An fearann á mheas

Tá na vótóirí ar lorg polaitíochta ionraice


Nuair a tharlaíonn cumhscú nó crith talún i gcúrsaí polaitíochta mar a tharla an tseachtain cheana, iarrtar foighne ar lucht cabaireachta agus tráchtairí d’fhonn é a mheas. Sin foighne nach bhfuil acu, agus ní mór léim an aon bhruaich a thabhairt ar nós cáich.

Is í an aimsir láithreach is deacra i gcónaí a mheá, agus tá i bhfad róluath amas a thabhairt ar cé acu a bhfuil na “teutonic plates” (mar a thug Ivan Yates orthu) tar éis gluaiseachta nó nach bhfuil.

Formhór an bhladair baineann le Páirtí an Allais, nó an Lucht Oibre mar is fearr b’aithne orthu fad a mhair.

Is léir nach allas na ngnáthdhaoine atá ag cur orthu faoi láthair ach a gcuid allais féin; an t-allas sin a fhágann tú ar an suíochán nuair is ann duit rófhada, agus an dealramh nach mbeidh tú ina shuí arís uirthi go brách.

READ MORE

Mo thuairim féin, nach gá don Lucht Oibre aon róbhuairt a bheith orthu. Beidh siad i gcónaí ann mar a bhí go nuige seo – balún ar féidir aer a shéideadh isteach ann nuair a oireann is ea iad, agus a ligean amach nuair a éiríonn róramhar.

Prumpa de chuid na meánaicme ba ea iad riamh anall ar vótáil daoine dóibh a bhí róbhéasach vótáil ar son pháirtithe Chogadh na gCarad. Iad siúd nach salódh a lámha le hoidhreacht Dev nó le mianaigh Bhaile Ó Síoda d’oir dóibh suí ar an laftán morálta lastuas agus ligean orthu go raibh siad ar son na ndaoine a thuill pinginí le hallas a ngrua.

Cuirfear snas ar an reitric, fillfidh na saontacháin orthu tar éis tamaill, agus déanfar leathpháirtí arís díobh go gcrapfaidh athuair.

Ar an gcuma chéanna, níor cheart don aos measúil aon ró-eagla a bheith orthu roimh Shinn Féin.

Tar éis an tsaoil ghin Sinn Féin Cumann na nGaedheal a ghin Fine Gael; agus ghin siad Fianna Fáil a ghin na Pídíos; agus ghin siad na Sticíos a ghin The Workers Party, a ghin New Agenda, a ghin Democratic Left Over a phós an Lucht Oibre, a fhágann gur saghas seanmháthar na bpáirtithe go léir iad.

Ba chruinne a rá gurb iad Sinn Féin anois Fianna Fáil na 1920í déanacha agus na 1930í luatha. Tá siad tagtha isteach ón ngunna ach tá an chuimhne fós beo ina measc agus ag dul i ndíchuimhne i measc an phobail.

De réir mar a dhruid Fianna Fáil i dtreo Fhine Gael – i ngach aon pholasaí eacnamaíochta, sóisialta, cultúrtha, gnóthaí eachtracha, siombalach (liosta ar chúl stampa de na nithe FGúla nár lean FF, le bhur dtoil) – tá Sinn Féin ag druidiúint i dtreo Fhianna Fáil.

Beidh boladh beag radacach ann go ceann tamaill gan amhras, ach tiocfaidh an cúrán amach gan mhoill, agus na leithscéalta a mbeidh taighde eolaíochtúil fúthu, agus glóthach a bheidh ábhar níos blasta go dtí go n-éiríonn searbh.

Ní hé an páirtí go minic, ná na polasaithe finscéaltacha a chuirtear ar chlár an fhadhb, áfach. Is é an cineál ainmhí duine a ghabhann le polaitíocht an bhunlaige. Nílim á mhaíomh nach bhfuil idéalaithe ar a bhfuaid, agus sa chomhaireamh dom tá méireanta mo dhara láimhe beagnach sroichte agam.

Ach tiomáint phearsanta éigin chun cumhachta agus chun aitheantais an bunspreagadh.

Saolaítear polaiteoirí mar a shaolaítear ceoltóirí agus peileadóirí. D’aithneofaí sa chliabhán iad dá mbeadh na comharthaí níos soiléire.

Ar an leibhéal is airde, is dobhriste an nasc idir cumhacht pholaitiúil agus aicme olagarcach na rómhaoine.

Ceann de chúiseanna go raibh déistin ar sciar maith de phobal an Aontais Eorpaigh agus go raibh caitheamh na nguthanna chomh lag sin ar fud na leithinse ná an bhearna a bhraitheann siad eatarthu siúd sna caisleáin thuas agus iad féin sna botháin thíos.

Diúltaítear do thorthaí reifrinn nuair nach réitíonn siad le tuairimí na dtiarnaí (nár tharla seo anseo, uair nó dhó, agus san Fhrainc, san Ollainn, sa..?); maorlathaigh neamhthofa i gceannas ar bhuiséid phairlimintí ar coilleadh an chumhacht astu; gadaíocht rialta ón sparán poiblí, nó mí-úsáid á baint ag polaiteoirí agus ag iarpholaiteoirí as a n-ionad chun iad féin a shaibhriú.

Gerhard Schroder agus a chuid déileála le Gazprom na Rúise a dhein lofa saibhir é; Jérome Cahuzac, aire buiséid na Fraince, ar éirigh leis suas le €17 milliún a bhogadh i leataoibh chun na hEilbhéise; tá curtha i leith Sarkozy gur thuirling na milliúin seicilí chuige ó Ghaddafi chun a fheachtas toghchánaíochta a rith; Akis Tsochatzopolos, aire baile na Gréige, sa phríosún ó anuraidh de dheasca cúblála maoine...

Is é atá á rá ag na pobail soir siar – taispeáin dúinn an polaiteoir nach bhfuil a chrág sa scipéad agus vótáilfimid dó.