Casta, deacair, aimpléiseach

Tá gach aon scéal polaitíochta agus staire trí chéile, agus ilfhillte


Ar éigean go scríobhtar litir nó alt nó go dtugtar óráid anois gan a rá go bhfuil an cheist casta agus deacair agus aimpléiseach.

Tá dhá thaobh den scéal ann, agus trí cinn, agus pé méid taobhanna de thaoibhíní ar féidir leat iad a thaoscadh amach.

Tá gach aon scéal polaitíochta agus staire trí chéile, agus ilfhillte agus caithfear meas dá réir a thabhairt do chách agus na cúinsí faoi leith a thug ann dóibh.

An bhfuil a fhios agat?

READ MORE

Tagaim go hiomlán leis sin. Ní heol dom an cor is lú a dhéanamh sa tsaol nach bhfuil deacraí á leanúint – dul don siopa ar son bainne a cheannach, cad a bheidh agat i gcomhair an tsuipéir, conas an cat a chur amach san oíche, cé acu mala a thochasóidh tú i dtosach, an é brand X nó brand Y is fearr.

An féidir linn glacadh leis, mar sin, gan cheist, go bhfuil gach rud ó spástaisteal thuas go dtí na micribheathaí thíos casta agus deacair agus aimpléiseach agus nuanceíáilte? Sin sin, buailte abhaile, slán leis.

Tharla mé i reilig Costermano i dtuaisceart na hIodáile suim bhlianta ó shin, reilig de shaighdiúirí Gearmánacha a thit sa chogadh ar a dteicheadh dóibh sa chúlú aneas. Tuairim is 22,000 fear óg atá curtha ann, a bhformhór idir 17 agus 20 bliain d’aois, gach duine díobh a thit sna seachtainí deiridh den bharbaracht.

Leis an gcruinneas Gearmánach is dual dóibh, bhí dáta breithe is dáta báis gach duine díobh breacaithe ar na leacracha beaga truamhéalacha. Ghluais scáileanna de thurasóirí ón nGearmáin tríd an ngruaim, iad ciúin, ceann síos, ceann faoi.

Istigh san ionad oidhreachta, más é a bhí ann, bhí leabhar comhbhróin agus cuimhneacháin. Bhí leisce orm é a dhéanamh, ach fós féin, b’éigean dom. Thógas mo pheann agus scríobhas: “Bhí an ceart againn, nach raibh?”

Nílim iontach mórálach as sin, mar ba dhóbair dom a bheith ag sileadh na ndeor agus mé amuigh ag léamh scéil gach duine de na mí-ámharaigh a chuaigh don bhás cúpla seachtain, cúpla lá féin, roimh dheireadh an chogaidh.

Ní foláir nó bhí scéal luachmhar pearsanta laistiar de gach duine díobh sin.

Gnáthdhaoine, mic ghnáth-thuismitheoirí agus iad i lúib na staire. Is ea, is dócha go raibh daoine ina measc gurbh Naitsithe go héag iad, agus b’ea. Ach cuid eile a bhí ag troid ar son a dtíre, dar leo. Daoine eile a preasáladh isteach go déanach. Aithreacha óga a raibh an t-airgead a dhíth orthu. Déagóirí nár thuig cad a bhí i ndán dóibh. Déagóirí a bhí drugaithe go deo.

Is ea, leis. Tá scéal reilig Costermano casta agus deacair agus aimpléiseach.

Go deimhin féin féinig, is dócha é a bheith infhillte agus iolshraitheach agus iomasheomrach. An óige álainn aoibhinn iontach sin ar fad ina sraitheanna ar lár. An cur amú beatha, an díomailt daoine, an milleadh gan filleadh. Bhris sé mo chroí.

Ach ar chúis éigin, ní léir dom go bhfuil éileamh ar iad a aithint mar laochra, nó iad a chur ar chomh-chéim leis na daoine a bhí á marú acu fan na slí. Ní heol dom go bhfuil muintir na hIodáile ó thuaidh ag iarraidh a n-ainmneacha a ghreanadh in ogham ná comóradh a dhéanamh ar a gcuimhne.

Ar deireadh thiar, is féidir le daoine deighilt a dhéanamh idir an saighdiúir bocht a ghabhann chun cogaidh toisc nach bhfuil an dara suí sa bhuaile aige – airgead, teaghlach, bia, ocras, comharsana – agus an chúis a bhfuil sé ag troid ar a son.

An féidir liom é sin a rá arís?

Mar mhúinteoir agus mar shaoránach, uaireanta tuigtear dom go gcaithfear rudaí a rá arís, agus arís, agus arís, sula mbuailtear isteach in aigne ar bith iad.

Ní hionann cuimhneamh ar an saighdiúir bocht a mharaigh ar son impireachta mar nach raibh aon dul as aige – ar éigean – agus comóradh a dhéanamh ar an gcúis go raibh an marú sin ar siúl aige.

Agus sin é croí na ceiste, agus cnó na cúise. Tógtar amach an deigheas agus an claíomh agus an sámh leictreach. Gearrtar go bun an difear eatarthu.

Chaithfeá trua a bheith agat do na hógánaigh úd a maraíodh sna seachtainí deiridh sin nuair a bhí an solas ag dul as agus a bhfuil a gcnámha sínte anois in Costermano na hIodáile.

Ach bá leis an bhfáth a raibh siad ann? Déantar cuimhneamh ar chách, más maith leat, ach ná seastar ar an gclaí maidir leis an gcúis a raibh siad ag troid ar a son.

Cad ina thaobh go gceapaim go bhfuil ionannú éigin á dhéanamh le déanaí eatarthu siúd a d’éirigh amach ar son na saoirse, agus iad siúd a bhí ag cosaint na hImpireachta?

Tá nithe áirithe nach bhfuil casta ná deacair ná aimpléiseach.