An crosbhóthar plódaithe

Tá Leo Varadkar ag an chrosbhóthar – agus taibhse Dev ina chuideachta


Tá an crosbhóthar ag éirí plódaithe anois. Dúirt de Valera gur cheart dúinn a bheith ag rince ag an gcrosbhóthar, agus Terence O’Neill tráth go raibh Tuaiseart Éireann ag an gcrosbhóthar chomh maith, bíodh nár ghá gurb é an crosbhóthar céanna é.

Deir Leo ábhar-taoisigh Varadkar go bhfuilimid ag crosbhóthar eile fós, fág nach soiléir an iad na bóithre aniar aneas, nó anoir aduaidh, nó anuaidh anuas atá i gceist aige.

Bhí teist na cainte soiléire ar Leo riamh. Is é sin, dhealraigh go raibh freagraí á ndáileadh aige ar cheisteanna a chasfadh duine eile uaidh. Chuir sé snas na macántachta agus feisteas na fírinne ar an ngnáthchabaireacht sheachantach a chleachtaítear sa cheird.

Is chuige sin an díomá nuair a nocht sé a mhórphleananna an tseachtain seo caite ina raibh na clichéanna ag titim ina bhfrasa go trom. Is cinnte go raibh sé ag dul ar aghaidh – bíodh faoi bhun inneall ama a bheith agat, is deacair a shamhlú conas is féidir dul ar gcúl.

READ MORE

Ach as measc na nathanna a ceannaíodh sa siopa ina bhfaightear frásaí ar luach thar a bheith íseal, bhí, is ea – fan leis – bhíomar ‘ag an gcrosbhóthar.’

Ráinig Robert Frost gabhal sa choill tráth dá raibh – “Two paths diverged in a wood – and I/ I took the one less traveled by,/and that has made all the difference.”

Ní léir gurb é an cosán ‘less traveled by’ atá i gceist ag Leo Varadkar a shiúl, mar is dócha nach dtoghfaí é ná a chamthaí dá mba gur chuaigh siad ar seachrán ón mbóthar mór.

Comhairle níos fearr fós a bhí ag Yogi Berra, an t-imreoir daorchluiche ab fhearr riamh: “When you arrive at a fork in the road, take it!” a mhol sé. Dá réir sin, is dócha gur chóir Fine Gabhal a thabhairt ar pháirtí Leo.

Is í an deacracht, ná go bhfuil crosbhóithre ann an t-am ar fad, agus ní haon mhaith an satnav chun an treo a thaispeáint dúinn.

Sinn féin, mo leithscéal, muid féin, mo leithscéal, muinn féin a dhéanann sin.

Fairis sin, cad a tharlódh dá mbeadh orainn dul thar dhroichead anonn nuair a shroicfimis an crosbhóthar? Nó dá mbeadh an crosbhóthar ar imeall na faille. Nó dá mbeadh gach bóthar ag dul chun na Róimhe? Nó gurb é an bóthar go Damascus a bhí ann? Nó dá gcaithfí an seó a chur ar an mbóthar? Nó dá n-éireodh cnap ar an mbóthar, nó nár éirigh an bóthar leat, nó gurb é an bóthar deireadh na líne?

Nó, cuir i gcás gur gabhal spaigití a bheadh ann, bóithre ag síneadh seacht slí do gach leith? Nó mar atá timpeall ar an Arc de Triomphe, nó an A9 in Shanghai, nó a bhfuil de thranglam timpeall ar na gabhail atá san áit a mbíodh Droichead na Smugaí i gCorcaigh?

Tá le tuiscint ar ráite béil Leo go bhfuil an rogha soiléir, agus b’fhéidir gan ach an t-aon cheann amháin ann dáiríre.

Laistiar de na clichéanna, áfach, tá cleití scaipthe sa ghaoith cheana aige. Cosc ar chead a bheith ag seirbhísí riachtanacha dul ar stailc; ceart go leor, déarfá, ach tá’s agat cá bhfuil sin ag dul. Agus dul dian ar lucht cúblála airgead leasa shóisialaigh; go breá arís, ach is eol don saol gur siombail is ea é sin a chuirfeadh gliondar croí ar gach tóraí, léine ghorm, le pen luaidhe, geek wilders agus súmaire saibhir.

Is ea, táimid ag gluaiseacht linn ceart go leor. Sinn ag máirseáil caol díreach ar aghaidh, moilliú meandair, féachaint thart, agus ansin casadh obann ar dheis ag an gcrosbhóthar.