An Fiolar Dubh

I halla Uí Mhóráin bhíodh dhá rince ar siúl gach uile sheachtain: ‘Hop’ Oíche Dé Céadaoin agus rince le banna ceoil, oíche Dé Domhnaigh

FOCLÓIR: Suirí - courting; cróga - brave; mustar - assembly; mórtasach - proudly; dreach - expression; triomaitheach - constipated; Cromghlinn - Crumlin; cúlóg - pillion; cinecheamara - cinecamera; greannán - comic book; mosach - rough/heavy.

I lár na Seascaidí bhí dhá áit ina raibh caoi ag déagóirí Bhaile Uailcín suirí a dhéanamh gan cur isteach orthu: b’iad sin pictiúrlann an Apollo agus halla pobail Bhóthar Uí Mhóráin. Ba mhinic collaíocht a fheiceáil i mbalcóin na pictiúrlainne nuair nach mbíodh aire na lánúineacha óga ar an scannán in aon chor!

I halla Uí Mhóráin bhíodh dhá rince ar siúl gach uile sheachtain: ‘Hop’ Oíche Dé Céadaoin agus rince le banna ceoil, oíche Dé Domhnaigh.

Is maith is cuimhin liom an ‘hop’ - bhíodh na buachaillí ina suí ar thaobh amháin den halla agus na cailíní ar an dtaobh eile, ar dtús. Ansin, diaidh ar ndiaidh, shiúladh buachaill cróga nó dhó trasna an halla agus d’iarraidís ar na cailíní rince a dhéanamh. Go minic d’fheictí mustar ar leith i measc na mbuachaillí agus iad ag siúl go mórtasach i dtreo na gcailíní. Bhíodh Players Gold Leaf á gcaitheamh acu agus dreach paiseanta ar a n-aghaidheanna cé gur mó dreach triomaitheach a bhí ann i ndáiríre! Faoi dheireadh na hoíche bhíodh an teannas imithe glan agus na déagóirí fáiscthe le chéile don rince mall sula n-imídís abhaile.

READ MORE

Bhí an chliantacht pas beag níos sine oícheanta Domhnaigh agus mhaireadh an rince go dtí meán oíche. Ba iomaí cineálacha bannaí a sheinneadh san halla: áirím ina measc the Chessmen (ina raibh Robert Ballagh, ealaíontóir, agus Willie Halpin a bhí ina chomhghleacaí oibre liom blianta fada ina dhiaidh sin nuair a bhí mé i mo mhúinteoir) Chomh maith leo sin bhíodh the Cyclones, Teenbeats, Checkmates agus, dar ndóigh, the Black Eagles ann. Bhí an-tóir go deo ar an bhfear tosaigh a bhí ag na Black Eagles; déagóir sé bliana déag d’aois as Cromghlinn, darbh ainm Phil Lynott. Ní raibh aithne phearsanta agam ar Phil cé go mbeannaínn dó agus é ag gabháil thar mo theachsa ar a bhealach go dtí an Apollo ach bhí aithne mhaith ag cara eile liom air- Micheal O Flanagan - atá ina fhile agus staraí ar na saolta seo. Nuair a ghlac seisean sraith ghrianghraf den bhanna san halla, d’iarr Phil air roinnt díobh a thabhairt dó agus, ón lá sin amach, bhí an bheirt acu cairdiúil lena chéile.

Bhí Honda 50 ag Michael agus ba mhinic é Phil ar an gcúlóg. Ba ghreannmhar an radharc Michael - a bhí an-bheag - agus Phil a bhí an-ard, lena chosa fada, ag gobadh amach. Bhí cinecheamara ag Michael agus thóg sé píosaí scannán dínn go léir, mo chara cléibh, Frank Murray (iar-bhainisteoir na Pogues) ina measc. Tá luach ar leith ar na scannáin a thóg sé de Phil Lynott agus na Black Eagles bíodh is go bhfuil an réalta rac-cheoil ar Shlí na Fírinne anois.

Is cosúil gur spreag geáitsí na mBeatles in ‘A Hard Day’s Night,’ ábhar na scannán a thóg Micheal. I scannán amháin a rinne sé i bPáirc Uí Mhaonaigh (nó Mooney’s Field mar a dtugtaí air) feictear Phil agus na baill eile de na Black Eagles ag pleidhcíocht agus ‘ag troid’ lena chéile.

Le himeacht aimsire leath clú Phil ar dtús i Skid Row le Brush Shiels - a mhúin an dord-ghiotár dó - agus níos déanaí fós, le Thin Lizzy. (Bhí an t-ainm sin bunaithe ar charachtar a bhí i ngreannán an Dandy.)

Tar éis bháis Phil bhí dán ómóis agam dó i mo chnuasach ‘Common Ground.’ Tar éis dom cóip a thabhairt dá mháthair Philomena, thug sí cuireadh dom cuairt a thabhairt ar a teach i mBinn Éadair. Thaispeáin sí na céadta ceirníní a ghearr Phil agus thug cóip sínithe dá chuid amhrán dom. Bean lách fhlaithiúil ab ea í a d’fhulaing saol crua nuair a rugadh mac dubh i Sasana di agus í gan a bheith pósta.

Tá scannán nua ar taispeáint anois dar teideal ‘Phil Lynott: Songs For While I’m Away.’ Ní nach ionadh, sa scannán nua seo feictear roinnt de na píosaí scannáin a thóg Micheal O Flanagan fadó. Bhí an dán ómóis seo a leanas i mo chnuasach ‘Súnámaí’ a d’fhoilsigh Coiscéim sa bhliain 2013:

An Fiolar Dubh

(In ómós do Phil Lynott)

Ba thú an fear tosaigh uair, an Fiolar Dubh,

d’fholt catach ina chlogad mosach ort,

do chosa fada spréite, do mhéara

ag greadadh na ndordtéad gan staonadh.

Ba leat na sráideanna beaga, a n-ainmneacha

ag tabhairt chun suntais sean-mhainistreacha

fadó, a mblas ar do bhéarlagar garbh

ar do shiúl toirtéiseach, ar do gheáitsí troda.

B’ard d’eitilt ó cheann ceann na cruinne

agus cheiliúramar uile do réim ríoga

ag coimeád do bhuille torannaigh,

ag canadh leat is ag déanamh ragairne.

Níorbh fhada turnamh na dtréan

agus thit tú i do chaor thine, ag lasadh

spéartha an Iarthair ar bhealach casta

Hendrix, Morrison agus Joplin, id íocón

Seasann tú, id steillbheatha, ar Shráid Harry

ach braithim fós do thaise ar stáitse Halla Uí Mhóráin

mar ar bhailigh cailíní faoi dhraíocht agat

mar ar phléasc tú orainn tráth, sa spotsholas.