Ag bualadh Bob ort

D’éist Dylan le ceol a abhann féin


Is dócha nach mbeidh mórán brí leis an ainm Robert Zimmerman muran duine dá lucht leanúna tú. Is cumhachtaí go minic an t-ainm cleite, nó an t-ainm stáitse féin, ná an bunainm a dheonaigh tuismitheoirí a thabhairt ort. Ceart go leor, b’fhéidir go raibh a fhios agat gur Ioseph Vissarionavich Dzshugashvili a bhí ar an bhfear a bhfuil Stailín againn anois air, agus Edson Arantes do Nascamento ar an tríú himreoir sacar ab fhearr riamh, a aithnítear mar Phelé.

Ach más eol duit gurbh é Bruce Wayne ‘Batman’ sna coimicí, b’fhéidir go raibh óige truamhéalach go leor agat.

Anois go bhfuil Zimmerman féin 75 de bhlianta d’aois, rithfeadh leat gur zimmerfráma a bheadh ag bagairt air. Ach is fada uaidh é. Cé go bhfuil a ghuth ag dul i ngairbhe mar ghairbhéal a d’fháiscfí trí fhiacla fhathaigh, agus gur chuir tráchtaire amháin i gcomparáid le “glothar an bháis” é, níorbh é an binneas riamh a bhua.

Bíonn a thrúbadóir féin ag gach glúin dá dtig, agus táid fós ann a cheapann go raibh fiúntas éigin ag baint le Bing Crosby. Má tá meas agat ar Black Sabbath buaileann sé dáta ort láithreach; agus má bhaineann tú Guns N Roses anuas den tseilf anois is arís b’fhéidir nár éist tú le mórán ó shin.

READ MORE

Agus ansin is ann dóibh a mbíonn aon amhrán amháin acu, agus síothlaíonn siad ar ais don pholl folaigh as a dtáinig – cad a tharla do Dexys Midnight Runners tar éis Come On Eileen, agus cár imigh Peter Starstedt ina chodladh nó ina dhúiseacht i ndiaidh Where Do You Go To (My Lovely)?

Tá an dream eile ann, áfach, an beagán díobh a thosnaigh ar fheabhas is a shroich na harda go moch, agus a d’fhan ann in ainneoin na n-ainneoin. Orthu sin, is é Zimmerman, nó Bob Dylan mar a dhein sé de féin, an cíoná ar fad. Níorbh aon choinneal sa ghaoith é.

Dhein sé an bheart nach n-éiríonn ach le dornán ealaíontóirí: lean sé air ag athrú, ag claochlú, ag scoitheadh seithí de, ag cur éadaí eile uime, ag taighdeadh faoina anam, ag tóch go domhain ina intinn, ag tógáil caisleáin óir agus práis agus stáin agus gainimh agus den mhiotal sin nach gcaitear.

Bhí Picasso mar sin, agus Máirtín Ó Cadhain, agus Yeats. Ní miste an file mór a lua ina chuibhreann, óir file is ea Bob Dylan – agus bard, agus fochlac agus clí agus ánruth – mar a bhí ar chuid de ghrádanna an fhile abhus fadó.

Tá beagnach 1,000 leathanach sa leabhar a cnuasaíodh dá chuid liricí cúpla bliain ó shin; ba scorn leis an penny wafer agus an t-amhráinín anoireicseach síodraimín só.

Tá amhráin aige a mhaireann 10 nóiméad is tuilleadh agus tá an véarsa deiridh gach pioc chomh beoga leis an gcéad rann.

Ceann de na hamhráin sin baineann sé le dul faoi an Titanic agus cé nár chuaigh sé síos go maith le cách is beag oighir atá air maidir le dánaíocht.

Nach bhfuil Desolation Row ar cheann de na píosaí filíochta osréalaíocha is fearr dar cumadh le leathchéad éigin bliain anuas?

Is geall le turas taibhrimh é trí sciar maith mór den 20ú haois ina gcasaimid leis an mbaincéir TS Eliot, leis an bhfaisisteach Ezra Pound, leis an bhfidléir Nero, leis an Dr Filth nach bhfuil aon ghaol aige leis an Dr Áthas, agus le Noah na hÁirce féin.

Is é ceol an bhailéid atá leis, nach bhfuil ann ach stíl amháin de na stíleanna iomadúla a chleachtaigh sé go dtí gur shocraigh sé treo eile a ghabháil.

Ar an gcuma sin, leis, léirigh sé a chumas agus a neamhspleáchas meoin. Níor thaitin sé lena dhílseoirí nuair a ghlac sé an gléasra leictreonach chuige féin – agus ba mhinic iad ag faíreach faoi ag a chuid coirmeacha ceoil.

Ba mhóide an mearbhall nuair a chuaigh sé leis an mbunúsaíochas Críostúil, cé go bhfuil Gotta Serve Somebody ar ráiteas chomh gonta faoi sclábhaíocht intinne an duine is a gheobhaidh tú.

Go deimhin féin, chuir sé albam Nollag amach nach mbeadh ar an gcéad bhronntanas a loirgeofaí.

D’éist sé le ceol a abhann féin agus fuair gach breac.

Is minic a chualamar amhránaithe sean nóis ag maíomh nach gceolfadh siad ach an t-earra as a gceantar féin – ‘Níl sé sin againne anso.’

Níor mhar sin do chách, gan amhras, agus bhí amhránaí nótálta ar nós Bess Cronin sásta gach ar tháinig ina líon a chlasú chuici féin.

Chuaigh srutháin cheolta na linne trí Bhob Dylan, agus tá sé fós ag snámh iontu.

Beidh a chéad rogha féin ag gach duine dá gcuirfí cnámh na huillinne mar ghunna lena chloigeann. Sa mhéid is gur fiú tada é is é Blind Willie McTell mo cheannsa.

Baintear casadh as!

Lá breithe (déanach) shona dó.