An seanscéal riamh

Tá slabhraí na staire fada agus dorcha ach is iad a bhíonn ag clangaireacht


Ceart go leor mar sin. Tá Beairic Ó Buama imithe agus Trumpa na bhFlaitheas chugainn. Beidh lá eile ag na caoirigh ach tá mairteoil níos gátaraí le hais an bhaile.

Beidh toghcháin saghas daonlathacha againn sa stáitín soir ó thuaidh sar i bhfad. Is mó sin seitreach atá déanta cheana agus gan na capaill amuigh ar an gcúrsa fós.

Ba bhreá leis an aos cabaireachta dá mba go reáchtáilfí an ceann seo ar bhonn níos ‘neamhsheictiúla’ ná gach ar imigh cheana. Ba bhreá leo dá mba Breatimeacht agus an Luaithreach Luachmhar a bheadh sa treis.

Ba bhreá leo go n-imreofaí an cluiche ar bhonn eacnamaíochta, ar bhonn neamhchúblála airgid, ar bhonn macántachta sa rialtas. Ba bhreá liom féin chomh maith. Ach scéal liom dom, agus dóibh.

READ MORE

Ní mar sin a bheidh. Thóg mé amach mo chuid digití go léir agus chuaigh me tríd an toghchán deiridh. Ceann na bliana seo caite.

Tar éis beagán drumadóireachta ar an gclár tuigeadh dom gur vótáil breis agus 80 faoin gcéad den phobal soir ó thuaidh ar son páirtithe go gcaithfí a rá gur bhain siad go sonrach leis an taobh seo nó leis an taobh siúd.

Ceart go leor tá an Alians Party ann, agus na Glasraí, agus cúpla neamhspleách, ach is scoilt ghlanchríchdheighilteach atá eatarthu eile.

Go fiú an PBPA (Daoine roimh Dosh), tá an chuma orthu gur vóta searbhghlas a fuair siad. An dóigh le hEamon McCann nár tháinig formhór a chuid vótaí ó thaobh amháin den phobal?

Tá eagla ar an bpobal tráchtaireachta sa stáitín againn féin go mbeidh binb sa phlé. Eagla atá orthu go méadófar ar an ‘seicteachas’ (ar buafhocal é), go nimhneofar maslaí, go ngéarófar sceana na cainte, go ndomhaineofar na poill atá eatarthu cheana.

Níl baol air. Tá dhá thoghlach soir ó thuaidh go díreach mar atá in Zimbabwe nó i dtíortha eile dá sórt.

Ní le holc adeirim é seo, ach le haitheantas.

Ní heol do dhaoine abhus cé chomh fada siar is a théann seanmháithreacha agus sin-siar-sean-aithreacha an oilc.

Tá daoine saonta ann adeir gur thuismigh an fhadhb le conradh réitigh, dá mba réiteach é, 1922.

Aha, sea, má sea. Daoine is saonta fós a shíleann gur féidir linn an fhréamh a chur síos le Plandáil Uladh ó thús na 17ú haoise. Tá an chuma air sin go bhfuil dealramh éigin leis, ach is domhaine fós é.

Cad mar gheall ar chúrsaí creidimh, nuair a tháirneáil Mártan Liútar a chuid téiseanna don eaglas in Wittenberg, agus nuair a ghluais John Knox chun na hAlban le cuidiú Shasana d’fhonn an seanchóras a bhaint dá bhonnaibh?

Is oiriúnach an leagan amach seo dóibh siúd a cheapann gur cúrsaí creidimh is bun leis an aighneas.

Scéal eile agam dóibh: dá scuabfaí an sagart deiridh isteach sa mhuir, agus dá dtachtfaí an t-easbag deireanach le hionathair an phápanaigh dhéanaigh ní dhéanfadh sé puinn diofair.

Tar éis an tsaoil, tá cumhacht na heaglaise Caitlicí níos laige uisciúla anois ná mar a bhí le 500 bliain anuas, agus ní léir go bhfuil aon mhaolú ar dhíograis na coda sin den phobal nach mian leo baint ná dáimh ná páirt ná gaol a bheith acu lena gcomharsana bhéal dorais.

Ní siar go Plandáil Uladh a ghabhann bun na faidhbe, ach go plandáil dheisceart Alban aneas na céadta bliain roimhe sin arís. Sciar maith de vótaí an DUP tagaid as gluaiseachtaí stairiúla ar éigean a bhfuil breith againn orthu.

Tá slabhraí na staire fada agus dorcha agus tá meirg orthu, ach is iad a bhíonn ag clangaireacht inár measc, ní hamháin sna críocha thoir thuaidh, ach ar feadh an tsaoil mhóir i gcónaí riamh.