An fheadóg séidte

Dúluachair an gheimhridh ag bagairt le faobhar thar dhroim an lae


Tá deireadh tagtha le séasúr iomána is peile an Chumainn Lúithchleas Gael don bhliain seo. Na príomhchomórtais pé in Éirinn iad.

Na himreoirí agus an lucht féachana ag cúbadh chucu féin ar ais ina gcontaetha agus ina gclubanna féin. An fhairsinge náisiúnta curtha i leataoibh ar feadh tamaill agus an toise logánta ag teacht chun tosaigh.

Dúluachair an gheimhridh ag bagairt le faobhar thar dhroim an lae, agus anois teacht na Nollag tá an oíche ag dul chun síneadh. An doircheacht ag déanamh gabh-i-leith orainn agus ní fada uainn jingilbells ó shiopa geal éigin.

Fágann easpa na gcluichí poll i rithim na bliana, agus níl fágtha go ceann tamaill ach an coiste cróinéara ar ar tharla, agus ar nár tharla.

READ MORE

Cúis ghairdeachais mhóir gur bhuaigh oirthear na Gaillimhe a chéad chluiche craoibhe le ceart.

Is é sin le rá, bhain siad níos mó ná dhá chluiche, an méid ba dhual dóibh roimhe seo, an méid céanna ba ghá chun craobhchluiche iomána na Mumhan a shroichint de ghnáth, gan trácht ar í a bhreith leat.

Tá seans anois ann go dtabharfaidh siad gearradh éigin isteach sa chomórtas grinn áiféiseach ba ea Craobh Laighean ann.

Nach maith mar atá concas déanta ag Laighin ar áiteanna chomh fada siar ó dheas le Ciarraí, chomh fada ó thuaidh le hAontroim, agus chomh marúnaithe le Gaillimh thoir? Ní hann don leagan amach traidisiúnta níos mó, nó tá ath-tharraingt déanta ar léarscáileanna nach eol domsa.

Sin é is cúis le searbhphusanna a shíleann go bhfuil Baile Átha Cliath rócheannasach agus róchumhachtach sa pheil. Nach ait nár dúradh sin nuair a bhí na Ciarghlasbhuíocháin ag smísteadh leo sna 70í agus sna 80í? Maítear gur cheart an phríomhchathair agus an cúpla gort ina timpeall a roinnt ina coda beaga ionas nach mbeadh forlámhas acu ar chách go deo.

Ach, féach nach le haon chúilín amháin a ghnóthaigh Baile Átha Cliath trí huaire as ceithre cinn ar ais? Bua de scrimh na hiongan, déarfá. Bua slis na gealaí. Bua sciúrtóg sciathán na síóige aeraí áille ámharaí. Níl cuma impireacht an domhain air sin.

Más é atá i gceist ag daoine go bhfuil leagan amach na gcomórtas trí chéile amscaí agus barrathrom agus ag fiaradh i leataoibh na slí ar son dreama amháin nó eile, tá iomlán an chirt acu. Táim breá sásta m’fheirm agus mo bhanc a chuir i ngeall nach mbuafaidh Ceatharlach ná Liatroim ná Fear Manach ná Cill Mhantáin ná na Déise craobh na hÉireann sa pheil choíche.

Chuirfinn mo theach is mo thuirnín lín ar go leor eile, ach ní luafad iad ar eagla na míorúilte móire méaldrámata mearbhlaí.

Ach bhí mar sin riamh. Níor athraigh puinn. Dá dteastódh athchóiriú iomlán dob fhéidir tosnú le contaetha áirithe a shacadh le chéile, ar bhonn, abraimis, na seanríochtaí, na seanranna, na seantuatha a bhí réimiúil tráth den saol. Cuir i gcás go raibh Oirialla againn in ionad Ard Mhacha, Lú agus Muineachán, nó Bréifne againn mar mhalairt ar an gCabhán, Liatroim agus Sligeach, nó Tuamhain in áit Luimneach agus an Clár agus an chuid is mó de Thiobraid Árann agus dícheannadh a dhéanamh ar thuaisceart Chiarraí?

Nár mhór an spraoi é, agus nár chomhthroime de chomórtas a bheadh againn?

Má tá traidisiún uait, scaoiltear amach é! Bíonn samhluithe agam, faraoir, agus ansin téim a chodladh arís.

Mar athrach air sin, beimid taobh le foirinn na Poblachta ag stracadh le bunchnoic Chorn an Domhain.

Beidh leamh, pianmhar, tuirsiúil, urlacanchothaitheach. Gan trácht ar fhoirinn Norniron atá chomh spadspágach céanna, ach ar a laghad tá seans acu dul go Moscó.

Is ea, beidh an geimhreadh fada agus folamh.