Tá aithne ag an saol mór ar dhán álainn Yeats, The Stolen Child. Sa dán seo déanann na sióga iarracht páiste a mhealladh óna bhaile tíriúil chun imeacht leo go dtí "the waters and the wild", neamhshaol gar don dúlra, mar is féidir leo magadh faoin saol daonna: "for the world's more full of weeping than you can understand."
Géilleann an páiste sa véarsa deireanach agus imíonn leis na sióga ach taibhsítear go bhfuil dul amú de shórt air mar tugann Yeats tuairisc chruinn dúinn ar thíriúlacht agus ar neamhbhaol an tí agus na feirme, atá tréigthe ag an bpáiste.
Ar bhonn meafarach seans go dtugann an dán le fios go bhfuil cinneadh déanta ag an bhfile dul go neamhbhalbh le saol na samhlaíochta agus na filíochta.
Is cuimhin liom go maith dán ar an gcuma chéanna, a léigh m’athair, nach maireann, dom agus mé i mo bhuachaill óg.
Ba é seo Der Erlkönig le Johann Wolfgang Goethe. Bhí go leor teangacha ag m'athair, Fraincis agus Gearmáinis na príomhchinn.
D’aistrigh sé an dán dom fad a shuíomar cois tine agus chuir an téacs uafás orm: sa scéal seo tá fear ag marcaíocht leis faoi dheifir lena mhac tinn chun cabhair a fháil dó.
Fad a bhrostaíonn siad leo de shiúl oíche, tugann neach osnádúrtha, a nglaotar Der Erlkönig, nó Rí na Sióg air, fogha faoin mbuachaill agus déanann iarracht é a bhreith leis.
Ní féidir leis an athair Rí na Sióg a fheiceáil agus, nuair a thugann an buachaill tuairisc ar a bhfuil ag tarlú dó, ceapann an fear nach bhfuil ann ach bréid cheo, siosarnach na nduilleog nó crithlonrú na gcrann sailí.
Creideann an t-athair a mhac faoi dheireadh, ach, faoin am seo, screadann an buachaill nuair a thugann an neach ionsaí faoi agus críochnaíonn an dán leis an líne scanrúil seo a leanas “In seinen Armen das Kind war tot.” (Luigh an páiste gan anam ina bhaclainn.)
De réir seanchais, chum Goethe an dán sa bhliain 1782 tar éis dó cuairt a thabhairt ar theach carad leis nuair a chonaic sé cruth dorcha ar mhuin capaill ag brostú thar gheata an tí agus rud éigin ina bhaclainn aige.
Fuarathas amach, níos déanaí, gur feirmeoir a bhí ann ag breith a pháiste thinn chun an dochtúra.
Elverkonge
Is é an t-aistriúchán baileach cruinn atá ar Erlkönig ná Rí na Fearnóige – a mí-aistríodh ón nDanmhairgis,
elverkonge
– sióg mhealltach mharfach i mbéaloideas na hEorpa.
Thug Johann Gottfried von Herder an carachtar seo isteach i litríocht na Gearmáine i bhfoirm bhailéid a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1778.
I leagan Goethe is é Rí na Sióg féin atá mar namhaid in ionad a iníonacha mealltacha a fheiceann an páiste tinn, ar feadh tamaillín, sa dán freisin.
Ar nós dáin Yeats, ábhar machnaimh don léitheoir is ea an páiste tinn: más ag fáil bháis atá sé, an bhfuil cinniúint níos fearr i ndán dó mar a mbeidh iníonacha Rí na Sióg timpeall air agus iad á chur a chodladh le suantraithe? Ach, ina ainneoin sin, tá an scéal coscrach go leor mar go bhfaigheann an páiste sceonta bás i mbaclainn a athar.
Nuair nach raibh Franz Schubert ach 18 bliain d'aois, chuir sé ceol leis an dán sa bhliain 1815. Sa dréacht ceoil seo, don ghuth agus don phianó, aimsítear líonrith an pháiste, guth cneasta a athar á chur chun suaimhnis agus glór mealltach Rí na Sióg go dtí go mbriseann ar an bhfoighne aige. Cuireann na cordaí staccato in iúl luas an chapaill ar cosa in airde agus ciúnas deireanach an dréachta ceoil, cinniúint ghruama an pháiste thinn.
Le teacht na nuatheicneolaíochta agus You Tube ach go háirithe, is féidir cliceáil ar Der Erlkönig agus éagsúlacht phíosaí scannáin a fheiceáil, ó chartúin den eachtra scanrúil go dtí aisteoirí ag glacadh pháirt an athar agus an pháiste fad a chloistear ceol Schubert mar chúlra.
Más maith is mithid agus is fearr liomsa éisteacht leis an gceol amháin gan beann agam ar an teicneolaíocht nua-aimseartha mar go dtugann sé deis níos fearr dom ligean don cheol dul i bhfeidhm orm.
Mar sin, nuair a éistim le sárshaothar Schubert anois, is cuimhin liom fós an tine dhearg agus m’athair ag aistriú na línte.
Bhí athair agus mac gar dá chéile anseo freisin, bíodh is nach raibh bagairt ar bith i gceist.
Feicim fós na roic in éadan m’athar fad a dhírigh sé ar an téacs agus mothaím arís an imní agus an míshuaimhneas a mhothaigh mé mar pháiste nuair a rug Rí na Sióg an buachaill leis chuig “the waters and the wild”, nó, de réir Seamus Heaney, “out of the marvellous as he had known it”.