Trí rud is tábhachtaí in Éirinn: cúlra, clann agus cáilíochtaí. Dhá rud a chloisfidh an mac léinn ollscoile faoin am a bheidh an chéad bhliain san ollscoil slánaithe aige: nach bhfuil an tsuim chéanna ag daoine sa litríocht agus a bhíodh; agus go bhfuil an iomarca mac léinn agus daltaí ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair.
Rud amháin nach mbacann le cúlra, clann, ná cáilíochtaí: an leabharlann phoiblí. Más aon slat tomhais í an leabharlann phoiblí ar shuim an phobail sa litríocht agus sa léitheoireacht, b’fhiú don mhac léinn a bhfuil a shúile ar oscailt agus a chluasa ar tinneall aige cuairt a thabhairt ar an leabharlann áitiúil.
Feicfidh sé ansin nach bhfuil aon mheath tagtha ar an léitheoireacht ná ar an dúil atá ag an bpobal i léamh leabhar, go bhfuil an litríocht, idir fhicsean liteartha agus fhicsean na coitiantachta, ina harán laethúil ann.
Feicfidh sé gur minic an leabharlann phoiblí bheith chomh gnóthach le stáisiún traenach: leabharlannaithe ag gluaiseacht thar bráid le tralaithe leabhar, léitheoirí caillte san aistriúchán.
Seilfeanna ag cur thar maoil le teidil nua agus le húdair iasachta, leabhair ón lá inné ag titim de na seilfeanna chun slí a dhéanamh do leabhair ón lá inniu. Ní haon iontas gur shamhlaigh Jorge Luis Borges na flaithis mar leabharlann.
Ardaíonn an tuairim a dhearbhaíonn go bhfuil laghdú tagtha ar an méid daoine a léann an ficsean liteartha go leor ceisteanna faoi ról agus ionad na leabharlainne poiblí, agus faoina coibhneas leis an acadamh.
Maidir leis an laghdú a ndéantar trácht air go minic, is fiú cuimhneamh ar an dara tuairim ón údar iomráiteach Marilynne Robinson. Maíonn Robinson nach bhfuil suim caillte ag mic léinn Ollscoile sa litríocht. Dar léi go bhfuil suim caillte acu sa chur chuige nach dtugann tús áite don téacs ná don litríocht féin, agus a leagann róbhéim ar an teoiric.
Is i léamh cuimsitheach an téacs féin a fhoghlaimíonn an mac léinn faoi cad is samhlaíocht ann, faoi scileanna teanga agus ealaíne a chuirfidh ar a chumas go leor téacsanna éagsúla a léamh agus a mheas.
Agus cé go bhfuil sé tábhachtach ábhar a léamh lasmuigh de théacsanna cúrsa, tá sé chomh tábhachtach céanna dul go dtí ionaid eile taobh amuigh den ollscoil chun taithí an phobail a bhlaiseadh. Is sa leabharlann phoiblí is fearr a fheicfidh an mac léinn an litríocht bheo bheathach, an príomhról ag an leabharlannaí a fhreastalaíonn ar réimse leathan léitheoirí agus ar gach leibhéal litearthachta.
Is ansin a bhíonn an tsaoirse agus an ciúnas ag an léitheoir an t-am a mheilt d’aon ghnó, agus dearmad a dhéanamh ar an mbaothfhealsúnacht a insíonn dúinn go bhfuil sé de chumhacht againn an t-am a bhainistiú, rud atá dodhéanta agus nár éirigh le duine ar bith a dhéanamh ó thús aimsire.
An dara rud a déarfar leis an mac léinn ná nár cheart dó rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair.
Ach más deacracht í seo, is nós é atá fite fuaite leis an gcóras oideachais ina iomláine, agus le gnéithe eile den chultúr lasmuigh de chúrsaí oideachais.
Ní hí an ghlúin óg a cheap an córas a d’fhág an bealach do na nósanna seo, ach an ghlúin rompu. Is é is suntasaí ina leith ná nach leagtar amach go beacht conas gur féidir teanga a fhoghlaim gan focail a chur de ghlanmheabhair ag tréimhsí faoi leith sa phróiseas foghlama, ná sa chleachtas labhartha. Cáintear an duine óg as seo, ach féach go nglactar go héasca le córais mhachnaimh eile nach gceistítear ó bhonn: tá leaganacha eile den fhoghlaim de ghlanmheabhair á gcleachtadh ag daoine lánfhásta gach lá den bhliain.
Baineann réiteach amháin ar an gceist leis an léitheoireacht a pléadh thuas, sa mhéid is go bhféadfaí cur in iúl do mhic léinn nach bhfuil san fhoghlaim de ghlanmheabhair ach an chéad chéim de phróiseas inmheánach sa sealbhú teanga.
Tá roinnt mhaith marana ag baint leis an bpróiseas céanna, ach braitheann sé ina dhiaidh sin ar an léitheoireacht, ar an scríbhneoireacht, agus ar an tsamhlaíocht.
Feictear go bhfuilimid ag filleadh ar deireadh ar thré eile: an litríocht, an léitheoireacht agus an tsamhlaíocht mar phríomhréiteach ar cheisteanna teanga, agus an leabharlann mar chroílár de sin uile. Bí ag caint ar Leabhar Cheanannais is ar Chailís Ardach, ach tá an leabharlann phoiblí ar na samplaí is fearr den daonlathas in Éirinn, agus d’oidhreacht intleachtúil na tíre.
Is í Príomhchathair na Litríochta í, is í Dún na Léitheoireachta í, is í Ráth na Litearthachta í. Is tearmann agus baile do chách í, beag beann ar chúlra, chlann agus cháilíochtaí, bíodh sí in eastát tithíochta nó ar barr aille.
Dá bhrí sin, ní mór dúinn idé agus réadúlacht na leabharlainne poiblí a chosaint go fíochmhar ó réimeas ar bith a mbeadh sé de dhánacht iontu ár gcathracha leabhar a chreachadh, ná ár ndúnta litríochta a dhúnadh. Is múinteoir Gaeilge í Sorcha de Brún san Institute of Education