An galar gangaideach a mhaireann inár measc

Tá gá le cur-chuige ilghnéitheach eolaíoch agus dlíthiúil chun dul i ngleic leis an gciníochas

FOCLÓIR: Ciníochas - racism, tachtadh é - he was choked, uamhain - horror, anacair - distress, cionsiocair - primary cause, athruithe duthain - temporary change, gáirsiúil - obscene, teadhma - disease/sickness, moghsaine - slavery, onchú mara - pirate, tapadóireacht - opportunism, tábhacht chomharthach - symbolic value.

Tá a fhios, nó ba cheart go mbeadh a fhios, ag an bpobal mór go bhfuil ciníochas le brath go forleathan ní amháin thar lear ach sa tír seo chomh maith.

Thuirling na mílte ar shráideanna na hArdcathrach agus ar shráideanna cathracha eile in Éirinn i lár na pandéime, iad corraithe faoin drochíde mhallachtach agus gáirsiúil a dhírítear i ngach cearn den tír ar dhaoine nach bhfuil dath bán ar a gcraicne agus ar mhionlaithe eile.

Roinnt laethanta roimhe sin seoladh fear Afraiceánach-Meiriceánach chun a bháis go poiblí ar shráid i Minneapolis. Tachtadh George Floyd ar feadh beagnach naoi nóiméad go dtí gur shéalaigh sé.

READ MORE

Ní bheadh sé an chéad uair ar stopadh daoine i ngeall ar thréithe éigin a bhain leo, ná an chéad uair a mharaigh póilíneach daoine go poiblí ach chuir an cuma staidéarach a bhí ar Derek Chauvin fad a raibh a ghlúin brúite ar mhuineál Floyd leis an uamhan ar dhaoine ar fud na cruinne.

Roinnt míonna sular maraíodh Floyd maraíodh fear óg eile - Ahmaud Arbury i mbaile Bhrunswick, Georgia.

Ní thagann an anacair riamh ina aonair deirtear, agus faraor b’fhíor é sin freisin i gcás mharú George Floyd.

Léirsithe

De thoradh an uamhain a chothaigh an radharc uafásach úd i Minneapolis reáchtáladh agóidí agus léirsithe ar fud an domhain.

Spreagadh, leis, díospóireachtaí teasaí faoi chiníochas na bpóilíneach agus faoin idirdhealú a dhéanann an státchóras i Meirceá idir dhaoine ar bhonn dath a gcraiceann.

Nuair a chonacthas an foréigean a thug rialtas Thrump mar fhreagra ar na léirsithe, músclaíodh na céadta mílte eile le seasamh a ghlacadh i gcoinne an chiníochais córasaigh agus an leatroim mhí-fhulangaigh seo.

Ach céard is cionsiocair leis an bhfaillí sa tír seo?

Labhair Franz Sauerland, fear óg a tógadh in Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne, an craoltóir Wuraola Majekodunmi, agus beirt deartháireacha Liam Da Cruz Ó Fátharta agus Vitor Ernesto Cruz Ó Fátharta leis na meáin Ghaeilge faoina dtaithí ar chiníochas ar pháirc na himeartha agus sa saol máguaird.

Ba léir ón méid a dúradh nach bhfuil toirmeasc ar bith ar an gciníochas tuineanta sa tír seo agus gur beag coirnéal den tír nach bhfuil an teadhma seo le brath ann.

Claontacht

Is maith ann iad léirsithe in aghaidh an oilc. Spreagann siad díospóireacht agus machnamh agus b’fhéidir fiú amháin, ó am go chéile, athruithe i bpolasaithe rialtas.

Is baolach, áfach, nach dtabharfar aird ar na héilimh.

Is féidir gur athruithe duthain iad sin a eascraíonn as brú polaitiúil nó as faisean nó as tapadóireacht.

Bíonn na hathruithe sin neamhbhuan toisc nach mbíonn bunús láidir teoiriciúil, fealsúnachta agus dlíthiúil fúthu.

B’fhearr go mór fada go mbeadh polasaithe in aghaidh na claontachta agus an chiníochais bunaithe ar eolas ar nádúr comhdhaonnach an duine.

Ceapann go leor daoine nach daoine claonta iad féin. Seafóid! Dá mba rud é go raibh sé sin fíor, an mbeadh an lucht siúil scartha amach ó shochaí na tíre mar atá fós i 2020? Nó nach gcuirfí fáilte fhial rompu siúd atá ar thóir dídine sa tír seo seachas iad a choinneáil sáinnithe sna hionaid sholáthair dírigh? Agus an mbeadh imeallú dhá dhéanamh de shíor ar theanga dhúchais na tíre?

Faightear léirmheas agus taifeach san socheolaíocht a thugann léargas dúinn ar an gclaontacht chomhdhaonnach, na fáthanna leis agus, b’fhéidir plean oibre leis an gcuid is measa de a chloí.

Tá iliomad fáthanna leis. Ní mór bun fhoinsí na claontachta sa duine agus sa sochaí a thuiscint má táthar dáiríre faoi athrú a éileamh.

Gnó Mhoghsaine an Atlantaigh

Ar cheann de na léirsithe ba shuntasaí ar an taobh seo den domhan go nuige seo bhí “bású” agus “bá” dealbh mháistir moghsaine thall i mBristol.

Ar ndóigh níorbh é Edward Colston an t-aon duine a rinne carn airgid as moghsaine. D’ineistigh Eilís a hAon cuid dá hairgid pearsanta féin sa Tráchtáil Triantánach nó Gnó Mhoghsaine an Atlantaigh. Bhí pairtnéireacht ghnó aici leis an onchú mhara úd Sir John Hawkins.

Ba léi long inar tógadh daoine, in aghaidh a dtola, ina gcimí, ón Afraic anonn go Meiriceá le bheith ina mogha thall agus a sheol lastlanna tobac agus siúcra agus eile anall as sin go Sasana.

Chríochnaítí an “triantán” leis an turas ar ais chun na hAfraice chun last eile daonna a sciobadh agus a thabhairt anonn.

Ní shílim go bhfuil sé beartaithe i Sasana dealbh ar bith d’ Eilís a hAon a chaitheamh san fharraige.

Agus ní fios an bhfuil agóid eile beartaithe i gColáiste na Tríonóide chun deireadh a chur leis an nós atá ag daoine sa choláiste sin cuimhneamh uirthi go laethúil roimh bhéilí.

Ná dearmad ach an oiread an dealbh a tógadh roinnt blianta ó shin i gCarraig Uí Leighin i gcuimhne ar Sir Francis Drake. Ní amháin gurbh moghsaineoir é siúd ach bhí lámh aige i slad a rinneadh ar na céadta dídeanach idir fhir, mhná agus ghasúir de chuid Chlann Dòmhnaill ar oileán Reachlainn sa bhliain 1575.

Pé rud é faoi moghsaineoirí bhí go leor eile ón dtír seo a ghlac páirt in eachtraí uafásacha a bhí fite fuaite sa chiníochas, san impiriúlachas agus sa gcoilíneachas.

Bhíodar siúd ann a ghlac páirt i ndíothú na ndúchasach i Meiriceá agus a chuaigh chun troda ar thaobh na Cónaidhme i gcogadh cathartha na tíre sin.

Bhí cumhacht Impireacht na Breataine ag brath go mór ar na saighdiúirí agus ar na mairnéalaigh a fuair sí ó Éirinn ó 1750 ar aghaidh agus déantar neamhshuim den bhaint a bhí acusan le coireanna na hImpireachta san Afraic san India, agus in áiteacha eile.

Tugtar an-aird ar chomóradh, ar chuimhneacháin, ar ómós, ar mheas agus ar ‘íobairt’ nuair nach ndéantar aon mhachnamh ar na cúiseanna a bhí leis na gníomhaíochtaí.

Tosaíonn an bóthar i dtreo athruithe le tuiscint ar a bhfuil sa chiníochas, sa stair, san fhuath a cothaíodh idir ghasraí agus sa chlaontacht i gcoinne teangacha agus a bpobal.

Tá gá le cur-chuige ilghnéitheach eolaíoch agus dlíthiúil chun dul i ngleic leis an gciníochas.

Faraor agus ainneoin go bhfuil tábhacht chomharthach le dealbha ní chuirfidh dícheannadh deilbhe nó fiú a bhá deireadh leis an ngalar gangaideach a mhaireann inár measc. Tá i bhfad Éireann níos mó ná sin de dhíth.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.