An rud is fusa is iontach

Tá réiteach an-simplí ar cheist na múinteoirí – tabhair tuilleadh airgid dóibh


Figiúir seachas scéalta is mó atá i mbéal an phobail i dtús na bliana seo. A bhfuil gan dídean ar na sráideanna. A bhfuil ina luí ar thralaithe sna hospidéil. A bhfuil de thithe le tógáil.

Is í diachair an scéil gurb ar éigean má tá aon bheirt, ná aon dá áisínteacht, ná aon chúpla tráchtaire ar aon intinn maidir leis na figiúir sin. Agus sa chás annamh is go raibh greim agat orthu is iad atá guagach agus siúlach. An rud atá fíor ar maidin, tá ina bhréag tráthnóna. Iad chomh sleamhain le seilmide ar leac oighir, ach i bhfad níos gasta.

Thaibhseofaí duit nach bhfuil tuairim dá laghad ag éinne cad tá le déanamh. Deir gach aon pholaiteoir go bhfuil plean aige. Mura bhfuil an plean go baileach réidh ullamh, tá sé á réiteach. Agus mura bhfuil plean, bí cinnte de go bhfuil straitéis. Má tá an straitéis mós doiléir, ní fada go mbeidh á rolláil amach, ar nós an chairpéid, nó an pháipéir sa teach beag. Muran leor sin, beidh scéim ar chúla na glaice. Déanfar sin a nochtadh in am is i dtráth. Ar ball. Amach anseo.

Mo thuairim go mbíonn gach aon Aire rialtais ag guí go dtógfar an chailís nimhe atá ina lámha aige uaidh agus go dtabharfar cupán searbh éigin eile dó. Beidh de leithscéal aige ar feadh tamaill den bhóthar gur cúram nua atá leagaithe air, nach foláir dul i dtaithí ar an obair, go bhfuil deacrachtaí ann nach bhfaca sé féin, nár tógadh Brú na Bóinne in aon lá amháin. Ní mhaím orthu é, bíodh go bhfuil an chlabaireacht foghlamtha go líofa.

READ MORE

Tá aon Roinn amháin ann, áfach, ina bhfuil an gad is gaire don scornach furasta le scaoileadh.

Is í Roinn í sin ná an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Eolaíochta agus an Fhaisin is Déanaí. Pé rud mar gheall ar mhíchruinneas na bhfigiúr eile atá ag tuirlingt orainn gach lá, níl aon amhras mar gheall ar ghéarchéim easpa na múinteoirí agus an cruachor ina bhfuil scoileanna nach mór den uile shaghas á gceal.

Is déine an cor seo sna meánscoileanna nuair nach bhfuil fáil ar mhúinteoirí le hiolra mór ábhar a theagasc. Is measa an scéal maidir leis na hábhair STEM mar a thugtar orthu, mar dá mbeadh siad sin ina gceart bheadh an eacnamaíocht faoi mhaise agus saibhreas agus speilp ar chách, mar is léir do dhuine ar bith a dhéanann mórán machnaimh air, go háirithe ar ghanntanas fianaise. Ina dhiaidh sin, deirtear go bhfuil fadhbanna móra leis na nua-theangacha, bíodh nach dóigh leat go bhfuil fuílleach de mhúinteoirí Laidne agus Gréigise amuigh ansin ach an oiread ag sireadh oibre. Eolaíocht, matamaitic, teicneolaíocht, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, teangacha eile. Cad tá fágtha? Béarla agus Stair?

Tá an-aclaíocht mheabhrach fachta ag an Aire Bruton ag iarraidh seo a chiallú agus a réiteach. Is cuma nó spraoi níos fearr ná an sorcas a bheith ag éisteacht leis.Tá sé sásta gach slí cham agus bealach díreach agus boglach agus móinteach agus criathrach a shiúl d’fhonn teacht slán ón ngaineamh shúraic ina bhfuil. Milseáin agus briathra deasa a bhfuil siúcra orthu.

Ach tá an bóthar díreach roimhe amach chomh soiléir geal oscailte leathan leis an maidin bhán.

Is ea, leis. Tá sé ar eolas agatsa, agamsa agus ag ruball na muice.

Íoctar i gceart iad, na múinteoirí.

Sin uile. Dá ndéanfaí é sin ní bheadh aon ghá leis an mbád bán, mo leithscéal, leis an eitleán geal go dtí na tíortha sin ina bhfuil an gaineamh tirim, an ghrian ag taitneamh, agus an tuarastal go maith.