An fheamainn: beo i gcaint na ndaoine i gcónaí

Nuair a chaití an fheamainn i dtír le linn rabharta, ba mhithid do mhuintir chois cósta í a thabhairt leo gan mhoill

FOCLÓIR: Bailiú - collecting; feamainn - seaweed; ina rabharta - high tide; ceilp - kelp; cliabh/cléibh - wicker basket/s; cruatan - hardship; barraí - crops; obair na gcapall - hard work;

Deirtí gurbh thíos ar an gcladach ag bailiú feamainne a bhí mo sheanmhuintir agus go leor eile de mhuintir an bhaile Bothúna, i gConamara, an oíche úd i 1923 nuair a thugadar faoi deara go raibh teach mór an Spidéil lasta. Mí Aibreáin a bhí ann agus is cosúil go raibh sé ina rabharta. Nuair a chaití an fheamainn i dtír le linn rabharta, ba mhithid do mhuintir chois cósta í a thabhairt leo gan mhoill.

Tugtar léargas ar thábhacht na ceilpe i gConamara san am a caitheadh sa sárshaothar “An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag”, le hÁine Ní Chonghaile, a foilsíodh anuraidh agus a roghnaíodh ar bharr liosta de scoth leabhair na bliana 2021 ar Tuairisc.ie.

Déantar neart tagairtí don fheamainn i litríocht Chonamara agus Árainn sa 20ú haois. Cé go raibh na “clocha sneachta ar ardiompar ag an ngaoith”, a scríobh an tÁrannach Liam Ó Flaithearta ina ghearrscéal “Teagmháil”, “bhí “muintir na háite ag plé le h-adhairt feamainne i gceann thiar na trá ó mhaidneachan. Anois bhí an gaineamh ghlas brataithe acu le cocaí dearga…” agus bhíodar réidh leis na cléibh chapaill a líonadh ag úsáid pící. An caidreamh idir bean óg agus fear óg príomhábhar an scéil sin, ach tá an cruatan a bhaineann le bailiú feamainne fite fuaite ann freisin.

READ MORE

Sa scéal “An Bóthar go dtí an Ghealchathair”, le scríbhneoir an Spidéil Máirtín Ó Cadhain, déanann an príomhcharachtar Bríd iontas nach bhfuil solas ar bith le feiceáil i dtithe an tsráidbhaile agus í ag cur tús le moch na maidine lena haistear de shiúl na gcos go dtí an margadh. Bhí gaoth aneas ann agus bheadh súil aici go mbeadh muintir na háite ina suí agus iad thíos ar an gcladach leis an gceilp dhearg a thabhairt leo. Agus cá bhfaighfeá a shárú “Feamainn Bhealtaine”, saothar draíochtúil próis file Inis Móir Mháirtín Uí Dhireáin.

Tá an fheamainn bheo i gcaint na ndaoine i gcónaí. Is minic “bíodh an fheamainn aige” le cloisteáil. Agus níl “spite feamainne” - an t-aighneas idir chomharsana a d’eascair ó dhuine acu feamainn a bhaint ar straidhp an duine eile - ligthe i ndearmad ach an oiread! Le gairid, bhunaigh TG4 ceann dá míreanna aitheantais ar an nath cainte úd.

Bíonn cúrsaí feamainne i gConamara sa lá atá inniu ann agus sna blianta siar faoi chaibidil freisin ar Raidió na Gaeltachta ó am go ham. “Dá mbeadh aon fheamainn dearg isteach sna cladaí ag a trí a’chlog san oíche ghabhfá síos ag an gcladach….”, a dúirt Seosamh Mac Donnchadha, as an Rinn ar an gCeathrú Rua, agus é ag labhairt sa mbliain 1973.

Tá sin le cloisteáil ar chlár den scoth “Ag Saothrú na Feamainne” faoi earnáil na feamainne i gConamara atá ar fáil faoi láthair ar sheinnteoir Raidió na Gaeltachta. Ba í Treasa Bhreathnach a léirigh agus a chuir an clár i láthair.

Ar na daoine eile a roinn a gcuid saineolais ar an gclár, bhí John Bhaba Jeaic Ó Conghaile ó Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin. “Bhí an fheamainn

an-tábhachtach nuair a bhí mise ag éirí aníos,” a dúirt sé. Bhíodh sí in úsáid mar leasú le haghaidh fataí, barraí agus glasraí éagsúla. Ach, a dúirt sé, “bhí obair na gcapall ag plé leis an bhfeamainn fhliuch”.

Is cuimhin le John Bhaba Jeaic nuair a bhíodh ceilp á cheannach ag monarchana ar an gCeathrú Rua, i Ros Muc, ar an Teach Dóite agus i gCloch na Rón le “leasú tirim” a dhéanamh as. Agus bhíodh go leor ag díol ceilpe le monarcha mhór i gCill Rois i gCo an Chláir.

Anuraidh, chraol Raidió na Gaeltachta agallamh fíorspéisiúil a rinne Eibhlín de Bhailís le Kit Uí Fhlaithearta, a d’imigh ar shlí na fírinne in 2021, agus arbh léi teach ósta iomráiteach i gCasla tráth den saol. San agallamh sin, dúirt Kit gurbh cuimhin léi muintir na nOileán ag brostú abhaile ón bportach um thráthnóna le go líonadh siad a gcuid leoraithe le hualaí feamainne le tabhairt leo go Cill Rois an mhaidin dar gcionn.

Ach ní faoin bhfeamainn san am a caitheadh amháin atá an clár a rinne Treasa Bhreathnach. Sa lá atá inniu ann, a thug sí le fios, tá níos lú ná 1,000 bainteoirí feamainne sa tír agus iad ag baint idir 30,000 agus 40,000 tonna, ar fiú thart ar €18 milliún í, in aghaidh na bliana.

Ar an gclár labhair duine de na bainteoirí sin, fear óg as an Ros, Leitir Calaidh - Murchadh Ó Cuanaigh - atá ag baint fheamainne le sé nó seacht de bhlianta anuas. Roimhe sin, ba ag saothrú mar saor cloiche a bhíodh sé.

Bíonn Murchadh i mbun a chuid oibre i Leitir Calaidh agus ar Inis Bearacháin, an áit arbh as a athair. Scian a bhíodh in úsáid aige, ach nuair a fuair sé amach go raibh sin ag gearradh na feamainne ró-lom d’athraigh sé go corrán.

Saol sláintiúil atá ann agus taitníonn sé leis, ach uaireanta, sa gheimhreadh ach go háirithe agus an aimsir go dona, “ní jab deas é”, a dúirt sé. Bíonn tú leat féin agus d’fhéadfadh aon rud tarlú.

Ach tá athrú in ndán don earnáil, a cheapann Murchadh Ó Cuanaigh, agus deir sé gur cheart tacú leis na bainteoirí atá ann faoi láthair in ionad í a thabhairt ar láimh do chomhlacht mór amháin. Ba mhaith leis feamainn inite a fhás amach anseo dá mbeadh an deis aige agus an tacaíocht cheart ar fáil.

Níl sé i bhfad thar farraige ón áit ina mbíonn Murchadh ag saothrú go hIonad na Feamainne i Leitir Mealláin, a hosclaíodh i mí Iúil anuraidh. Fear áitiúil, Pádraig Mac Diarmada, atá ina bhainisteoir ar an ionad.

D’éirigh thar cionn leis na folcadáin fheamainne atá mar chuid den fhorbairt, a dúirt sé. Tá ionad áilleachta san ionad agus osclaíodh caifé ann le gairid. Táthar ag súil freisin taispeántas den chaoi ina déantar gallúnach a oscailt ansin sar i bhfad.

Is maith le Pádraig an fheamainn do na folcadáin a bhaint úr chuile lá ar an gCnapach, oileán beag amach ó Leitir Mealláin. An mioránach (Fucus serratus) agus an fheamainn bhoilgíneach (Fucus vesiculosis) a úsáidtear sna folcadáin mar gheall ar na holaí atá iontu.

Tá Pádraig dóchasach go meallfaidh na folcadáin agus an t-ionad, agus “forbairtí beaga, nádúrtha” mar iad, níos mó turasóirí do Cheantar na nOileán agus go gcruthófar postanna do mhuintir na háite dá mbarr.

Tuairiscíodh ar an gclár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltacha roinnt uaireanta le gairid go bhfuil deacrachtaí ag an gcomhlacht Arramara Teo, i gCill Chiaráin, soláthar leanúnach d’fheamainn a fháil. Chuige sin, bhí an comhlacht le híocaíocht bhreise de €1,000 a dhéanamh le bainteoirí a chuireadh os cionn 100 tonna feamainne ar fáil dóibh. Ó thús na bliana, d’ardaigh an praghas atá an comhlacht ag tairiscint ar fheamainn ó €60 an tonna go €85 an tonna (nó dhá oiread an méid a d’íocadar in 2014) agus iad ag iarraidh níos mó bainteoirí a mhealladh.

Is cinnte go gcloisfear tuilleadh faoin earnáil tábhachtach seo sna míonna amach romhainn.