Bratacha agus Meirgí

Ní í an bhratach is áille ar domhan í, is fíor.

Táthar ag áiteamh go láidir orainn gan siolla beag ná mór a ligean thar bhéal amach mar gheall ar athaontú polaitiúil na tíre. Chuirfeadh sin as do dhaoine, ghoillfeadh sé ar a thuilleadh fós, agus thar aon rud eile bheadh sé divaidhsiv. Ina choinne sin, áfach, níl a bhac comhrá timpeall ar an mbratach náisiúnta a chur ar foluain.

Ní dóigh liom féin gurb í an bhratach an suaitheantas is tábhachtaí maidir le tír ar bith agus is minic sceimhle agus scannal ar chuairteoirí thar loch isteach an tslí a gcaithimidne go bog leis an trídhathach. Is cuma nó earra naofa in áiteanna eile í, agus sinne breá toilteanach ligean di dul ag sraoilleadh ar an talamh nó a bheith ina chlóca breise in aghaidh an fhuachta.

Ní í an bhratach is áille ar domhan í, is fíor. Níl chomh hálainn le ceann na hAlbáine, mar shampla, ina bhfuil samhlaím fiolair dhubha leagtha ar chúlra láidir dearg. D’oirfeadh go binn do lucht leanta Chorcaí os rud é nach bhfuil cead feasta ceann na Cónaidhme a chaitheamh. Ón gcearn céanna den Eoraip tá bratach na Macadóine Thuaidh ina bhfuil mar a bheadh grian bhuí ag pléascadh amach agus ag spré solais fan chúlra dheirg eile.

Is mó sin ceann inar caitheadh samhlaíocht lena dhearadh agus ós rud é go molaimid sinn féin go minic ar son a bheith cruthaitheach agus ealaíonta níor mhiste toscaire speisialta a cheapadh sna Náisiúin Aontaithe a dhéanfadh taighde dúinn ar mheirgí na cruinne. Post páirtaimsireach a bheadh ann agus níor ghá é a fhógairt go poiblí.

READ MORE

Nó go díreach d’fhéadfaí féachaint ar bhratacha Chiribeas, na Séiséal nó Poblacht na Veinéise féin d’fhonn eiseamláirí dathannacha samhlaíocha a fháil.

Mar a tharlaíonn, formhór na moltaí a déanadh go dtí seo bhíodar leamh go leor. Ba mhaith liom suaitheantais na gceithre cúigí ceart go leor, ach cad mar gheall ar an gcúigiú cúige? Pé rud is a tharlódh ní fhéadfaí aon mhír den oileán úrnua friseáilte a fhágaint ar lár.

Tá oiread sin bratacha san Eoraip a bhfuil cros orthu gur dhóigh leat gur chóir go mbeimis chomh hEorpach leo - an Fhionlainn, an Eilbhéis, an Danmhairg, an tSeoirsia, an tSualainn, an Íoslainn agus go leor eile. An fhadhb a bhainfeadh le cros, áfach, ná gur siombail Chríostaí atá ann, agus ní fhéadfaí a leithéid a cheadú san Éirinn nua úr fhriseáilte uileghabháltach inchlúisiv seo.

D’fhéadfaí slisne d’ionga na gealaí a shacadh isteach d’fhonn muintir Ioslaim a shásamh, ach bheadh fadhb agat leis na Hindúigh toisc líon do-áirithe déithe agus ban déithe a bheith acu a bheadh deacair a phulcadh isteach ar aon cheirt amháin.

Luadh an chláirseach go minic toisc é a bheith cheana ar bhoinn na tíre agus ar bhratach an uachtaráin. Ach tá an chuma air gur san Éigipt a ceapadh i dtosach í, agus san Eoraip féin bheadh éileamh ag Albain uirthi chomh maith sa chás is nár theastaigh uathu an phíb mhór a chur ar bhratach náisiúnta dá gcuid féin.

Ach caithfear na haontachtóirí a shásamh, pé dream eile nach mbeidh sásta. Rith an lámh dhearg liom toisc glacadh a bheith leis ar ‘an dá thaobh’; thiocfadh deacracht a shamhlú leis, áfach, go háirithe dá n-éileofaí go gcuirfí dhá mhéar in airde ar mhaithe le holc don chuid eile againn. Fairis sin, cheapfadh muintir Chiarraí gur bhain sé le Tír Eoghain amháin agus gur mar mhagadh buan orthu a cuireadh ar bhrat na hÉireann é.

Cad mar gheall ar bhratach bhán ar fad déanta de pháipéar ar a bhféadfadh gach duine is dream a rogha rud a scríobh uirthi, agus poll mór ina lár chun an folús i gcroí na tíre a chomharthú go cruinn?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar