuair tú drochpizza ón mbialann in aice leat a d’fhág sínte ar feadh na maidne lá arna mhárach tú, agus tá olc agat do gach a mbaineann leis an Iodáil ó shin.

Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach na dathanna: muintir Chill Dara ar son na Gearmáine, na Déise ar son na Gréige, an Cabhán ar son na hAlban.

Dá mbeadh aon bhrí leis an tsíceolaíocht, réiteodh siad an cheist mhór dhomhain seo dúinn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar