An Rí Thar Sáile

Thugas dom aire nár bhronnamar féin aon ghradam air

Ní fios cá bhfuil sé, an rí thar sáile. Is amhlaidh gur theich an Rí Juan Carlos Alfonso Victor Maria de Borbón y Borbón ón Spáinn an tseachtain seo caite, sa chás is nár cuireadh an díbirt féin air. Ach tá’s agamsa! Bhíos ag siúl cois imeall na trá ag an deireadh seachtaine go huaigneach is mé liom féin ag coinne casadh le maighdean mhara nó, dá mbéarfadh crua orm, cailín deas crúite na bó. Níor mhar sin a tharla, áfach, ach go bhfaca an spanlóir ard fir seo ag siúl lena ghariníon a raibh a lámh timpeall ar a com aige.

Ní thabharfainn aon suntas faoi leith dó murach go raibh gluaisteán breá snasta Lamborghini Venano a raibh na fuinneoga dorcha agus uimhirphláta 1492 air lenár n-ais.

Mheasas go bhfaca cheana é ar leathanaigh na n-irisí ‘Goodbye’ agus ‘Lucre’, ach ní fhéadfainn deimhin a dhéanamh dem dhóigh. Is mó fear uasal caol dínitiúil (seachas an t-amhras sin ina shúile) a ghabhann ag coisíocht i moiche na maidne. B’ait liom, leis, an tslí a raibh a lámh timpeall ar chom na gariníne aige, ach go raibh a lámh sise sáite go domhain ina vallait.

Nuair a d’airigh mé go raibh an rí ar a choimeád chuireas búrbon agus hapsbuggar le chéile agus cheapas go mb’fhéidir go raibh breac agam, nó ochtapas, nó sloigéisc de shaghas éigin. Mar sin féin, b’éigean dom romhar go domhain san intinn ag lorg dearbhaithe ba dhaingne ná sin.

READ MORE

Smaoinítear mar seo air: cheana féin is é rí León, Aragóint, an Dá Shicil, Iarúiseiléim, Granada, bearna, bearna, bearna, Corsica, Murcia, na nIndiacha Thoir agus Thiar, gan trácht ar Oileáin agus ar Mhórthír na Farraige Móire, maille le bheith ina Ardiúc ar an Ostair agus ina Chúnta ar Fhlóndras, agus gan amhras Roussillon agus ina Thiarna ar an mBioscáin agus ar Mholina.

Arsa mise liom féin go saonta, sea, má sea, mura bhfuil a fhios acu siúd cá bhfuil sé, cé mise lena mhalairt a shuíomh?

Ní raibh ansin ach an chaolchuid, gan amhras. Fág an Spáinn féin as an áireamh, bronnadh fairsinge an domhain de ghradaim air ag tíortha éagsúla - Réalta Mhór Oirneas Onórach ar son Seirbhísí do Phoblacht na hOstaire, Ridire Ord na hEilifinte ón Danmhairg (glacaim leis nach raibh sé sa tseomra ag an am), Cros Mhór le Bóna Ord an Leoin Bháin ó Phoblacht na Seice, Ridire Mhuince Mhór d’Ord Impiriúil Sholaimh ón Aetóip, Faighteoir Bhonn Cuimhneacháin Comóradh 2,500 Bliain Impireacht na Peirse, Bóna Ord an Chriosantamaim sa tSeapáin, Bonn Pósta an Bhanphrionsa Beatrix na hÍsiltíre agus Claus van Amsberg, Cros Mhór le Diamaint Ord na Gréine Pheiriú, Bóna Mór Ord Míleata Shéamais Naofa an Chlaímh ón bPoirtingéil, Ridire Ord Ríoga Rajamitrabhorn na Téalainne, Cros Mhór le Réalta Óir Aicme Speisialta Ord José Matias Delgado El Salvador, Báille Ridire Cros Mhóir le Muince an Chirt d’Ord Míleata Beannaithe Constantiain Sheoirse Naofa ón Iodáil, fara céimeanna dochtúireachta ó ollscoileanna mórcháile ar nós Bologna, Harvard, Paris, Áth na Bó agus an Droichid Chaim, gan trácht ar é a bheith ina Phrótochánóin ar Bhasilica di Santa Maria Maggiore de chuid an tSuí Naofa…agus eile.

Ní foláir nó bhí aithne go forleathan air sna baill sin ar fad toisc na dualgais go léir a bhí le comhlíonadh aige de thoradh na gcúraimí sin. Thugas dom aire nár bhronnamar féin aon ghradam air, go fiú Teastas Páipéir de Shlisne Beag Ord an Phráta, agus dá réir sin gur dócha go bhféadfadh sé gluaiseacht leis go hanaithnidúil dó féin abhus anseo. Is chuige sin go gceapaim nach foláir gurbh é a bhí ar an trá an mhaidin cheana agus gan aon duine ag tógaint aon cheann de.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar