An seomra uachtair

Scéal an linbh agus na daoine a lean é

Sna laethanta sin chuaigh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an domhan go léir. Nuair a tugadh an bhean óg Muire i gcuing phósta do Sheosamh fuaradh go raibh gin ina broinn aici.

Agus ag machnamh dóibh ar an méid sin, nuair a tháinig a haimsir chun na clainne a bhreith, shocraigh siad ar ghluaiseacht go Betleham Iúda, toisc go mba de shliocht Dháibhí iad.

Agus ghluais siad leo gan righneas lena n-asal faoi dhéin an bhaile, agus níorbh fhada ar an tslí dhóibh gur casadh buachaill óg orthu a raibh na deora leis. “Fóir orm,” arsa an buachaill, “óir níl athair ná máthair agam, ná duine gaolta a thabharfaidh aire dhom, ach mé im chaonaí aonair ar bhóthar is ar chnoc.” Agus ghlac an bheirt trua dó, agus is ea adúirt Seosamh: “Ná bíodh aon eagla ort, mar is fairsing í muin an asail atá againn, agus tá fáilte romhat teacht inár bhfochair.”

Agus ghluais an triúr acu i dteannta an asail go dtí gur casadh cailín óg orthu a bhí ag gol go fuíoch.

READ MORE

“Fóir orm, a dhaoine córa,” arsa an cailín, “óir caitheadh amach as mo theaghlach mé toisc gur saolaíodh leanbh dom, agus níorbh eol dom a athair, agus dhiúltaigh mo mhuintir dom le teann náire, agus b’éigean dom é a thabhairt ar láimh, agus ní ghlacfaidh duine ar bith liom.”

Agus ghlac an bheirt trua di, agus is ea adúirt Seosamh: “Ná bíodh aon eagla ort, mar is fairsing í muin an asail atá againn, agus tá fáilte romhat teacht inár bhfochair.”

Agus ghluais an ceathrar acu i dteannta an asail go dtí gur casadh seanduine orthu. “Fóir orm,” ar seisean de ghlór lag, “óir bhí mé ag obair don rí is nuair a tháinig an aois orm fuair sé duine níos óige ná mé agus caitheadh ar thaobh an bhóthair mé, agus tá ocras orm, agus n’fheadar cad tá i ndán dom.”

Agus ghlac an bheirt trua dó, agus tháinig na labhartha go Seosamh: “Ná bíodh aon eagla ort, mar is fairsing í muin an asail againn, agus tá fáilte romhat teacht inár bhfochair.”

Agus ghluais an cúigear acu i dteannta an asail go dtí gur nocht an baile agus teach ósta os a gcomhair. Chnag Seosamh go béasach ar an doras mór agus ba ghairid gur fhreagair cailín aimsire é. “Cad tá uaibh?” ar sise go borb leis an scuain, mar bhreithnigh sí a gcuid giobal d’aon scuab súl amháin.

Mhínigh Seosamh an scéal go cruinn di, ach bhí a dualgas giolla le déanamh aici agus níor lean an bhailbhe í. Bhí siad ar tí imeachta go ceanntrom i dtreo an sciobóil nuair a tháinig fear sa doras.

“Th’anam an diucs!” arsa an fear, mar bainisteoir an ósta, is é a bhí ann, “an tú Seosamh?”

“Is mé,” arsa Seosamh.

“Is fada mé ag feitheamh libh,” arsa an fear, straois an gháire ar a aghaidh, “tagaigí isteach, mar tá seomra faoi leith in áirithe agam daoibh!”

Agus bhí iontas ar Sheosamh, agus léim an leanbh a bhí ina broinn ag Muire, mar ní raibh seo ag comhlíonadh ar tháinig ó bhéal an fháidh. “Ach fanadh an triúr eile seo lasmuigh go fóill, mar caithfear aire a thabhairt don asal,” arsa an fear, ag dúnadh an dorais de phlab.

Agus tugadh isteach i seomra mór iad, seomra ina raibh na fallaí déanta d’ór, agus an leaba d’airgead, agus síoda agus sróill ar sileadh i ngach ball. Agus tugadh ionad faoi leith do Mhuire, agus tháinig na lianna léannta isteach chun cabhraithe léi, agus leagadh bianna borba blasta os comhair Sheosaimh fad is a bhí sé ag feitheamh.

Agus bhí súil ag fear an tí go n-inseofaí na nithe seo uile ar fud sléibhte an domhain, agus go bhfógrófaí go bhfaighfí an leanbh fillte sna héadaí ab fhearr agus é ina luí i gcliabhán órfhite agus clúmh na lachan faoi.

Óir thuig sé go maith gurb é seo ba dhual don té a bheadh ina rí ar an domhan, agus na billiúin ag tabhairt dó ómóis.

Agus nuair a saolaíodh an leanbh, d’fhiafraigh Seosamh go caoin: “Cá bhfuil an buachaill, an cailín, agus an seanduine ionas go mblaisfidh siad den aoibhneas seo?”

“Amuigh sa scioból,” arsa fear an tí, “cén áit eile?”